George Best

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGeorge Best

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Bealtaine 1946
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Samhain 2005
59 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Cliseadh duán)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síGrosvenor Grammar School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meáchan65 kg
Airde175 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir sacair, tráchtaire spóirt Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre14 Meán Fómhair 1963 –  11 Feabhra 1984
TeangachaBéarla
Tír spóirtTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith spóirtEnglish Football League (en) Aistrigh agus North American Soccer League (en) Aistrigh
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtWing half (en) Aistrigh
Uimhir spóirt11
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
1963–1974 Manchester United Football Club 361(137)
1974–1974iasacht Jewish Guild (en) Aistrigh 5(1)
1974–1974iasacht Dunstable Town F.C. (en) Aistrigh 0(0)
1975–1975iasacht Stockport County F.C. (en) Aistrigh 3(2)
1975–1976 Cork Celtic F.C. (en) Aistrigh 3(0)
1976–1976 Los Angeles Aztecs (en) Aistrigh 23(15)
1976–1977 Fulham Football Club 42(8)
1977–1978 Los Angeles Aztecs (en) Aistrigh 32(12)
1978–1979 Fort Lauderdale Strikers (en) Aistrigh 28(6)
1979–1979 Fort Lauderdale Strikers (en) Aistrigh 33(7)
1979–1980 San Jose Earthquakes (en) Aistrigh 86(34)
1979–1980 Hibernian Football Club 17(3)
1980–1981 San Jose Earthquakes (en) Aistrigh 56(21)
1982–1982 Sea Bee (en) Aistrigh 2(0)
1982–1982 Hong Kong Rangers FC (en) Aistrigh 1(0)
1983–1983 Nuneaton Borough F.C. (en) Aistrigh 3(1)
1983–1983 Queensland Lions FC (en) Aistrigh 4(0)
1983–1983 AFC Bournemouth (en) Aistrigh 5(0)
1984–1984 Tobermore United F.C. (en) Aistrigh 4(6) Cuir in eagar ar Wikidata
  Foireann spóirt náisiúnta enllaç= enllaç=
1964–1977   Northern Ireland national association football team (en) Aistrigh 37(9) Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileAngie Best (1978–)
Alex Best (1995–2004) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCalum Best
 ( Angie Best) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Veu de George Best (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0078928 Allocine: 528479 Allmovie: p394389
Musicbrainz: 54adc4d3-4e8d-4e7a-b35d-454231625113 Discogs: 2197243 FIFA: 46539 UEFA: 9653 Find a Grave: 12542518 Cuir in eagar ar Wikidata

Peileadóir sacair as Béal Feirste i dTuaisceart Éireann ab ea George Best (22 Bealtaine, 1946 - 25 Samhain, 2005). D'imir sé le foireann sacair náisiúnta Thuaisceart Éireann agus le Manchester United F.C..

Meastar go coiteann go raibh sé ar dhuine de na himreoirí sacair ab fhearr riamh, " imreoir a áirítear i measc an bheagáin sin a bhfuil fíorstádas i measc imreoirí sacair an domhain acu.".[1] Dúirt Pelé i 1966, ‘George Best is the greatest footballer in the world’. B’fhíor dó – ar feadh bliana, nó dhó.

1982

Peil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh Beat Corn na hEorpa le Manchester United i 1968.

Tar éis dó ‘éirí as’ an imirt, in aois a 25, sa bhliain 1971, ag preas-agallamh i Marbella, dúirt sé, ‘I’m a bloody wreck. All I’ve done for the past year is drink. I can’t play to a high standard any more.’

Ach tháinig Best ar ais. Arís is arís eile – club i ndiaidh club, leithscéal i ndiaidh leithscéil, go dtí nach raibh ann sa deireadh, agus é meata go mór agus imithe ar fad ar an uisce bruite, ach an scáil, lagmhacalla tragóideach na sean-áilleachta.

I 1978, i Meiriceá, agus bánta na maitheasa i bhfad san aimsir chaite leis, d’aimsigh an t-asarlaí cúl álainn eile (anseo)[2]. Ach fuair an t-ól greim air sna Stáit Aontaithe chomh maith.

Fóirne mar imreoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1963–1974 - Manchester United
  • 1974 - Dunstable (ar iasacht)
  • 1975 - Stockport County
  • 1975–1976 - Cork Celtic
  • 1976 - Los Angeles Aztecs
  • 1976–1977 - Fulham F.C.
  • 1977–1978 - Los Angeles Aztecs
  • 1978–1979 - Fort Lauderdale Strikers
  • 1979–1980 - Hibernian F.C.
  • 1980–1981 - San Jose Earthquakes
  • 1983 - Bournemouth
  • 1983 - Brisbane Lions
  • 1984 - Tobermore United

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

MUFC - Best i lár

Ba laoch é Best do na milliúin ar fud na Breataine agus na hÉireann agus níos faide i gcéin.[3] Ach, toisc go raibh sé óg, sna fichidí, agus é ag baint súip as an saol ar nós réalta rac-cheoil, níor cothaíodh riamh íomhá an laoich gan smál. Mar sin féin, chuir a iompar díomá ar a lán. Bhí Best tugtha do na mná agus don ól.[4]

Ba é Best an chéad rac-réalta sacair. An chéad imreoir a bhí ina entrepreneur. D’oscail sé clubanna oíche agus búitící faisin ina ainm féin. Bhí raon speisialta cumhráin amuigh aige, ‘Grooming aids for men – ‘Fore’ brings out the Best in a man.’[5]

Má bhí Best beannaithe idir mhná, na mílte díobh, is cosúil, bhí triúr ban eisceachtúil a sheas leis in am an ghátair. A chéad shearc i Londain, an mainicín Jackie Glass, Angie MacDonald-Janes, an chéad bhean chéile aige, agus aingeal coimhdeachta bhlianta dorcha na nóchaidí, Alex, an compánach a d’fhan leis chomh fada le béal na huaighe.[6] B'shin í Jackie Glass an t-aon bhean riamh a thug bata agus bóthar do George Best, ar bhonn minicíocht a chuid imeartha as baile.[5]

Streachailt leis an alcólachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

múrphictiúr, Béal Feirste

D'ainneoin a cheird iontach, bhí fadhbanna aige i gcónaí le halcól, agus d'éirigh sé as an spórt nuair a bhí sé fós óg.

Ní raibh Best ábalta a andúil a smachtú, agus tugadh ae marbháin dó dhá uair mar go raibh teipthe ar a ae. “Ní bheidh deireadh leis an streachailt go dtí go bhfaighidh mé bás,” a dúirt sé agus an chuma air gur ag géilleadh go suaimhneach dá chinniúint a bhí sé.[7] Lean sé den ól. Fuair sé bás i 2005 de bharr teipeadh ae.[8]

Fuair Diego Maradona bás ar an lá céanna (taom croí) ná George Best, 25 Samhain agus 16 bliain níos déanaí agus 60 bliain d'aois aige.[9]

Eolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seoladh George Best – All On My Own ag Féile Scannán Bhéal Feirste ar 16 Feabhra 2017. Féach anseo.[10]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

múrphictiúr, Béal Feirste
  1. Colm Mac Séalaigh. "Johnny Giles" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-11-25.
  2. Youtube (1981). "George Best: Greatest NASL Goal Ever; George Best of the San Jose Earthquakes scored this fantastic goal against the Ft. Lauderdale Strikers on July 22, 1981 at Spartan Stadium". Dáta rochtana: 2020.
  3. Colm Mac Séalaigh (Iúil 2011). "Laochra Spóirt" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-11-26.
  4. Frances Mulraney (2014-04-23). "Laochra Caithréimeacha an Spóirt" (ga). Trinity News. Dáta rochtana: 2020-11-26.
  5. 5.0 5.1 Pat Butler (2017). "‘Maradona Good, Pelé Better, George Best’ – labhraíonn scannán nua faoin draoi sacair go líofa linn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-25.
  6. "‘Maradona Good, Pelé Better, George Best’ – labhraíonn scannán nua faoin draoi sacair go líofa linn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-25.
  7. Robert McMillen. "Am an-chontúirteach romhainn" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-11-25.
  8. "Football legend George Best dies" (en-GB) (2005-11-25). Dáta rochtana: 2020-11-25.
  9. Warren Muggleton (2020-11-25). "Best's son pays tribute to Maradona - 15 years to day of Man Utd hero's death" (en). Dailystar.co.uk. Dáta rochtana: 2020-11-26.
  10. Jensackermann. "30 For 30 S03E25 George Best All By Himself part 1/2 - Dailymotion Video" (tr-TR). Dailymotion. Dáta rochtana: 2020-11-25.