Cliseadh duán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarCliseadh duán
Cineál galar duánach, impaired renal function disease (en) Aistrigh, chronic renal disease (en) Aistrigh agus urological symptom (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Speisialtacht leighis nephrology (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Cóireáil chliniciúil
 Cógais
Pataigineas
Aimhreas duán Edit the value on Wikidata
Aicmiú
ICD-10 N19 Edit the value on Wikidata
ICD-9 586, 404.12 agus 404.13 Edit the value on Wikidata
Acmhainní seachtracha
DiseasesDB 26060 Edit the value on Wikidata
MeSH D051437 Edit the value on Wikidata
UMLS CUI C0035078, C1839604 agus C1565489 Edit the value on Wikidata
DOID DOID:1074 Edit the value on Wikidata

Is éard is cliseadh duán ann ná meathlú i gcumas na nduán toilleadh uisce is leictrilítí na colainne a rialú agus torthaí iomarcacha meitibileacht próitéiní (úiré is créitínín) a eisfhearadh.

Calcinosis of Chronic Renal Failure (w ruler) (2281769065).jpg

Laghdaítear táirgeadh an fhuail, agus tarlaíonn éidéime is méadú i dtiúchan leictrilítí, cosúil le potaisiam, sa bhfuil, rud a fhéadfaidh a bheith marfach. Tarlaíonn cliseadh na nduán faoi chúinsí éagsúla: indoirteadh lag fola do na duáin (mar a tharlódh i dturraing), ionfhabhtuithe is drugaí áirithe (mar shampla, iad sin a chuirfeadh tús le glomarúlaineafraíteas), diaibéiteas, agus hipirteannas.

Is féidir go n-éireoidh cliseadh duán géar, ach mar sin féin, go mbeidh sé iomlán inchasta. Nó is féidir go mbeidh sé ainsealach leanúnach, agus gá le haemascagdhealú ar bhonn rialta chun cothromaíochtaí an uisce is na leictrilítí sa cholainn a chaomhnú.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Measaín scagdhealú.