Éidéime

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarÉidéime
cuir in eagar
Cineálcomhartha agus skin and integumentary tissue symptom (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10R60.9 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9782.3 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0100258 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB9148 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus003103 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD004487 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0013604 Cuir in eagar ar Wikidata

Carnadh d'fharasbarr sreabháin cholainne, ar meascáin uisce is salainn iad, taobh istigh d'fhíocháin na colainne is ea éidéime.

Tarlaíonn éidéime nuair a bhíonn an brú hidreastatach sna fuileadáin, a thiomáineann amach sna fíocháin iad, níos mó ná an brú osmóiseach, a shúnn ar ais iad.

Tagann domhantarraingt i ngníomh chun na sreabháin a charnadh, go príomha sna cosa. Tarlaíonn sí go coitianta de bharr cliseadh an chroí, na nduán, is an ae. I gcliseadh an chroí is na nduán, coimeádann an cholainn uisce is salann, rud a leathnaíonn toirt na fola agus a bhrúnn sreabhán isteach sna fíocháin. I gcliseadh an ae, titeann tiúchan na bpróitéiní sa bhfuil, rud a laghdaíonn brú osmóiseach na fola agus a ligeann don sreabhán fáil amach sna fíocháin.[1]

éidéime scamhógach

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Éidéime". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 240.