Glomarúlaineafraíteas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Athlasadh na nglomarúlach sa duán, na braislí beaga ribeadán is feadán atá freagrach as bunscagadh na fola. Tarlaíonn an t-athlasadh de bharr ionsaí na colainne ag antaiginí coimhthíocha, ionas go gcruthaíonn an cholainn coimpléisc antaiginí/ antasubstaintí mar fhreagairt imdhíonach. Uaireanta, bíonn galar inaitheanta ionfhabhtaithe ag othar roimh an riocht. Is amhlaidh a ghabhtar na coimpléisc seo sna ribeadáin sna glomarúlaigh, agus cuireann siad tús leis an bpróiseas athlasta. Mar thoradh ar an damáiste a dhéanann sé seo, ligtear do phróitéiní is cealla na fola éalú isteach sa bhfual, lagtar eisfhearadh salann is uisce, agus leanann éidéime is hipirtheannas é seo. Uaireanta, réitíonn an riocht go spontáineach, ach má leanann sé is féidir go ndéanfar damáiste buan is go gclisfidh an duán.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Glomarúlaineafraíteas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 322.