Hipirtheannas
Is éard atá i gceist le hipirtheannas[1] ná riocht ina mbíonn an brú fola siostólach is an brú fola diastólach ardaithe thar na leibhéil normálta. Is hipirtheannas urchóideach é nuair a bhíonn an brú diastólach os cionn 130 mmHg, agus is garbhaol báis é sin. Déanann aon leibhéal os cionn an leibhéil normálta damáiste éigin do na fuileadáin ar fud na colainne. Is iad na fuileadáin san inchinn, na súile, an croí agus na duáin is leochailí. Mar thoradh ar hipirtheannas, is féidir go bhfaighidh duine stróc, drochradharc súl, galar corónach croí, agus cliseadh na nduán. Ní fios go cruinn cad a chuireann tús le hipirtheannas in an-chuid cásanna, ach is eol go gcuireann raimhre is caitheamh toitíní leis. I gcásanna ar leith, cosúil le siondróm Cushing agus galar na nduán, mar a mbíonn tál na hormón suaite, is eol go gcuireann a leithéid tús le hipirtheannas.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““hipirtheannas” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-06-06.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Hipirtheannas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 349.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |