Brú fola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Brú fola á ghlacadh

An brú a fheidhmíonn an fhuil i gcoinne ballaí na bhfuileadán. Gintear an brú seo nuair a chrapann matáin an chroí, agus gineann brú athraitheach tréimhsiúil brú na fola. Tómhaistear brú na fola le sfigmeamanaiméadar go hiondúil. Tá cufa sa ghléas seo a fhilltear thart ar an ngéag uachtarach is a theanntar go gcuireann sé stop ar éigin leis an gcuisle i gcaol na láimhe, agus mar sin le sreabhadh na fola in artairí na géige. Tomhaistear an brú sa chufa ansin, agus is é sin an brú uasmhéideach fola, an brú siostólach. Ansin ligtear an t-aer amach as an gcufa go mall. An brú sa chufa ag a bhfilleann sreabhadh leanúnach san artaire i gcaol na láimhe, tugtar an brú diastólach air sin. Tomhaiseann an sfigmeamanaiméadar an brú i milliméadar mearcair (mm Hg), agus de ghnáth scríobhtar an toradh mar seo: 120/80, is é sin, brú siostólach 120 mm Hg, is brú diastólach 80 mm Hg.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Brú fola". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 94.