Sfigmeamanaiméadar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula equipament informàticSfigmeamanaiméadar

Cuir in eagar ar Wikidata
Sampla defeiste leighis
Sonraí bunúsacha
Úsáidblood pressure measurement (en) Aistrigh
TomhasánBrú fola

Gaireas chun brú na fola a thomhas go hindíreach. Cuirtear cufa inteannta rubair timpeall na géige (an ghéag uachtarach de ghnáth) agus teanntar é go dtí nach féidir an chuisle a bhrath (leis an steiteascóp) a thuilleadh. Glactar an brú sa chufa ansin mar an mbrú siostólach (brú na fola nuair a chrapann na matáin sna méadailíní). Tráitear an cufa go mall ansin go gcloistear an chuisle arís, agus is é an brú sa chufa ansin an brú diastólach (an brú fola sna hartairí idir buailtí an chroí). Léitear an brú sa chufa ó airde colún mearcair nó le manaiméadar leictreonach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sfigmeamanaiméadar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 594.