Steiteascóp

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
🩺Steiteascóp

Cuir in eagar ar Wikidata
Sampla defeiste leighis
Sonraí bunúsacha
ÚsáidÉisteachas
Croineolaíocht
Arna fhionnachtain agRené Théophile Hyacinthe Laënnec

Ionstraim mhíochaine chun fuaimeanna ón taobh istigh den cholainn a bhrath is ea an steiteascóp.[1] Cheap an lia Francach René Laënnac é i 1816. Ar dtús, feadán nó cón ab ea é, a bhí déanta as pháipéar nó adhmad. Sa steiteascóp nua-aoiseach bíonn clog nó scannán, atá déanta as miotal nó plaisteach, a chuirtear ar chraiceann duine chun an fhuaim a ghlacadh is a aimpliú roimh í a sheoladh ar feadh feadán solúbtha Y-chruthach rubair go dtí cluasáin i gcluasa an scrúdaitheora. Is féidir fuaimeanna normálta is mínormálta a bhrath ón gcroí, na scamhóga, is na putóga.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: steiteascóp” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2023-07-05.
  2. Hussey, Matt (2011). "Steiteascóp". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 626.