Haemascagdhealú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula equipament informàticHaemascagdhealú
Hemodialysis-en.svg
Croineolaíocht
Arna fhionnachtain agWillem Kolff

Modh saorga is ea haemascagdhealú, chun fuíollábhair (cosúil le húiré is farasbarr salann) a bhaint as an bhfuil agus cealla na fola is na próitéiní a fhágáil inti. De ghnáth déanann na duáin an obair seo, agus mar sin is próiseas é a úsáidtear i gcás duine le duáin loite nó aicídeacha.

Ar dtús, meaisíní móra casta a bhíodh i gceist nach raibh le fáil ach san ospidéal faoi threoir dochtúra.

Ach tá siad i bhfad níos lú anois, ionas gur féidir iad a shuiteáil i mbaile othair.

Hemodialysis machine INNOVA.jpg

Is é an próiseas haemascagdhealaithe ná fuil a tharraingt go leanúnach ó fhéith an othair, a chaidéalú trí scannán de cheallafán ar leith, agus ansin a chur ar ais i bhféith an othair.

Idirleathann na móilíní beaga fuílligh trí phóireanna micreascópacha an cheallafáin sa mheaisín, agus fanann móilíní móra is cealla na fola ar an gcéad taobh. Ar an mbealach seo, dealaítear na fuíollábhair ón bhfuil.

Ní mór an próiseas a rith ar feadh 3-4 uair, suas go dtí 3 bhabhta gach seachtain, chun othar a choimeád slán. Uaireanta, cuireann an próiseas seo tús le hanaemacht, agus is gá í seo a chóireáil le heiritreapóitin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]