2023
Cuma
| Sampla de | bliain féilire agus common year starting and ending on Sunday (en) |
|---|---|
| Féilirí eile | |
| féilire Ghréagóra | 2023 (mmxxiii) |
| Ioslamach | 1445 – 1446 |
| Síneach | 4719 – 4720 |
| Eabhrach | 5783 – 5784 |
| Hiondúch | 2078 – 2079 (Vikram Samvat) 1945 – 1946 (Shaka Samvat) 5124 – 5125 (Kali Yuga) |
| Peirseach | 1401 – 1402 |
| Airméanach | 1472 |
| Rúnach | 2273 |
| Ab urbe condita | 2776 |
| Catagóirí | |
| Breitheanna Básanna Teilifís Scannáin Spóirt | |
| Aois | |
| 20ú haois - 21ú haois - 22ú haois | |
| Deich mbliana | |
| 1990í 2000í 2010í - 2020í - 2030í 2040í 2050í | |
| Bliain | |
| 2020 2021 2022 - 2023 - 2024 2025 2026
| |
| | |
Is bliain choitianta í an bhliain 2023 (MMXXIII).


Cúrsaí reatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Aimsir na bliana 2023
- Tonnta teasa san Eoraip agus i Meiriceá Theas: idir Márta agus Nollaig, bhuail tonnta teasa agus cioclóin Meiriceá Theas.[1]
- Coimhlint na Súdáine, 2023
- Coimhlint Iosrael-Hamas, 2023 agus Coimhlint Iosrael–Hamas, 2023 agus an comhthéacs idirnáisiúnta
- Corn an Domhain sa Rugbaí 2023 agus Corn Domhanda FIFA na mBan 2023
- Fiosrúchán COVID-19 na Ríochta Aontaithe, 2022–2023
- Básanna: Básanna sa bhliain 2023; an liosta iomlán
Nollaig
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 18 Nollaig — Brúchtadh Sundhnúkur: scoilteadh screamh an domhain san Íoslainn, agus bhrúcht bolcán nua.[2]
- 15 Nollaig — Eachtra lámhaigh in Shegaia: mharaigh saighdiúirí Iosraelacha, trí dhearmad, triúr Iosraelach a bhí ina ngialla ag Hamas in Gaza.
- 13 Nollaig — Ghlac Donald Tusk mionn na hoifige mar phríomhaire ar an bPolainn.[3]
- 10 Nollaig — D’éirigh le Daniel Wiffen an churiarracht dhomhanda i saorstíl 800 m na bhfear a bhaint amach.
Básanna:
- 27 Nollaig — Jacques Delors, polaiteoir Francach
- 26 Nollaig — Feargal Mac Amhlaoibh, scríbhneoir, ceoltóir agus gníomhaí teanga
- 8 Nollaig — Ryan O'Neal, aisteoir Meiriceánach
- 7 Nollaig — Thomas Kilroy, scríbhneoir Éireannach
- 6 Nollaig — Marisa Pavan, ban-aisteoir Iodálach
- 5 Nollaig — Rosemary Smith, tiománaí railí Éireannach
Samhain
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 30 Samhain – 13 Nollaig — COP28, Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide.
- 23 Samhain — Ionsaí scine ar leanaí taobh amuigh de Ghaelscoil Choláiste Mhuire i gCearnóg Parnell, Baile Átha Cliath. Bhris círéib amach níos déanaí.
Básanna:
- 30 Samhain — Shane MacGowan, ceoltóir agus amhránaí de shliocht Éireannach
- 29 Samhain — Henry Kissinger, polaiteoir Meiriceánach
- 28 Samhain — Charlie Munger, fear gnó Meiriceánach
- 19 Samhain — Rosalynn Carter, Céadbhean na Stát Aontaithe
- 18 Samhain — Ben Dunne, fear gnó Éireannach
- 13 Samhain — Diarmuid Breathnach, údar, beathaisnéisí, leabharlannaí agus craoltóir
- 5 Samhain — David Hilditch, polaiteoir aontachtach
Deireadh Fómhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 28 Deireadh Fómhair — Thosaigh ionradh Iosrael ar Gaza i ndáiríre.
- 28 Deireadh Fómhair — Cluiche Ceannais Rugbaí an Domhain: chloígh na Springboks foireann All Blacks na Nua-Shéalainne, 12-11.
- 25 Deireadh Fómhair — Toghadh Mike Johnson, atá i bhfad amach ar an eite dheas, ina Spéicéir ar Theach na nIonadaithe in SAM.
- 25 Deireadh Fómhair — Lámhach Lewiston, Maine: dúnmharaíodh 18 nduine, an oll-lámhach gunnaí ba mheasa i Meiriceá ó Lámhach Robb Elementary in 2022.
- 17 Deireadh Fómhair — Pléasc in Ospidéal Al-Ahli, Gaza: dúirt Eagraíocht Fóirithinte na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe Palaistíneacha gur ghníomh uafásach a bhí ann.
- 15 Deireadh Fómhair — Toghchán parlaiminte na Polainne: bhí páirtí Donald Tusk in ann comhrialtas leathan a dhéanamh le Tríú Slí, páirtí atá ar dheis ón lár, agus le Lewica, páirtí ar an eite chlé.[4]
- 9 Deireadh Fómhair — Ruathair aeir ar champa teifeach Jabalia: rinne Iosrael ruathair aeir arís agus arís eile ar Jabalia, an campa teifeach is mó in Gaza.
- 7 Deireadh Fómhair — Rinne míleataigh Ioslamacha Hamas ionsaí ollmhór gan choinne ar Iosrael, agus mharaigh siad thart ar 1,200 duine.[5][6][7]
- 5 Deireadh Fómhair — Ionsaí diúracán ar Hroza: ceann de na hionsaithe ba mharfaí ar shibhialtaigh ó thús an chogaidh (Ionradh na Rúise ar an Úcráin).
Básanna:
- 28 Deireadh Fómhair — Matthew Perry, aisteoir Meiriceánach agus Ceanadach
- 21 Deireadh Fómhair — Bobby Charlton, imreoir sacair Sasanach
- 13 Deireadh Fómhair — Louise Glück, file Meiriceánach
- 9 Deireadh Fómhair — Críostóir Ó Floinn, file agus drámadóir Éireannach
- 9 Deireadh Fómhair — Chuck Feeney, fear gnó Meiriceánach
Meán Fómhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 19 Meán Fómhair — Ionsaí na hAsarbaiseáine ar Nagorno-Karabakh: chuir na hAsarbaiseánaigh an ruaig ar na hAirméanaigh go léir (120,000 Airméanach).
- 10 Meán Fómhair — D'éirigh Luis Rubiales as a phost, in aghaidh a thola, mar uachtarán Chumann Sacair na Spáinne.[8]
- 10 Meán Fómhair — Scrios Stoirm Daniel cathair Derna sa Libia; fuair breis is 10,000 duine bás, is cosúil.[9]
- 8 Meán Fómhair — Crith talún Marrakesh–Safi i Maracó: cailleadh b'fhéidir 3,000 duine.
Básanna:
- 30 Meán Fómhair — Liam Prút, scríbhneoir Gaeilge as Tiobraid Árann
- 29 Meán Fómhair — Dianne Feinstein, seanadóir de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 27 Meán Fómhair — Michael Gambon, aisteoir
- 22 Meán Fómhair — Evelyn Fox Keller, fisiceoir, údar agus feimineach Meiriceánach
- 19 Meán Fómhair — Séamus Ó hUltacháin, file agus scríbhneoir Gaeilge
- 19 Meán Fómhair — Rónán Mac Aodha Bhuí, craoltóir
- 19 Meán Fómhair — Breandán Ó Doibhlin, scoláire
- 13 Meán Fómhair — Roger Whittaker, ceoltóir
- 9 Meán Fómhair — Mangosuthu Buthelezi, polaiteoir as an Afraic Theas
Lúnasa
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 23 Lúnasa — Thuirling Chandrayaan-3, spásárthach ón India, gan tuisliú gar do mhol theas na gealaí.
- 23 Lúnasa — Tuairt eitleáin Yevgeny Prigozhin: feallmharaíodh ceannasaí an ghrúpa amhas Wagner.
- 20 Lúnasa — Scannal Luis Rubiales: ba mhór an scannal iompar Luis Rubiales, uachtarán chónaidhm sacair na Spáinne, le linn Chorn Domhanda FIFA na mBan.
- 19–27 Lúnasa — Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain
- 19 Lúnasa — Theip ar an Rúis an spásárthach Luna-25 a thabhairt i dtír ar mhol theas na gealaí.
- 14 Lúnasa — Ionchúiseamh Donald Trump in Georgia, as iarracht a dhéanamh toradh thoghchán uachtaránachta 2020 a chur ar ceal.
- 13 Lúnasa — Bua ag Áth Cliath ar Chiarraí i gCluiche Ceannais Sinsir Peile na mBan i bPáirc an Chrócaigh, 0-18 : 1-10.
- 8 Lúnasa — Sceitheadh eolais de chuid na SPTÉ (Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann, nó PSNI)
- 1 Lúnasa — Ionchúiseamh feidearálach in aghaidh Donald Trump: cúisíodh é i gcomhcheilg chun torthaí thoghchán uachtaránachta 2020 a chur ar ceal.
Básanna:
- 19 Lúnasa — Howard James Hubbard, easpag Caitliceach
- 16 Lúnasa — Michael Parkinson, craoltóir agus iriseoir Sasanach
- 8 Lúnasa — Johnny Hardwick, aisteoir, fuirseoir agus scríbhneoir Meiriceánach
- 5 Lúnasa — Hélène Carrère d'Encausse, staraí agus polaiteoir Francach
- 3 Lúnasa — Bram Moolenaar, forbróir bogearraí Ollannach
Iúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 30 Iúil — Bua ag Áth Cliath ar Chiarraí i gCluiche Ceannais Sinsir Peile na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh, 1-15 : 1-13.
- 23 Iúil — Bua ag Luimneach ar Chill Chainnigh i gCluiche Ceannais Sinsir Iomána na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh, 0-30 : 2-15.
- 23 Iúil — Olltoghchán na Spáinne: bhí dóthain tacaíochta faighte ag Pedro Sánchez (Sóisialach) le fanacht ina phríomhaire.
- 4 Iúil — Stoirm Poly: buaileadh iarthuaisceart na hÍsiltíre go háirithe; an stoirm shamhraidh ba mheasa le cuimhne na ndaoine sa réigiún sin.[10]
- 3 Iúil — Géarchéim Iosrael-Palaistín: rinne arm Iosrael ionradh ar bhaile Jenin ar an mBruach Thiar.
Básanna:
- 26 Iúil — Sinéad O'Connor, amhránaí
- 24 Iúil — Trevor Francis, imreoir sacair agus bainisteoir Sasanach
- 21 Iúil — Tony Bennett, amhránaí Meiriceánach
- 21 Iúil — Ann Clwyd, polaiteoir Breatnach de chuid Pháirtí an Lucht Oibre
- 16 Iúil — Kevin Mitnick, haiceálaí Meiriceánach
- 11 Iúil — Milan Kundera, údar Seiceach
- 10 Iúil — Ben Briscoe, polaiteoir Éireannach
- 7 Iúil — Valerie Cowie, síciatraí comhairleach Briotanach
Meitheamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 27 Meitheamh – Iúil — Círéibeacha sa Fhrainc, tar éis marú ógánaigh darb ainm Nahel Merzouk.
- 23–24 Meitheamh — Theip ar cheannairc de chuid an ghrúpa Wagner sa Rúis.
- 18 Meitheamh — Inphléascadh an fhomhuireáin Titan, agus é ar thuras chuig raic an RMS Titanic.
- 14 Meitheamh — Tubaiste imirceach sa Mhuir Iónach: maraíodh cúpla céad imirceach nuair a d'iompaigh bád béal faoi.
- 13 Meitheamh — Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain: cláraíodh 28.8 °C, an teocht ab airde in Éirinn go dtí sin sa bhliain 2023.
- 8 Meitheamh — Ionchúiseamh feidearálach in aghaidh Donald Trump: cúisíodh é i gcáipéisí rúnaicmithe rialtais a choinneáil tar éis dó imeacht as an Teach Bán.
- 6 Meitheamh — Bearnú damba Kakhovka san Úcráin: bádh réimse mór tíre; an tubaiste timpeallachta ‘is measa ó Chernobyl’.[11]
- 3 Meitheamh — Cuireadh Recep Tayyip Erdogan faoi mhionn na huachtaránachta don tríú huair.[12]
- 2 Meitheamh — Falscaithe i gCeanada: loisceadh 5 faoin gcéad d’fhoraoiseacha na tíre i dtinte a lean ar feadh an tsamhraidh.
Básanna:
- 29 Meitheamh — Alan Arkin, aisteoir Meiriceánach
- 25 Meitheamh — John Bannister Goodenough, fisiceoir
- 15 Meitheamh — Glenda Jackson, aisteoir agus polaiteoir Sasanach
- 13 Meitheamh — Christy Dignam, amhránaí Éireannach
- 13 Meitheamh — Cormac McCarthy, scríbhneoir Meiriceánach
- 12 Meitheamh — Silvio Berlusconi, polaiteoir Iodálach
- 11 Meitheamh — Gearóid Mac Eoin, scoláire
- 8 Meitheamh — Paul Coghlan, polaiteoir Éireannach
- 7 Meitheamh — Joe Molloy, sóisialaí agus feachtasóir as Dúiche Sheoighe
Bealtaine
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 28 Bealtaine — Toghcháin réigiúnacha na Spáinne: d'fhulaing an Páirtí Sóisialach (PSOE) buille mór, agus d'fhógair an príomhaire, Pedro Sánchez, olltoghchán nach raibh aon choinne leis.[13]
- 18 Bealtaine — Toghcháin Áitiúla Thuaisceart Éireann: fuair páirtithe náisiúnaíocha níos mó vótaí ná páirtithe aontachtacha den chéad uair riamh.
- 14–28 Bealtaine — Toghchán uachtaránachta na Tuirce
- 9 Bealtaine — E. Jean Carroll v. Donald J. Trump: fuair giúiré go ndearna Trump mí-úsáid ghnéasach ar an iriseoir E. Jean Carroll sa bhliain 1995 nó 1996.
- 6 Bealtaine — Corónú Shéarlais III agus Camilla sa Ríocht Aontaithe
- 3 Bealtaine — Lámhach scoile Béalgrád: maraíodh naonúr in eachtra lámhaigh i scoil Vladislav Ribnikar i mBéalgrád.
- 3 Bealtaine — Ionsaí dróin ar an gCreimlín: iarracht Vladimir Putin a mharú le dróin sa Chreimil, dar leis an Rúis.
- 2 Bealtaine – 27 Meán Fómhair — Stailc Writers Guild of America
Básanna:
- 29 Bealtaine — Tove Skutnabb-Kangas, teangeolaí Fionlannach
- 27 Bealtaine — Graham Knuttel, dealbhóir agus péintéir
- 24 Bealtaine — Tina Turner, amhránaí Meiriceánach
- 6 Bealtaine — Derek Keating, polaiteoir Éireannach
- 4 Bealtaine — Robert Carswell, breitheamh Briotanach
- 1 Bealtaine — Gordon Lightfoot, amhránaí agus cumadóir Ceanadach
Aibreán
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 19 Aibreán — Táinrith Sanaa, i bpríomhchathair Éimin, Sana'a: maraíodh os cionn nócha duine nuair a bhuail scaoll slua agus thit na daoine i mullach a chéile.[14]
- 18 Aibreán — Dominion Voting Systems v. Fox News Network: shocraigh Fox News an cás clúmhillte a thóg an chuideachta meaisíní vótála Dominion ina choinne.
- 14 Aibreán — Leasú pinsin sa Fhrainc: ardaíodh an aois scoir ó dhá bhliain is seasca go ceithre bliana is seasca.[15]
- 11–14 Aibreán — Cuairt Joe Biden ar Éirinn
Básanna:
- 27 Aibreán — Jerry Springer, iriseoir
- 25 Aibreán — Harry Belafonte, amhránaí Meiriceánach
- 22 Aibreán — Hugh Byrne, polaiteoir Éireannach
- 22 Aibreán — Barry Humphries, fuirseoir agus aisteoir Astrálach
- 21 Aibreán — John Tranter, file agus eagarthóir Astrálach
- 20 Aibreán — Tomás Mac Ruairí, iriseoir agus gníomhaí ar son na Gaeilge
- 19 Aibreán — Seán Ó Tuairisg, iriseoir agus craoltóir
- 10 Aibreán — Maelíosa Stafford, aisteoir agus fear amharclainne
- 3 Aibreán — Nigel Lawson, polaiteoir
Márta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 17 Márta — Barántas gabhála eisithe ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta i leith Vladimir Putin, an chéad uair a eisíodh a leithéid in aghaidh ceannaire tíre atá ina comhalta buan de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.[16]
- 10 Márta — Géarchéim airgeadais: theip ar an mbanc Silicon Valley Bank (SVB) i gCalifornia.
- 4 Márta — Conradh na Mórmhara, conradh de chuid na Náisiún Aontaithe chun an mhórmhuir a chosaint.
Básanna:
- 28 Márta — Ryūichi Sakamoto, ceoltóir Seapánach
- 28 Márta — Paul O'Grady, fuirseoir agus aisteoir Sasanach
- 24 Márta — Brian Mac Aongusa, ceannaire Raidió na Gaeltachta
- 20 Márta — Freddie Scappaticci, brathadóir agus gníomhaire faisnéise de chuid na R-A
- 8 Márta — Bert I. Gordon, stiúrthóir scannán Meiriceánach
- 6 Márta — Seán P. Ó hÉalaí, iriseoir agus craoltóir Éireannach
- 3 Márta — Kenzaburo Ōe, údar Seapánach
- 3 Márta — Camille Souter, ealaíontóir Éireannach
Feabhra
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 28 Feabhra — Tuairt traenach Tempi sa Ghréig: maraíodh 57 duine.
- 27 Feabhra — Creat Windsor: rinne an R-A agus an tAontas Eorpach margadh Breatimeachta.
- 22 Feabhra — Dlí Dáithí: dlí maidir le deonú orgán i dTuaisceart Éireann.
- 22 Feabhra — Lámhach John Caldwell: scaoileadh le póilín san Ómaigh, an Bleachtaire Príomhchigire John Caldwell, a raibh baint lárnach aige le mórfhiosrúcháin choiriúla, mar shampla an fiosrúchán ar dhúnmharú Lyra McKee.
- 6 Feabhra — Crith talún Gaziantep, an Tuirc agus an tSiria: maraíodh b'fhéidir 60,000.[17]
- 2–3 Feabhra — Balúin bhrathadóireachta na Síne: sheol an tSín balúin bhrathadóireachta os cionn na Stát Aontaithe.
Básanna:
- 15 Feabhra — Raquel Welch, ban-aisteoir Meiriceánach
- 13 Feabhra — Deirdre Purcell, scríbhneoir
- 8 Feabhra — Burt Bacharach, ceoltóir
- 5 Feabhra — Pervez Musharraf, polaiteoir
Eanáir
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 30 Eanáir — Buamáil mhosc Peshawar: maraíodh 84 duine; cuireadh an milleán ar an Talaban de chuid na Pacastáine.
- 10 Eanáir — Marú Tyre Nichols: dúirt na póilíní go raibh Nichols ag tiomáint go contúirteach, ach níl aon fhianaise ann go raibh sé sin fíor.
- 8 Eanáir — Ruathar ar institiúidí an stáit sa Bhrasaíl: thug lucht tacaíochta an iaruachtaráin Jair Bolsonaro ruathar ar institiúidí an stáit in Brasília.
- 5 Eanáir — Sochraid an Phápa Beinidict XVI i gCearnóg Pheadair i gCathair na Vatacáine
- 3–7 Eanáir — Toghadh Kevin McCarthy ina Spéicéir ar Theach na nIonadaithe in SAM.
- 1 Eanáir — Ionsaí roicéad ar cheardscoil Makiivka: maraíodh líon mór saighdiúirí Rúiseacha.
Básanna:
- 21 Eanáir — Micheál Mac Gréil, sagart agus scoláire
- 18 Eanáir — David Crosby, ceoltóir
- 18 Eanáir — John L. Murray, breitheamh Éireannach
- 16 Eanáir — Carrie Acheson, polaiteoir Éireannach
- 12 Eanáir — Gerrie Coetzee, dornálaí as an Afraic Theas
- 12 Eanáir — Lisa Marie Presley, ceoltóir
- 10 Eanáir — Tyre Nichols, íospartach
- 9 Eanáir — Séamus Ó Beaglaoich, cairdíneoir agus amhránaí
- 9 Eanáir — Karl Alexander Müller, fisiceoir Eilvéiseach
Básanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Na Gaeil a fuair bás in 2023: Diarmuid Breathnach, údar; Feargal Mac Amhlaoibh, gníomhaí teanga; Rónán Mac Aodha Bhuí, craoltóir; Brian Mac Aongusa, ceannaire Raidió na Gaeltachta; Gearóid Mac Eoin, scoláire; Micheál Mac Gréil, sagart agus scoláire; Tomás Mac Ruairí, iriseoir; Joe Molloy, feachtasóir; Séamus Ó Beaglaoich, cairdíneoir agus amhránaí; Breandán Ó Doibhlin, scoláire; Críostóir Ó Floinn, scríbhneoir; Seán P. Ó hÉalaí, iriseoir; Séamus Ó hUltacháin, file; Seán Ó Tuairisg, craoltóir; Liam Prút, scríbhneoir; agus Maelíosa Stafford, aisteoir
- Na hÉireannaigh: Carrie Acheson, FF; Ben Briscoe, FF; Hugh Byrne, FG; Robert Carswell, breitheamh; Paul Coghlan, FG; Christy Dignam, amhránaí; Ben Dunne, fear gnó; Michael Gambon, aisteoir; David Hilditch, DUP; Derek Keating, FG; Thomas Kilroy, scríbhneoir; Graham Knuttel, dealbhóir agus péintéir; Shane MacGowan, ceoltóir; John L. Murray, breitheamh; Sinéad O'Connor, amhránaí; Deirdre Purcell, scríbhneoir; Freddie Scappaticci, brathadóir; Rosemary Smith, tiománaí railí; agus Camille Souter, ealaíontóir
- Thar lear: Alan Arkin, aisteoir Meiriceánach; Burt Bacharach, ceoltóir; Harry Belafonte, amhránaí Meiriceánach; Tony Bennett, amhránaí Meiriceánach; Silvio Berlusconi, polaiteoir Iodálach; Mangosuthu Buthelezi, polaiteoir as an Afraic Theas; Hélène Carrère d'Encausse, staraí agus polaiteoir Francach; Rosalynn Carter, Céadbhean na Stát Aontaithe; Bobby Charlton, imreoir sacair Sasanach; Ann Clwyd, polaiteoir Breatnach; Gerrie Coetzee, dornálaí as an Afraic Theas; Valerie Cowie, síciatraí Briotanach; David Crosby, ceoltóir; Jacques Delors, polaiteoir Francach; Chuck Feeney, fear gnó Meiriceánach; Dianne Feinstein, seanadóir Meiriceánach; Evelyn Fox Keller, fisiceoir Meiriceánach; Trevor Francis, imreoir sacair Sasanach; Louise Glück, file Meiriceánach; John Bannister Goodenough, fisiceoir; Bert I. Gordon, stiúrthóir scannán Meiriceánach; Johnny Hardwick, aisteoir Meiriceánach; Howard James Hubbard, easpag Caitliceach; Barry Humphries, fuirseoir Astrálach; Glenda Jackson, aisteoir agus polaiteoir Sasanach; Henry Kissinger, polaiteoir Meiriceánach; Milan Kundera, údar Seiceach; Nigel Lawson, polaiteoir; Gordon Lightfoot, amhránaí Ceanadach; Cormac McCarthy, scríbhneoir Meiriceánach; Kevin Mitnick, haiceálaí Meiriceánach; Bram Moolenaar, forbróir bogearraí Ollannach; Karl Alexander Müller, fisiceoir Eilvéiseach; Charlie Munger, fear gnó Meiriceánach; Pervez Musharraf, polaiteoir; Tyre Nichols, íospartach; Kenzaburo Ōe, údar Seapánach; Paul O'Grady, fuirseoir Sasanach; Ryan O'Neal, aisteoir Meiriceánach; Michael Parkinson, craoltóir Sasanach; Marisa Pavan, ban-aisteoir Iodálach; Matthew Perry, aisteoir; Lisa Marie Presley, ceoltóir; Ryūichi Sakamoto, ceoltóir Seapánach; Tove Skutnabb-Kangas, teangeolaí Fionlannach; Jerry Springer, iriseoir; John Tranter, file Astrálach; Tina Turner, amhránaí Meiriceánach; Raquel Welch, ban-aisteoir Meiriceánach; agus Roger Whittaker, ceoltóir
Liosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 30 Nollaig — John Pilger, iriseoir Astrálach (r. 1939)
- 27 Nollaig — Herbert Kohl, polaiteoir Meiriceánach (r. 1935)
- 27 Nollaig — Jacques Delors, polaiteoir Francach, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh 1985–1995 (r. 1925)
- 26 Nollaig — Feargal Mac Amhlaoibh, scríbhneoir, ceoltóir agus gníomhaí teanga Éireannach (r. 1943)
- 8 Nollaig — Ryan O'Neal, aisteoir Meiriceánach (r. 1941)
- 7 Nollaig — Thomas Kilroy, scríbhneoir Éireannach (r. 1934)
- 6 Nollaig — Marisa Pavan, ban-aisteoir Iodálach (r. 1932)
- 5 Nollaig — Rosemary Smith, tiománaí railí Éireannach (r. 1937)
- 30 Samhain — Shane MacGowan, ceoltóir agus amhránaí de shliocht Éireannach (r. 1957)
- 29 Samhain — Henry Kissinger, polaiteoir Meiriceánach (r. 1923)
- 28 Samhain — Charlie Munger, fear gnó Meiriceánach (r. 1924)
- 19 Samhain — Rosalynn Carter, Céadbhean na Stát Aontaithe (r. 1927)
- 18 Samhain — Ben Dunne, fear gnó Éireannach (r. 1949)
- 13 Samhain — Diarmuid Breathnach, údar, beathaisnéisí, leabharlannaí agus craoltóir Éireannach (r. 1930)
- 5 Samhain — David Hilditch, polaiteoir aontachtach (r. 1963)
- 28 Deireadh Fómhair — Matthew Perry, aisteoir Meiriceánach agus Ceanadach (r. 1969)
- 21 Deireadh Fómhair — Bobby Charlton, imreoir sacair Sasanach (r. 1937)
- 16 Deireadh Fómhair — Martti Ahtisaari, Uachtarán na Fionlainne 1994–2000 (r. 1937)
- 13 Deireadh Fómhair — Louise Glück, file Meiriceánach (r. 1943)
- 9 Deireadh Fómhair — Chuck Feeney, fear gnó Meiriceánach (r. 1931)
- 9 Deireadh Fómhair — Críostóir Ó Floinn, file agus drámadóir Éireannach (r. 1927)
- 30 Meán Fómhair — Liam Prút, scríbhneoir Gaeilge as Tiobraid Árann (r. 1940)
- 29 Meán Fómhair — Dianne Feinstein, seanadóir de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá (r. 1933)
- 27 Meán Fómhair — Michael Gambon, aisteoir Éireannach agus Sasanach (r. 1940)
- 22 Meán Fómhair — Evelyn Fox Keller, fisiceoir, údar agus feimineach Meiriceánach (r. 1936)
- 19 Meán Fómhair — Breandán Ó Doibhlin, scoláire Éireannach (r. 1931)
- 19 Meán Fómhair — Rónán Mac Aodha Bhuí, craoltóir Éireannach (r. 1970)
- 19 Meán Fómhair — Séamus Ó hUltacháin, file agus scríbhneoir Gaeilge (r. 1948)
- 13 Meán Fómhair — Roger Whittaker, ceoltóir Briotanach (r. 1936)
- 9 Meán Fómhair — Mangosuthu Buthelezi, polaiteoir as an Afraic Theas (r. 1928)
- 19 Lúnasa — Howard James Hubbard, easpag Caitliceach Meiriceánach (r. 1938)
- 16 Lúnasa — Michael Parkinson, craoltóir agus iriseoir Sasanach (r. 1935)
- 10 Lúnasa — Michela Murgia, scríbhneoir Iodálach (r. 1972)
- 8 Lúnasa — Johnny Hardwick, aisteoir, fuirseoir agus scríbhneoir Meiriceánach (r. 1958)
- 5 Lúnasa — Hélène Carrère d'Encausse, staraí agus polaiteoir Francach (r. 1929)
- 3 Lúnasa — Bram Moolenaar, forbróir bogearraí Ollannach (r. 1961)
- 26 Iúil — Sinéad O'Connor, amhránaí Éireannach (r. 1966)
- 24 Iúil — Trevor Francis, imreoir sacair agus bainisteoir Sasanach (r. 1954)
- 21 Iúil — Ann Clwyd, polaiteoir Breatnach de chuid Pháirtí an Lucht Oibre (r. 1937)
- 21 Iúil — Tony Bennett, amhránaí Meiriceánach (r. 1926)
- 16 Iúil — Kevin Mitnick, haiceálaí Meiriceánach (r. 1963)
- 11 Iúil — Milan Kundera, údar Seiceach (r. 1929)
- 10 Iúil — Ben Briscoe, polaiteoir Éireannach (r. 1934)
- 7 Iúil — Valerie Cowie, síciatraí comhairleach Briotanach (r. 1924)
- 1 Iúil — Gerard Cott, polaiteoir Éireannach (r. 1940)
- 29 Meitheamh — Alan Arkin, aisteoir Meiriceánach (r. 1934)
- 25 Meitheamh — John Bannister Goodenough, fisiceoir Meiriceánach (r. 1922)
- 15 Meitheamh — Glenda Jackson, aisteoir agus polaiteoir Sasanach (r. 1936)
- 13 Meitheamh — Christy Dignam, amhránaí Éireannach (r. 1960)
- 13 Meitheamh — Cormac McCarthy, scríbhneoir Meiriceánach (r. 1933)
- 12 Meitheamh — Silvio Berlusconi, polaiteoir Iodálach (r. 1936)
- 11 Meitheamh — Gearóid Mac Eoin, scoláire Éireannach (r. 1929)
- 8 Meitheamh — Paul Coghlan, polaiteoir Éireannach (r. 1944)
- 7 Meitheamh — Joe Molloy, sóisialaí agus feachtasóir as Dúiche Sheoighe
- 29 Bealtaine — Tove Skutnabb-Kangas, teangeolaí Fionlannach (r. 1940)
- 27 Bealtaine — Graham Knuttel, dealbhóir agus péintéir Éireannach (r. 1954)
- 24 Bealtaine — Tina Turner, amhránaí Meiriceánach (r. 1939)
- 6 Bealtaine — Derek Keating, polaiteoir Éireannach (r. 1955)
- 4 Bealtaine — Robert Carswell, breitheamh Briotanach (r. 1934)
- 1 Bealtaine — Gordon Lightfoot, amhránaí agus cumadóir Ceanadach (r. 1938)
- 27 Aibreán — Jerry Springer, iriseoir Meiriceánach (r. 1944)
- 25 Aibreán — Harry Belafonte, amhránaí Meiriceánach (r. 1927)
- 22 Aibreán — Barry Humphries, fuirseoir agus aisteoir Astrálach (r. 1934)
- 22 Aibreán — Hugh Byrne, polaiteoir Éireannach (r. 1939)
- 21 Aibreán — John Tranter, file agus eagarthóir Astrálach (r. 1943)
- 20 Aibreán — Tomás Mac Ruairí, iriseoir agus gníomhaí ar son na Gaeilge (r. 1939)
- 19 Aibreán — Seán Ó Tuairisg, iriseoir agus craoltóir Éireannach (r. 1945)
- 10 Aibreán — Maelíosa Stafford, aisteoir agus fear amharclainne Éireannach (r. 1956)
- 3 Aibreán — Nigel Lawson, polaiteoir Briotanach (r. 1932)
- 28 Márta — Paul O'Grady, fuirseoir agus aisteoir Sasanach (r. 1955)
- 28 Márta — Ryūichi Sakamoto, ceoltóir Seapánach (r. 1952)
- 24 Márta — Brian Mac Aongusa, ceannaire Raidió na Gaeltachta
- 20 Márta — Freddie Scappaticci, brathadóir agus gníomhaire faisnéise de chuid na R-A (r. 1946)
- 8 Márta — Bert I. Gordon, stiúrthóir scannán Meiriceánach (r. 1922)
- 8 Márta — Chaim Topol, aisteoir Iosraelach (r. 1935)
- 6 Márta — Seán P. Ó hÉalaí, iriseoir agus craoltóir Éireannach
- 3 Márta — Camille Souter, ealaíontóir Éireannach (r. 1929)
- 3 Márta — Kenzaburo Ōe, údar Seapánach (r. 1935)
- 15 Feabhra — Raquel Welch, ban-aisteoir Meiriceánach (r. 1940)
- 13 Feabhra — Deirdre Purcell, scríbhneoir Éireannach (r. 1945)
- 8 Feabhra — Burt Bacharach, ceoltóir Meiriceánach (r. 1928)
- 5 Feabhra — Pervez Musharraf, Uachtarán na Pacastáine 2001–2008 (r. 1943)
- 21 Eanáir — Micheál Mac Gréil, sagart agus scoláire Éireannach (r. 1931)
- 18 Eanáir — David Crosby, ceoltóir Meiriceánach (r. 1941)
- 18 Eanáir — John L. Murray, breitheamh Éireannach (r. 1943)
- 16 Eanáir — Carrie Acheson, polaiteoir Éireannach (r. 1934)
- 12 Eanáir — Gerrie Coetzee, dornálaí as an Afraic Theas (r. 1955)
- 12 Eanáir — Lisa Marie Presley, ceoltóir Meiriceánach (r. 1968)
- 10 Eanáir — Tyre Nichols, íospartach (r. 1993)
- 9 Eanáir — Karl Alexander Müller, fisiceoir Eilvéiseach (r. 1927)
- 9 Eanáir — Séamus Ó Beaglaoich, cairdíneoir agus amhránaí Éireannach (r. 1949)
Duaiseanna Nobel
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Matthew Patterson (2023-08-14). "One of 2023’s most extreme heatwaves is happening in the middle of winter" (en). Climate Home News. Dáta rochtana: 2023-09-27.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (23 Nollaig 2023). "Nuacht Mhall: (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-12-24.
- ↑ "Donald Tusk sworn in as Poland's new prime minister" (en). Le Monde.fr (2023-12-13). Dáta rochtana: 2023-12-29.
- ↑ "‘An lá leis an Pholainn, an lá leis an daonlathas’ – an móramh caillte ag páirtí rialtais na heite deise" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-16). Dáta rochtana: 2023-10-16.
- ↑ "Os cionn 1,100 duine marbh sa choimhlint idir Hamas agus Iosrael" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-09). Dáta rochtana: 2023-10-09.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-10-09). "Léigear iomlán ordaithe ag Aire Cosanta Iosrael ar Stráice Gaza" (as ga-IE).
- ↑ "Israel revises down toll from October 7 attack to ‘around 1,200’" (en). Al Jazeera. Dáta rochtana: 2023-11-11.
- ↑ Ashifa Kassam (2023-09-11). "Luis Rubiales resignation hailed as win for feminism but questions remain" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-12-10.
- ↑ "Libya: Derna Flood Response Costs Lives | Human Rights Watch" (en) (2023-12-06). Dáta rochtana: 2023-12-28.
- ↑ Alex Hijmans (12 Iúil 2023). "Ná déanaimis dearmad nach ionann ‘aimsir’ agus ‘aeráid’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-12.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-06-06). "An Úcráin: damba mór pollta ag buamaí, réimse mór tíre báite" (as ga-IE).
- ↑ "Erdogan sworn in as he begins third term as Turkey's president" (en). France 24 (2023-06-03). Dáta rochtana: 2023-12-29.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-05-29). "Olltoghchán tobann fógartha mí Iúil sa Spáinn" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-04-20). "85 duine maraithe in ollbhrútam i bpríomhchathair Éimin" (as ga).
- ↑ "Réforme des retraites : après la promulgation de la loi, Emmanuel Macron veut « faire le bilan », les syndicats refusent l’« agenda » du gouvernement" (fr). Le Monde.fr (2023-04-16). Dáta rochtana: 2023-04-16.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-05-04). "Dróin 'kamikaze' scaoilte le cathracha san Úcráin" (as ga-IE).
- ↑ "Şanlıurfa'da depremde kaç kişi öldü ve kaç kişi yaralandı? Vali bilançoyu açıkladı.." (tr). Ensonhaber (2023-02-13). Dáta rochtana: 2023-12-29.