Dlí Dáithí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
2016: "Life Goes On" mórchlár fógraíochta, Sráid John, An Ómaigh

Ar 22 Feabhra 2023, thug parlaimint Westminister a bheannacht do 'Dhlí Daithí', mar a thugtar air. Seo dlí maidir le deonú orgáin i dTuaisceart na hÉireann. Faoin reachtaíocht glacfar leis go bhfuil comhthoil ann chun orgáin a dheonú muna ndeirtear a mhalairt.[1][2]

'Dlí Dháithí' a tugadh ar an dlí in onóir Dáithí Mac Gabhann, buachaill seacht mbliana d'aois as Béal Feirste, ag fanacht le croí nua. De thoradh fheachtas fada a mhuintire, tugadh isteach dlí nua sa Tuaisceart faoin mbreathnaítear anois ar bheagnach gach duine fásta atá tar éis bháis mar dheontóir orgán. Glactar leis nár mhiste le daoine go mbainfí leas as a gcuid orgán mura raibh sé tugtha le fios go sonrach acu agus iad ina mbeatha nár mhian leo iad a dheonú.[3]

Ainneoin an dlí nua, d'achainigh athair Dáithí, Máirtín Mac Gabhann ar dhaoine clárú mar dheontóirí orgán agus an scéal a phlé go hoscailte le daoine eile d'fhonn feasacht an phobail trí chéile ar an gceist a fheabhsú. Chomh maith le Dáithí, tá suas le 150 duine sa Tuaisceart ag fanacht le horgán nua sa bhliain 2022. Fuair 96 duine ó thuaidh orgán nua ó dheontóirí a bhí básaithe sa bhliain chéanna. Ar an drochuair, cailltear thart ar chúig dhuine dhéag gach bliain sa Tuaisceart agus iad ag fanacht le horgán nua.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tús Áite / RnaG (22 Feabhra 2023). "Dlí Dáithí" (as ga-IE). 
  2. "Dáithí's Law on organ donation clears final hurdle in Commons" (en-GB) (2023-02-22). Dáta rochtana: 2023-11-22.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2023-11-22). "Dáithí Mac Gabhann ag fanacht 2,000 lá le croí nua" (as ga-IE).