Deonú orgán

Is é deonú orgán[1] nuair a thugtar orgáin agus fíochán sláintiúil go ndéanfar iad a thrasphlandú i nduine eile, le hiad a chur in ionad orgáin nach bhfuil sláintiúil. Is féidir an croí, na duáin, na scamhóga, an t-ae, an paincréas srl a dheonú le haghaidh trasphlandú.[2]
Ní dhéantar formhór na n-orgán a thrasphlandú ach tar éis duit bás a fháil. Ach is féidir le duán a dheonú nuair a bhíonn stíl mhaireachtála shláintiúil a bheith ag duine gan an t-orgán. Chun go ndéantar deontóir beo de dhuine, caithfear toiliú feasach a thabhairt.[2]
Ní úsáidfear d’orgáin, amanna, fiú más deontóir orgáin atá i gceist. Tá critéir leighis agus coinníollacha eile ann nach mór a shásamh.
"Dlí Dáithí"
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig "Dlí Dáithí" i bhfeidhm sa Tuaisceart in 2023, dlí in onóir Dháithí Mhic Gabhann, buachaill as Béal Feirste a bhí ag fanacht le croí nua ó 2018.
Sa Phoblacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2024, rinneadh 263 obráid trasphlandaithe sa Stát, lena n-áirítear 84 orgán ó dhaoine a bhí básaithe agus 30 orgán ó dhaoine a bhí ina mbeatha. Trasphlandú duán is mó a bhí i gceist. Níor baineadh leas as orgáin 1-2% de dhaoine tar éis bháis.[3]
Ar an 17 Meitheamh 2025, tháinig dlí nua i bhfeidhm in Éirinn: glactar leis anois go bhfuil gach duine os cionn ocht mbliana déag d'aois sásta a gcuid orgán a dheonú tar éis a mbáis, seachas sa chás gur chuir siad a mhalairt in iúl go sonrach. Daoine nach mian leo go mbainfí leas as a gcuid orgán tar éis a mbáis, ní mór dóibh a n-ainm a chlárú ar liosta oifigiúil neamhdheontóirí atá bunaithe faoin Acht um Fhíochán Daonna 2024. Caithfear cead a fháil fós ó theaghlach an té a bhásaigh a chuid orgán a dheonú.[3]
Líonra Deontóirí na hÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is grúpa de dhaoine aonair agus cumainn othar atá bainteach go díreach le trasphlandú orgáin, teaghlaigh dheontóirí agus comhordaitheoirí leighis atá bainteach i dtrasphlandú orgáin agus fíocháin é Líonra Deontóirí na hÉireann.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, organ donation
- ↑ 2.0 2.1 Citizensinformation.ie (2024). "Deonú orgán agus corp" (ga-IE). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-10-18.
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2025-06-17). "Feidhm ó inniu le dlí nua maidir le deonú orgán" (as ga-IE).
- ↑ donornetwork.ie/ (2017-09-05). "Líonra Deontóirí na hÉireann" (en-IE). IDN. Dáta rochtana: 2024-10-18.