Siondróm hipeapláiseach croí clé
Éalang neamhghnáth croí é an siondróim hipeapláiseach croí clé[1] a bhíonn ar leanaí ón bhroinn, a fhágann nach mbíonn ar chumas an chroí fuil a dháileadh i gceart ar fud an choirp. Ina áit sin bíonn ar an chuid dheis den chroí an fhuil uilig a phumpáil chuig na scamhóga agus chuig an chuid eile den chorp.[2]
Dlí Daithí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Dáithí Mac Gabhann, a rugadh in 2017, as Béal Feirste is cúis leis an dlí ar dheonú orgán a bheith leasaithe sa Tuaisceart in 2023. Throid a thuismitheoirí go crua leis an dlí ar dheonú orgáin a athrú. Bhí Dáithí ar dhuine de 153 othar i dTuaisceart Éireann in 2024 a bhí ag fanacht le trasphlandú. Ar an drochuair, ní gach othar a mhaireann fada go leor le horgán úr a fháil - faigheann idir deichniúr agus cúig dhuine dhéag bás gach bliain sula n-aimsítear deontóir dóibh.[2]
Is deontóir orgán go huathoibríoch é gach duine fásta i dTuaisceart Éireann anois ach amháin má chuireann duine a mhalairt in iúl.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Béarla : hypoplastic left heart syndrome nó HLHS
- ↑ 2.0 2.1 Áine Ní Ghallchóir / Nuacht RTÉ (2024-06-01). "Ardú croí tugtha ag Dlí Dháithí do othair trasphlandaithe" (as ga-IE).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |