Toghchán parlaiminte na Polainne, 2023

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtToghchán parlaiminte na Polainne, 2023
Map
Cineáltoghchán parlaiminte na Polainne Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana15 Deireadh Fómhair 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
2019 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisan Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanBall de Sejm Phoblacht na Polainne
Member of the Senate of the Republic of Poland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
IarrthóirUnited Right (en) Aistrigh (7,640,854)
Civic Coalition (en) Aistrigh (6,629,402)
Third Way (en) Aistrigh (3,110,670)
The Left (Poland) (en) Aistrigh (1,859,018)
Confederation (en) Aistrigh (1,547,364) Cuir in eagar ar Wikidata
Iarrthóir ar éirigh leis/léiUnited Right (en) Aistrigh
Civic Coalition (en) Aistrigh
Third Way (en) Aistrigh
The Left (Poland) (en) Aistrigh
Confederation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Reáchtáladh toghchán parlaiminte na Polainne 2023 ar an 15 Deireadh Fómhair.

Donald Tusk in Ustroń, ar chlé
Jaroslaw Kaczynski

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cháin lucht feachtais LADT an PiS : agóid in Katowice, 2023

Bhí páirtí na heite deise, an PiS [Páirtí Dlí agus Cirt] faoi cheannaireacht Jaroslaw Kaczynski, i gcumhacht idir 2015-2023.[1] Faoi pháirtí an PiS, cuireadh deireadh de réir a chéile le go leor de na hiarshrianta agus na cosaintí a bhíodh ann ionas go raibh smacht níos mó ag an bpáirtí ar institiúidí an stáit – na cúirteanna, na meáin phoiblí agus an próiseas toghcháin féin. Cháin lucht feachtais LADT agus comhshaoil an páirtí chomh maith mar gheall ar a sheasamh i leith cúrsaí chearta an duine agus athraithe aeráide.

Bhí go leor cainte ann le linn 2023 gurb é seo an toghchán is tábhachtaí ón gceann i 1989, nuair a cuireadh an daonlathas i bhfeidhm sa tír tar éis chliseadh an chumannachais, a bhí i bhfeidhm go hoifigiúil sa tír ó 1952. Measadh go mbeidh an-tionchar ag toradh an toghcháin seo ar an tír agus gur ród nua don tír a bheidh ann go sóisialta agus ó thaobh na polaitíochta agus an chultúir.[1]

Feachtas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Comhghuaillíocht Shibhialta na Polainne, páirtí a bhfuil Donald Tusk, iarUachtarán ar an Aontas Eorpach, i gceannas air, réidh le teacht in áit pháirtí na heite deise, an PiS [Páirtí Dlí agus Cirt] faoi cheannaireacht Jaroslaw Kaczynski.

Bhí sé geallta ag Tusk go gcuirfidh rialtas faoina cheannas féin feabhas ar chaidreamh na Polainne leis an AE agus go n-éireoidh leis an €36 billiún as Ciste Téarnaimh ón Covid an Aontais Eorpaigh (a ceileadh orthu go dtí 2023 a fháil don tír). Aighneas idir an tAE agus páirtí PiS, toisc gur breithiúna a bhí báúil leis an bpáirtí sin a ceapadh in ardchúirteanna na tíre, ba chúis leis an maoiniú sin a bheith gan dáileadh roimh an toghchán.

Gheall an Chomhghuaillíocht Shibhialta freisin go ndéanfaí liobrálú ar dhlíthe na tíre maidir le ginmhilleadh. Sa bhliain 2021 a tugadh isteach dlí a chuir nach mór cosc iomlán ar an gcóir leighis sin.[1]

Torthaí an toghcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Vótáil thart ar 73% den toghlach, an vóta is airde ó 1989 nuair a cuireadh deireadh leis an gcumannachas.

Fuair Páirtí Dlí agus Cirt 194 suíochán, i bhfad ón 231 suíochán a bheadh riachtanach chun móramh a bheith aige.

Ní bhfuair Páirtí na Cónaidhme, a bhí i bhfad amach ar an eite dheis, ach 18 suíochán. Ní raibh aon choinne le torthaí chomh dona sin don Pháirtí.

Mar sin ní raibh an Páirtí Dlí agus Cirt comhrialtas a chur le chéile leis na feisirí a bhí i bhfad amach ar an eite dhei

Bhí teacht ag an bhfreasúra ar 248 suíochán agus bhí páirtí Tusk in ann comhrialtas leathan a dhéanamh leis Tríú Slí, páirtí atá ar dheis ón lár, agus le Lewica, páirtí ar an eite chlé.[1]

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí 11 both vótála oscailte in Éirinn do na Polannaigh a bhí ina gcónaí anseo agus vótáil na mílte díobh sa toghchán.

Rialtas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 13 Nollaig 2023, ghlac Donald Tusk mionn na hoifige mar phríomh-aire ar an bPolainn.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 "‘An lá leis an Pholainn, an lá leis an daonlathas’ – an móramh caillte ag páirtí rialtais na heite deise" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-16). Dáta rochtana: 2023-10-16.
  2. "Donald Tusk sworn in as Poland's new prime minister" (en). Le Monde.fr (2023-12-13). Dáta rochtana: 2023-12-29.