Chandrayaan-3

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisChandrayaan-3

Cineál miseanmisean spáis
Oibritheoir   Indian Space Research Organisation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
NSSDCA ID2023-098A
Uimh. SATCAT57320
Airíonna árthaigh
Mais
3,900 kg Cuir in eagar ar Wikidata
Tús an mhisin
Lainseáil roicéid
Dáta14 Iúil 2023
ÁitSatish Dhawan Space Centre Second Launch Pad (en) Aistrigh, Satish Dhawan Space Centre (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Feithicil lainseáilLaunch Vehicle Mark III (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Spriocanna

Tuirlingthe gealach
Dáta23 Lúnasa 2023 Cuir in eagar ar Wikidata

Chandrayaan-2 (en) Aistrigh

Ar 23 Lúnasa 2023, thuirling Chandrayaan-3, spásárthach ón India, gan tuisliú gar do mhol theas na gealaí, limistéar ar an ngealach gur beag taighde a bhí déanta ann. Tá suim ar leith ag eolaithe san oighear uisce, toisc go bhféadfaí é a úsáid fá choinne breosla, ocsaigine agus uisce óil.[1]

Theip ar iarrachtaí na hIndia roimhe seo, agus mar gheall ar thír-raon garbh an mhoil theas bhí sé deacair teacht i dtír. B'é an chéad uair ag aon spásárthach ó aon tír ar domhan tuirlingt gar don mhol theas. B'é an chéad uair é freisin – ach an dara hiarracht – ag an India spásárthach a chur chun na gealaí.[2]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go dtí 23 Lúnasa 2023, ní raibh tuirlingthe ar an ngealach ach spásárthaí ó thrí thír, mar atá, na Stáit Aontaithe, an tAontas Sóivéadach agus an tSín.

Is suíomh straitéiseach é mol theas na gealaí. Measann eolaithe go mb’fhéidir go bhfuil uisce reoite sna cráitéir ar thaobh dorcha na gealaí, cráitéir a bhíonn faoi scáth i gcónaí.[3] Creidtear go mb'fhéidir go bhféadfaí an-leas a bhaint san am atá le teacht as an leac oighir ag an mol theas. Cuir i gcás, d'fhéadfaí uisce óil nó ocsaigin le haghaidh spásairí idirnáisiúnta a dhéanamh as an leac oighir, é sin nó breosla a dhéanamh as.[2]

Tá dromchla mhol theas na gealaí fíorgharbh agus aimhréidh, agus theip ar iarrachtaí spáseolaithe ó thíortha eile roimhe seo árthach a chur ann. Cleite mór i sciathán spáseolaithe na hIndia a bhí ann. Go deimhin, theip ar spásárthach ón Rúis tuirlingt ann cúpla lá roimh Chandrayaan-3, ar 19 Lúnasa.[4] Sheol an Rúis Luna-25 chun na gealaí ach d’imigh an spásárthach sin ó smacht agus bhuail sí in éadan na gealaí.[3]

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Chandrayaan-3 i dteagmháil le dromchla na gealaí sé seachtaine i ndiaidh a sheolta ar bord roicéid ó spásphort in Andhra Pradesh.

Is ag 18:02 IST (am na hIndia) ar 23 Lúnasa 2023 a thuirling an spásárthach gar don mhol theas.[2] Tá Chandrayaan-3, a chiallaíonn spásárthach i Sainscrait, ar an gcéad mhisean spáis ar éirigh leis tuirlingt gar don mhol theas.

Taobh istigh den tuirlingeoir bhí an carr gealaí sérothach Pragyaan, cuireadh é ag fánaíocht chun eolas agus íomhánna a bhailiú. Lean an misean ag déanamh na bunoibre fá choinne bunáit bhuan amach anseo.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Conradh na Gaeilge, Londain (26 Lúnasa 2023). "‎Nuacht Mhall: (An Dún)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-08-28.
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2023-08-23). "Spásárthach ón India tuirlingthe gan tuisliú ar an ngealach" (as ga-IE). 
  3. 3.0 3.1 "An India an chéad tír le spásárthach a thuirlingt le hais mhol theas na gealaí" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-08-23). Dáta rochtana: 2023-08-28.
  4. Jackie Wattles (2023-08-22). "Russia’s lander crashing into the moon may signal another shift in the space race, experts say" (en). CNN. Dáta rochtana: 2023-08-23.