Luna-25

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisLuna-25

Cineál miseantuirlingeoir gealaí agus former entity (en) Aistrigh
Oibritheoir   Gníomhaireacht Spáis na Rúise
   Russian Space Research Institute (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
NSSDCA IDLUNA-25
Uimh. SATCAT57600
Airíonna árthaigh
MonaróirNPO Lavochkin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Mais
1,750 kg

800 kg Cuir in eagar ar Wikidata
Tús an mhisin
Lainseáil roicéid
Dáta10 Lúnasa 2023
ÁitVostochny Cosmodrome Site 1S (en) Aistrigh, Vostochny Cosmodrome (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Feithicil lainseáilSoyuz-2.1b Cuir in eagar ar Wikidata

Luna-Glob (en) Aistrigh
Luna 24 (en) Aistrigh

Ar 19 Lúnasa 2023, theip ar an Rúis an spásárthach Luna-25 a thabhairt i dtír ar phol theas na gealaí. Mar gheall ar thír-raon garbh an phoil theas, bhí sé deacair teacht i dtír.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is suíomh straitéiseach é mol theas na gealaí. Tá suim ar leith ag eolaithe san oighear uisce, toisc go bhféadfaí é a úsáid fá choinne breosla, ocsaigine agus uisce óil.[1][2] Measann eolaithe go mb’fhéidir go bhfuil uisce reoite sna cráitéir ar thaobh dorcha na gealaí, cráitéir a bhíonn faoi scáth i gcónaí.[3] Creidtear go mb'fhéidir go bhféadfaí an-leas a bhaint san am atá le teacht as an leac oighir ag an mol theas. Cuir i gcás, d'fhéadfaí uisce óil nó ocsaigin le haghaidh spásairí idirnáisiúnta a dhéanamh as an leac oighir, é sin nó breosla a dhéanamh as.[2]

Taisteal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Luna-25 seolta ar bord roicéid ó spásphort Vostochny Cosmodrome ar 10 Lúnasa 2023. Chuaigh Luna-25 i dteagmháil le dromchla na gealaí naoi lá níos déanaí ar 19 Lúnasa. D’imigh an spásárthach sin ó smacht agus bhuail sí in éadan na gealaí.[3] Tá dromchla mhol theas na gealaí fíorgharbh agus aimhréidh.

Ach ar 23 Lúnasa 2023, thuirling Chandrayaan-3, spásárthach ón India, gan tuisliú gar do mhol theas na gealaí, Cleite mór i sciathán spáseolaithe na hIndia a bhí ann, agus bhí Vladimir Putin, uachtarán na Rúise, agus Clár Spáis na Rúise náirithe.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Conradh na Gaeilge, Londain (26 Lúnasa 2023). "‎Nuacht Mhall: (An Dún)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-08-28.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2023-08-23). "Spásárthach ón India tuirlingthe gan tuisliú ar an ngealach" (as ga-IE). 
  3. 3.0 3.1 "An India an chéad tír le spásárthach a thuirlingt le hais mhol theas na gealaí" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-08-23). Dáta rochtana: 2023-08-28.