Séamus Ó hUltacháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSéamus Ó hUltacháin
Beathaisnéis
Breith1948
Corr na Gaoithe, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Meán Fómhair 2023
74/75 bliana d'aois
Cluainín, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Galar néarón luadrach)
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

File agus scríbhneoir Gaeilge ba ea Séamus Ó hÚltacháinJim Nolan (1948 - 19 Meán Fómhair 2023.[1][2] Chaith sé scór bliain is tuilleadh ag teagasc i mBÁC, agus é ag scríbhneoireacht ag an am céanna.

Ar scor, d'fhill sé ar an mBlaic i gContae an Chabháin, áit a mbíodh sé ag obair mar threoraí i bPáirc Náisiúnta an Bhoirinn. Bhí an galar néarón luadrach air.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith sé scór bliain is tuilleadh ag teagasc i mBÁC, áit ar chruthaigh sé an tsraith leabhar Deco agus a chairde le O'Brien Press (sraith theilifíse do dhéagóirí ar RTÉ níos déanaí). Foilsíodh aistí leis ar iarsmaí seandálaíochta, go háirithe ar chlocha sa tírdhreach, i Breifne agus Archeology Ireland. Bhí sé ina chomhúdar ar Stair Chill na Laighneach. Chonacthas saothar filíochta leis i Scríbhneoirí Cois Teorainn fosta.

  • Deco agus a chairde ISBN 0862780950, 1985. / Sraith theilifíse do dhéagóirí ar RTÉ sna 1980idí
  • Aniar Aduaidh 2004, a chéad chnuasach filíochta[3]

Airítear macalla cian staire agus nua-staire sa chnuasach filíochta seo ó Shéamus Ó hUltacháin. Díríonn sé ar Bhréifne Thiar agus tá bá iontach aige le laochra Gaelacha na dúiche – Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, file, agus Seán Éamoinn Ruairí Mag Uidhir, seanchaí. Féachann sé le canúint atá caillte anois a aimsiú mar aon le meon agus tuiscint saoil ar leith. - An Ceathrú Póilí

Mar is dual don bhfile seo is aisfhreagra ar stair, tír-dhreach, seanchas is béaloideas Bhreifne cuid mhaith des na dánta anseo; agus mar spíosra bhreise dúinn ortha is minic friotal, foclaí agus frásaí ón chanúint a bhíodh sa treis san dúthaigh sin in úsáid aige. Anuas ar sin tá seodra snasta aige dúinn as a chaidreamh le bun-dúchasaigh, san Astráil ach go háirithe. - Coiscéim

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Death Notice of Jim Nolan (Blacklion, Cavan) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2023-12-25.
  2. oceanfm.ie (13 Deireadh Fómhair 2023). "The death has occurred of Jim Nolan (Séamus Ó hUltacháin)" (en). Dáta rochtana: 13 Deireadh Fómhair 2023.
  3. "Aniar Aduaidh" (ga-IE). An Ceathrú Póilí (2023-09-22). Dáta rochtana: 2023-12-25.
  4. "Imeallaigh" (ga-IE). An Ceathrú Póilí. Dáta rochtana: 2023-12-25.