Cathal Buí Mac Giolla Ghunna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cathal Buí Mac Giolla Ghunna
Saol
Eolas breithe1680
Bás1756
Oideachas
Teangachaan Ghaeilge
Gairm
Gairmfile

Duine de na filí ba cháiliúla i gCúige Uladh ab ea Cathal Buí Mac Giolla Ghunna. (t. 1680-1756). Rugadh é timpeall 1680 i bhFear Manach, chaith sé seal ina ábhar sagairt, ach chuaigh le filíocht agus le cairréireacht ina dhiaidh sin. Is é An Bonnán Buí amhrán magúil faoi bhás éin den tart, an saothar is cáiliúla dá chuid agus bíonn leaganacha de á gcanadh go fóill ar fud na hÉireann.

D'fhoilsigh an scoláire Breandán Ó Buachalla bailiúchán dá shaothar: "Cathal Buí: Amhráin" sa bhliain 1975.

Ficsean[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Cathal Buí mar charachtar san úrscéal Rún an Bhonnáin le Proinsias Mac a' Bhaird a foilsíodh sa bhliain 2010.