Breandán Ó Buachalla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
An tOllamh Breandán Ó Buachalla

Ba scoláire agus acadóir Gaeilge é Breandán Ó Buachalla (15 Eanáir 1936 - 20 Bealtaine 2010). Aithnítear é ar dhuine de na scoláirí ba thábhachtaí i léann na Gaeilge sa dara cuid den 20ú haois agus i dtús na haoise seo.[1] Bhí sé ar dhuine de na daoine is mó saineolas ar fhilíocht agus ar scríbhneoireacht na Nua-Ghaeilge Moiche.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Breandán Ó Buachalla i gCathair Chorcaí sa bhliain 1936. Oileadh é i Scoil Neasáin agus i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, áit ar bhain sé bunchéim amach sa Léann Ceilteach.

Gairmréim mar acadóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith sé tréimhse ina léachtóir Gaeilge in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste ar dtús, sular thug sé aghaidh ar München na Gearmáine chun staidéar a dhéanamh ar fhocleolaíocht agus ar theangeolaíocht faoi cheannas Julius Pokorny.[2] Bhí sé ina Ollamh le Gaeilge i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ó 1973 go dtí 1978, chomh maith le bheith ina Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ó 1978 go dtí 1996. Anuas air sin, bhí sé ina ollamh ar cuairt i gColáiste Bhostún agus Ollscoil Nua-Eabhrac. Bhí sé ina ollamh (ar an gcéad duine ag freastal ar Ollúnacht Thomáis J. agus Chaitlín Uí Dhónaill leis an Teanga Ghaeilge agus le Litríocht na Gaeilge) i Roinn na Gaeilge agus na Litríochta Gaeilge in Ollscoil Notre Dame ó 2003 ar aghaidh.

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Mac Uí Bhuachalla pósta ar Aingeal agus bhí triúr clainne acu, mar atá, Bríd Óg, Clíona agus Traolach, agus triúr garmhac leo, Marcus, Cuán agus Seán Óg. Tá cáil áirithe bainte amach ag a pháistí dóibh féin ag obair sna meáin chumarsáide, go háirithe i meáin chumarsáide na Gaeilge.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an saothar is mó dár tháinig ó pheann Uí Bhuachalla ná Aisling Ghéar: na Stíobhartaigh agus an tAos Léinn 1603-1788, leabhar ocht gcéad leathanach ina ndéanann sé cardáil ar sheánra na haislinge i bhfilíocht na Gaeilge agus ar an tábhacht a bhí leis an seánra seo i mbolscaireacht na Seacaibíteach. Thairis sin, chuir sé in eagar amhráin le filí na hochtú haoise déag: Cathal Buí Mac Giolla Ghunna agus Peadar Ó Doirnín. Amach ó Aisling Ghéar, is é an leabhar is téagartha dár fhoilsigh sé ná I mBéal Feirste Cois Cuain, nó stair Chathair Bhéal Feirste a chuir béim ar leith ar thraidisiún na Gaeilge sa chathair. Bhí an leabhar seo ar ceann de na tráchtais scolártha ba sine dár tharraing súil cheart ar ról dearfach na bProtastúnach i saol na Gaeilge sna críocha ar a dtugtar Tuaisceart Éireann inniu.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Ó Buachalla bás go tobann le taom croí Déardaoin, 20 Bealtaine 2010.[3]

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Clár Lámhscríbhinní Gaeilge sa Leabharlann Phoiblí i mBéal Feirste (1962)
  • I mBéal Feirste Cois Cuain (1968)
  • Peadar Ó Doirnín: Amhráin (1969)
  • Nua-Dhuanaire I agus II (1972 agus 1976)
  • Cathal Buí: Amhráin (1975)
  • Aisling Ghéar: na Stíobhartaigh agus an tAos Léinn 1603-1788 (1996)
  • An Caoine agus An Chaointeoireacht (1998)
  • The Crown of Ireland (2006)
  • Aogán Ó Rathaille (2007)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.gaelport.com/sonrai-nuachta?NewsItemID=4438
  2. Welch, Robert (eag.), Oxford Concise Companion to Irish Literature, (Oxford 1996/2000) lth. 264
  3. http://www.southbendtribune.com/article/20100522/News01/5220371/-1/googleNews

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]