An Ceathrú Póilí
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | siopa leabhar neamhspleách gnó bríce agus moirtéal | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1983 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Suíomh gréasáin | https://www.anceathrupoili.com/ | ||||
Siopa leabhar neamhspleách atá sa Cheathrú Póilí atá lonnaithe i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál i gCeathrú Gaeltachta Bhéal Feirste. Bunaíodh an tsiopa i 1983.[1] Díolann an tsiopa leabhathaí Gaeilge agus taifeadtaí agus uirlisí Ceoil Traidisiúnta Gaelach agus seodra agus ceardaíocht Cheilteach go príomha ach díolann siad na céadtaí leabhar Béarla fá stair agus polaitíocht na hÉireann chomh maith.[2]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]1983–2010
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh An Ceathrú Póilí i 1983 agus bhí sé lonnaithe in Ardscoil Bhéal Feirste. I ndiaidh do thine an Ardscoil a scriosadh i 1984,[3] bhí saol fánaíochta ag an siopa go dtí gur bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i 1991 i sean-Eaglais Phreispitéireach an Bhealaigh Leathan ar Bhóthar na bhFál. Úsáidíodh an t-ionad mar mheánscoil Gaelach, Méanscoil Feirste (ar a dtugtar Coláiste Feirste anois agus atá loinnithe i bPáirc Radharc na bhFeá sa lá atá inniu ann) agus mar spás amharclainne leis an siopa leabhar suite ar an bhunurlár in aice leis An Caifé Glas (ar a dtugtar Bia anois).
2011 - go dtí an lá atá inniu ann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne athchóiriú ar An Ceathrú Póilí i 2011 agus d'athoscail an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa an Cultúrlann in 2011.[4] Thosaigh an siopa ag díol ar líne i Meán Fómhair 2016. Bíonn seoltaí leabhair a reáchtáil go rialta ann i gcomhar leis na bhfoilsitheoirí Coiscéim, Cló Iar-Chonnacht agus An Gúm .
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Discover Northern Ireland | Visit Northern Ireland | Tourism NI" (en-GB). Discover Northern Ireland. Dáta rochtana: 2020-09-02.
- ↑ Guardian Staff (2011-09-30). "Independent bookshops in Northern Ireland" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2020-09-02.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-12-16. Dáta rochtana: 2020-09-02.
- ↑ Brendan Deeds (2011-10-11). "The New Cultúrlann" (en). Culture Northern Ireland. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-06. Dáta rochtana: 2020-09-02.