Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.jpg

Is lárionad don saol Gaelach i mBéal Feirste Thuaisceart Éireann é Cultúrlann McAdam Ó Fiaich. Bunaíodh an Chultúrlann sa bhliain 1991 i seanteampall Phreispitéireach an Phríomh-Bhealaigh. Fuair sí a hainm ó Robert Shipboy McAdam agus ó Thomás Ó Fiaich.

Protastúnach a bhí i Robert Shipboy McAdam, a mhair sna blianta 1808-1895, agus é ar dhuine de na Preispitéirigh a chuir suim sa Ghaeilge i gCúige Uladh san ochtú agus sa naoú haois déag. Maidir leis an Chairdinéal Tomás Ó Fiaich (1923-1990), bhí sé ina Ard-Easpag ar Dheoise Ard Mhacha agus ina Phríomháidh ar an Eaglais Chaitliceach in Éirinn go léir ón bhliain 1978 go lá a bháis. Bhí Tomás Ó Fiaich ina scoláire Gaeilge chomh maith, agus chuir sé dánta Airt Mhic Chumhaigh in eagar.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Chultúrlann le fáil ag 216 Bóthar na bhFál. Tá sí suite idir Sráid Fallswater agus Sráid Nansen, agus is féidir bus a fháil ón Ascaill Ríoga i lár na cathrach go dtí an Chultúrlann, nó stopann na busanna uilig ag an áit sin. Is féidir tacsaí dubh a thógáil ón ionad paisinéirí i nGabhal an Chaisleáin go dtí an Chultúrlann fosta, agus bíonn na seirbhísí príobháideacha tacsaí ar fáil go fairsing don té a mbeadh marcaíocht shábháilte abhaile de dhíth air i ndiaidh theacht an dorchadais.

Maoiniú na Cultúrlainne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gheibh an Chultúrlann maoiniú ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, ó Fhoras na Gaeilge, agus ó dhá roinn de chuid Rialtas na Breataine Móire, mar atá, an Roinn Chultúir, Ealaíon agus Fóillíochta agus an Roinn Forbartha Sóisialta.

Áiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá trí urlár i bhfoirgneamh na Cultúrlainne. Ar an chéad urlár atá oifig na bhfáilteoirí chomh maith leis an siopa leabhar (An Ceathrú Póilí) agus an bhialann. Ar an dara hurlár atá na seomraí ceardlainne, an amharclann agus an dánlann. Ar an tríú hurlár, arís, atá oifigí na gcomhlachtaí agus na n-eagraíochtaí atá lonnaithe sa Chultúrlann.

Sna seomraí ceardlainne a eagraítear na ranganna Gaeilge, agus úsáid á baint astu chomh maith le haghaidh gníomhaíochtaí ceoil agus ealaíne do pháistí agus do dhaoine fásta araon. Tagann Comhluadar, grúpa tacaíochta na dteaghlach Gaelach, le chéile sna seomraí ceardlainne uair in aghaidh na míosa, le go mbeadh spraoi ag na páistí agus cuideachta ag na tuismitheoirí trí mheán na Gaeilge. Thairis sin, tagann Cór Loch Lao agus an Ciorcal Amhránaíochta ansin lena gcuid ceolta a chleachtadh. Bunaíodh Cór Loch Lao sa Chultúrlann sa bhliain 2001, agus is é an Dochtúir Mánas Ó Baoill, a d'fhoilsigh an dá bhailiúchán de Cheolta Gael, atá ina stiúrthóir ar an chór. Maidir leis an Chiorcal Amhránaíochta, is ciorcal neamhfhoirmiúil amhránaíochta é agus é ag déanamh speisialtóireachta ar na hamhráin dhúchasacha Gaeilge.

Tá an dánlann ainmnithe as Gerard Dillon (nó Gearóid Diolún, cé gurb é an leagan Béarla dá ainm a úsáidtear). Ealaíontóir féin-teagasctha de thógáil Bhéal Feirste a bhí ann, a mhair sna blianta 1916-1971. D'fhoghlaim sé tús a cheirde nuair a bhí sé ag obair ina mhaisitheoir i Londain, ach chaith sé blianta an chogaidh i mBéal Feirste, agus b'ansin a chuaigh sé le péintéireacht i ndáiríre. Taispeántar idir shaothar áitiúil agus saothar le healaíontóirí coimhthíocha sa dánlann.

Maidir leis an amharclann, is é an compántas úd Aisling Ghéar an compántas aisteoireachta atá bunaithe ansin, agus iad ag léiriú drámaí le húdair choimhthíocha agus le húdair Angla-Éireannacha chomh maith le scríbhneoirí Gaeilge. Is iad an t-aon chompántas proifisiúnta aisteoireachta in Éirinn a léiríonn drámaí trí mheán na Gaeilge.

Tá an stáisiún raidió áitiúil Gaeilge, Raidió Fáilte 107.1 FM, bunaithe sa Chultúrlann chomh maith.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]