Jump to content

Slam Filíochta Liú Lúnasa

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSlam Filíochta Liú Lúnasa
Map
 54° 35′ 48″ N, 5° 55′ 48″ O / 54.5967°N,5.93°W / 54.5967; -5.93
Cineálslam filíochta
comórtas Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deLiú Lúnasa Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2017 - 
SuíomhBéal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainman Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Buaiteoir

Comórtas slamfhilíochta nó filíocht ó bhéal is ea Slam Filíochta Liú Lúnasa ina ghabhann "filí na Gaeilge in adharca a chéile chun duaiseanna iontacha airgid a bhaint."[1] Bíonn sé ar siúl gach bliain mar chuid den fhéile imill Liú Lúnasa. Áirítear é mar cheann de na himeachtaí is spleodraí i bhféilire na hÉireann.[2][3]

Tá an Slam Filíochta "ag dul ó neart go neart ó cuireadh ar bun é" in 2017 agus luaitear mar cheann de buaicphointí na Féile Liú Lúnasa é.[4][5] Déanann sé "ceiliúradh ar achan rud a sheasann an fhéile ar a son: An Ghaeilge, cultúr gaelach agus cultúr ar an imeall a chur chun cinn."[4]

Tá an Slam tar éis "clú nach beag" a tharraingt ar an bhféile agus áiríonn na hiomaitheoirí mar spás tábhachtach é ó thaobh na cruthaitheachta de.[6]

Más iomaíoch an comórtas é, ní bhíonn nimh ar bith le mothú ann agus bíonn daoine ag tabhairt tacaíochta dá chéile.[3] Ainneoin na nduaiseanna a bhíonn le buachan, is ar an gcomhluadar agus tacaíocht is mó a chuireann na hiomaitheoirí béim.[6]

Is preabchúirt í an Slam. Snagstáitse. Fás-aon-oireachtais. Aonach ársa úr-éigse.

Ócáid go dtagann gramaisc le chéile d’fhonn duine den slua a ghríosadh chun filíochta, agus tathant ar an té sin a gcéadfaithe a dhúiseacht agus a mbrionglóidí a bhriathrú.

—Séamus Barra Ó Súilleabháin[7]

Rud nach ionann agus comórtais liteartha eile, bíonn tábhacht faoi leith ag baint le teacht i láthair sa Slam – "Ní amháin go bhfuil tábhacht agus béim leagtha ar an chumadóireacht, tá tábhacht mhór leis an léiriú chomh maith: an bealach a chuirtear an píosa slam i láthair, tuin, guth, mothúchán, béim srl."[8]

Níl teorainn ar bith ó thaobh ábhair ná stíle. Is cuma iad ciúin glórach, geal riabhach, éagsúil nó ait, lán imní nó grinn agus siamsaíochta.[7][3][6] Tá "scoth na bhfilí" tar éis leas a bhaint as an "ardán an-spéisiúil" a chuireann an Slam Filíochta ar fáil dóibh chun dul i ngleic le réimse leathan téamaí ón ngéarchéim tithíochta go dtí stair fada na ndaoine aiteacha.[9]

Bliain Céad Áit Dara hÁit Tríú hÁit Moltóirí
2026[10] Eoin P Ó Murchú Cormac Mac Gearailt Ciara Ní É Seán Ó Muireagáin, Bríd Ní Mhaoldomhnaigh, Conor Torbóid
2025[3] Padaí de Cléir Donnchadh Millar Fitzsimions Cúán de Búrca Séamus Barra Ó Súilleabháin, Seán Ó Muireagáin, Myra Zepf
2024[11] Ciara Ní É Cúán de Búrca Colm Mac Gearailt Milène Fegan, Máire Zepf agus Seán Ó Muireagáin
2023[12] Cormac Mac Gearailt Padaí de Cléir Colm Mac Gearailt Ciara Ní É, Seán Ó Muireagáin agus Séamus Barra Ó Súilleabháin
2021[13] Sam Ó Fearraigh

le ‘Seanchas na mBan’

Julie Goo

leis ‘An Rás’

Eoin P. Ó Murchú

le ‘Géarchéim’

Gráinne Ketelaar,[4] Ciara Ní É, Réaltán Ní Leannáin agus Seán Ó Muireagáin
2020[14] Sinéad Ní Thuamáin

le ‘Comhrá Gan Mhaith’

Sam Ó Fearraigh

le ‘Mise Aerach’

Ciara Ní É

le ‘Smaointe faoi Chíocha’

Séamus Barra Ó Súilleabháin[15]
2019[16] Colm Mac Gearailt

le ‘Deor(a)-íocht’[17]

Dubhán Ó Longáin Maoilíosa Scott Séamus Barra Ó Súilleabháin, Réaltán Ní Leannáin agus Seán Ó Muireagáin[18]
2018[19] Dubhán Ó Longáin Colm Mac Gearailt Seaghan Mac an tSionnaigh Séamus Barra Ó Súilleabháin, Réaltán Ní Leannáin agus Seán Ó Muireagáin[20]
2017[21] Milène Fegan Sionainn Ní Ghréacháin

le ‘Airím Uaim’

Roinnte idir Dáire Ní Chanáin le ‘Litir do mo Ghrá’, agus Eoin P. Ó Murchú Seán Ó Muireagáin, Réaltán Ní Leannáin agus Séamus Barra Ó Súilleabháin

Bronnadh Duais Aitheantais ag Slam '17 ar Tuán Ó Ruanaidh.[22]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ "Tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag ceiliúradh 10 mbliana de Liú Lúnasa". NÓS (2024-08-23). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-24. Dáta rochtana: 2024-08-27.
  2. ↑ "Ireland's Only Irish-Language Poetry Slam Returns" (en-IE). Boundless & Bare (2024-08-22). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Lúnasa 2024. Dáta rochtana: 2024-08-29.
  3. 1 2 3 4 Roibeard Mac Maoláin (27 Lúnasa 2025). "An focal deiridh ag Padaí ag Slam Filíochta 2025". Seachtain: lch 4.
  4. 1 2 3 "❗4 LÁ LE D'IARRATAS A CHUR ISTEACH AR AN SLAM FILÍOCHTA". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-24. Dáta rochtana: 2024-08-27.
  5. ↑ Roibeard Mac Maoláin (28 Lúnasa 2024). "Liú Lúnasa: Féile na nGael óg ag teacht in aibíocht i mbliana". Irish Independent. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Lúnasa 2024. Dáta rochtana: 30 Lúnasa 2024.
  6. 1 2 3 MaryClaire Nic Uilliam (19 Lúnasa 2026). "Liú Lúnasa ag ceiliúradh an deichiú Slam Filíochta". Seachtain: lch 5.
  7. 1 2 Séamus Barra Ó Súilleabháin (2017-08-20). "Slam filíochta Liú Lúnasa". An tUltach. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Samhain 2023. Dáta rochtana: 2024-08-29.
  8. ↑ Ciara Ní É (27 Iúil 2021). "Slam Liú Lúnasa". Mise Ciara. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Iúil 2021. Dáta rochtana: 30 Lúnasa 2024.
  9. ↑ "Tugann Sam leis an Slam agus duais £500". Irish Independent (01 Meán Fómhair 2021). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 Lúnasa 2024. Dáta rochtana: 30 Lúnasa 2024.
  10. ↑ "Ó Murchú, Mac Gearailt, Ní É: Buaiteoirí Slam Filíochta 2026!". NÓS (18 Lúnasa 2026). Dáta rochtana: 2026-08-19.
  11. ↑ Liú Lúnasa. "Slam Filíochta 2024". www.instagram.com. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
  12. ↑ Liú Lúnasa (28 Lúnasa 2023). "An Slam Filíochta Liú Lúnasa 2023!". www.instagram.com. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
  13. ↑ "Slam Filíochta Liú Lúnasa buaite ag Sam Ó Fearraigh". NÓS (30 Lúnasa 2021). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 1 Márta 2024. Dáta rochtana: 2024-08-31.
  14. ↑ "Slam Filíochta Liú Lúnasa buaite ag Sinéad Ní Thuamáin". NÓS (29 Lúnasa 2020). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 03 Márta 2024. Dáta rochtana: 01 Meán Fómhair 2024.
  15. ↑ Sinéad Ní Uallacháin (28 Lúnasa 2020). "Slam Filíochta Liú Lúnasa agus imeachtaí eile". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 Aibreán 2024. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
  16. ↑ Liú Lúnasa (24 Lúnasa 2019). "SLAM FILÍOCHTA 2019". www.facebook.com. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
  17. ↑ NÓS (2021-01-05). "'Línte scríte i ngarraí mo smaointe' - dán nua dianghlasála le Colm Mac Gearailt". NÓS. Dáta rochtana: 2024-08-31.
  18. ↑ "Slam filíochta, Margaret Thatcher, agus tiúns - NÓS". NÓS (17 Iúil 2019). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 1 Márta 2024. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
  19. ↑ BLOC (28 Lúnasa 2018). "Liú Lúnasa 2018 | Buaiteoirí Slam Filíochta". Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
  20. ↑ Liú Lúnasa (8 Lúnasa 2018). "Slam Filíochta". Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
  21. ↑ Siún Ní Dhuinn (21 Meán Fómhair 2021). "Slam Bhéal Feirste ag Liú Lúnasa". RTÉ. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 21 Meán Fómhair 2021. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
  22. ↑ Liú Lúnasa (24 Lúnasa 2017). "Facebook". www.facebook.com. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.