Jump to content

Rapcheol Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lucht éisteachta ag gig de chuid Kneecap

D'fhéadfaí daoine éagsúla go leor ón traidisiún béil a áireamh mar dhaoine a chleacht Rapcheol Gaeilge, chomh maith le filí agus ceoltóirí éagsúla, ina measc Seosamh Ó Guairim, Rónán Ó Snodaigh, Gearóid Mac Lochlainn agus eile.

Scríobh Séamus Barra Ó Súilleabháin alt dar theideal Hip Hop sa Dúchas #1 i Lúnasa na bliana 2017 inar tagraíodh do leithéidí MC Muipéad agus Oisín Mac.

Tháinig CEARTA le Kneecap amach sa bhliain 2017. Hip hapairí a thugtar orthu uaireanta sa Ghaeilge.

An Hip-hap Gaelach i Mí na Samhna 2025 le Imram, (ó chlé go deas ón gcúl) Eoin P. Ó Murchú, Ciara Ní É, Julie Goo, James Shannon, Oisín Mac, Hammy Sgìth, Torby, Cúán de Búrca, Séimí Mac Lochlainn, duine anaithnid, Súil Amháin, Big Don/ Don Rua/ Donnchadh Millar Fitzsimons, Amano, Ushmush (a dhroim le ceamara)

Chuir an tOireachtas comórtas rapcheoil ar siúl do pháistí faoi bhun 10 mbliana d'aois den chéad uair sa bhliain 2025 agus an fhéile i mBéal Feirste. Móglaí Bap agus DJ Próvaí a bhí mar mholtóirí air, rud nár fógraíodh roimh ré agus a chuaigh i bhfeidhm go mór ar na hiomaitheoirí agus ar an lucht féachana.[1][2][3][4]

Bhí mórléiriú díolta amach den rapcheol Gaelach ar siúl i Mí na Samhna 2025 i mBÁC, inar chualathas Súil Amháin agus Ushmush, Amano, Hammy Sgìth, Julie Goo, Oisín Mac, Torby, James Shannon, agus aíonna nach iad.[5][6]

Des Bishop, a chuir Léim Thart amach in 2008
Kneecap ar an stáitse
IMLÉ
Rubberbandits

Seo liosta de roinnt de na rapálaithe Gaeilge. Sainmhíniú leathan atá in úsáid anseo - ach tá ar a laghad beagán Gaeilge canta acu seo.

  • MC Muipéad (agus an Hideous Penguin)
  • Kneecap
  • Súil Amháin
  • Oisín Mac
  • Rubberbandits, Ba mhaith liom bruíon le d'athair
  • Róisín Seoighe
  • IMLÉ rap / hip hop ar "Éad" nó "Do Chuid Jeans" mar shampla.
  • GMC beats (Gary Mac) agus Bubba Shakespeare Aaron Carroll - ardchaighdeán léiriúcháin stiúdio, Gaeilge bhunúsach
  • Tebi Rex; ón bhfocal Gaeilge teibí a thagann a n-ainm, an rian Fear Lasta Lampaí
  • Ushmush
  • Fay'd
  • Ribe Róibéis
  • Sello
  • Beoman
  • Tura
  • Deoraí
  • Griogar Labhraidh
  • Craic Boi Mental
  • Hazey Haze (Is Mise)
  • Dream ag Another Love Story - Conas atá tú? Tá mé go maith.
  • Fear as Baile Átha Cliath a dúirt gurbh é an t-aon duine as BÁC a rinne rapáil i nGaeilge.
  • Rud saghas hipíúil ar youtube agus baint ag muisiriúin agus Ceilteachas leis b'fhéidir?
  • MC Ophelia (Ar Imeall) físeán bainte aici.
  • shelovescalpol
  • Vúdú, i gCorca Dhuibhne
  • Bhíodh JJ ó Kneecap ag rapáil faoin ainm stáitse "Vigilante" freisin
  • Aeons agus Séamus Barra
  • An Aois Nua (dub), Chilli Flake, Mory
  • Aron Ó Súileabháin - rapálaí óg iarthar Dhuibhneach a bhíonn ar stáitse le Súil Amháin
  • Joseph Murray, Peigín Leitir Móir trap remix
  • James Shannon
  • MacDeRóiste, Soundcloud, youtube
  • 20mguy

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]