The Rubberbandits

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaThe Rubberbandits
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre2000 –
SeánraComedy hip hop (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáintherubberbandits.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: TheRubberbandits Twitter: Rubberbandits Musicbrainz: 02b631e9-ed39-4805-a2c8-39baa42084f3 Songkick: 1926125 Discogs: 2047781 Deezer: 5499797 Cuir in eagar ar Wikidata

Grúpa hip hap is ea The Rubberbandits (Gaeilge: Na Ropairí Rubair[1]) as Cathair Luimnigh in Éirinn, agus is iad Blindboy Boatclub (fíorainm Dave Chambers) agus Mr. Chrome (fíorainm Bob McGlynn) is mó a bhí chun tosaigh ann. Cuireann siad málaí siopadóireachta plaisteacha orthu chun a aithne a cheilt ar stáitse. Bhíodh DJ Willie O'Dea J in éineacht leo ar stáitse go minic, ina thost agus masc air, scigléiriú ar an bpolaiteoir Luimníoch, Willie O'Dea[2]. Roinnt fear a léirigh O'Dea J, an DJ raidió Paul Webb ina measc[3]. Cheap an grúpa gur ealaíontóirí iad, agus tugadh Gas Cuntism ar an ghluaiseacht[4].

Ar feadh na mblianta, bhí Na Ropairí ar stáitse ag an bPicnic Leictreach agus Féile Ghrinn Idirnáisiúnta Bulmers. Bhí siad ina mbanna tacaíochta ag Alabama Three, Super Extra Bonus Party, agus Ice Cube[5].

D'eisigh Na Ropairí an t-amhrán Horse Outside ar an 8 Nollaig 2010. Bhí breis is milliún radharc YouTube bainte amach acu taobh istigh de sheachtain.[6] I 2011, bronnadh Best Irish Act orthu ó Entertainment.ie, agus bronnadh duais IFTA ar Horse Outside[7][8]. Bhí an-tóir freisin ar Ba Mhaith Liom Bruíon le d'Athair sa bhliain 2011.

In Aibreán 2014, chum agus chan siad ceol aitheantais ar an tsraith idirlín Russell Brand The Trews[9].

Scríobh siad sceitsí grinn ar an tsraith ghrinn RTÉ Republic of Telly, an físeán Horse Outside san áireamh[10]. In 2011, chruthaigh siad sraith idirlín MTV[11]. Scríobh agus rinne siad tráchtaireacht ar an tsraith theilifíse The Impossible Gameshow, seó cluichí a bhí ar siúl ar ITV ó 2015 go 2016[12]. I 2016, chruthaigh siad sraith fhaisnéise aoir, The Rubberbandits' Guide to Everything, ar RTÉ.

In 2017, úsáideadh an t-amhrán Dad's Best Friend ar fhuaimrian an scannáin Trainspotting: T2[13]. An bhliain chéanna, chuir siad amach Sonny, amhrán faoi mheabhairshláinte agus féinmharú.[14]

In 2020, chuir siad amach na hamhráin Bertie Ahern agus Waiting[15].

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Albam áit is airde sna cairteacha Tairseach dhíolachán
Éire
2011 Serious About Men 16

Singil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Horse Outside
Bliain Singil áit is airde sna cairteacha Albam
Éire an R.A.
2010 "Horse Outside" 2 160 Serious About Men
2011 "I Wanna Fight Your Father" 6
"Spastic Hawk"
"Black Man"

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

http://soundcloud.com/rnl/rubberbandits Agallamh le Mr. Chrome ar Raidió na Life

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Eoin P. Ó Murchú (2017-08-22). "Na Rubberbandits & an Ghaeilge". Dáta rochtana: 2023-04-25.
  2. "The Rubberbandits – Limericks most loved" (en-US). I Love Limerick (2016-02-02). Dáta rochtana: 2021-06-26.
  3. "Jokers unmasked as middle-class lads" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-06-26.
  4. "Blindboy from The Rubberbandits introduced the concept of gas c*ntism to the Late Late". www.dailyedge.ie. Dáta rochtana: 2021-06-26.
  5. Kevin McGuire. "Get sprung out with The Rubberbandits". Galway Advertiser. Dáta rochtana: 2021-06-05.
  6. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-01-15. Dáta rochtana: 2010-12-16.
  7. "Rubberbandits win RTÉ Guide IFTA Award" (as en) (2011-02-13). 
  8. "Rubberbandits set for Spirit Store" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-06-06.
  9. "The Rubberbandits at The Peacock, Dublin review - 'many members of the audience are quite literally in pain from laughing'" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-06-13.
  10. Sinead Gleeson. "How Rubberbandits sprang from cult to global hit" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-06-15.
  11. "MTV snap up Irish comic duo the Rubberbandits for new show ViEO" (en). IrishCentral.com (2011-07-15). Dáta rochtana: 2021-06-13.
  12. "The Almost Impossible Gameshow (TV Series 2015– ) - IMDb" . 
  13. "OFFICIAL: The Rubberbandits will make an appearance in Trainspotting 2" (en). JOE.ie. Dáta rochtana: 2021-06-05.
  14. "The Rubberbandits are winning praise for their powerful new song about suicide". www.dailyedge.ie. Dáta rochtana: 2021-06-05.
  15. "Limerick's Blindboy ‘pure happy’ with nomination for prestigious TV award". www.limerickleader.ie. Dáta rochtana: 2021-06-05.