Jump to content

Róisín Seoighe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRóisín Seoighe

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithRos an Mhíl, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, cumadóir amhrán, aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraPopcheol, ceol rithim agus gormacha, sean-nós, ceol tíre agus ceol damhsa leictreonach
TeangachaAn Ghaeilge
UirlisCeol gutha agus giotár
Gradam a fuarthas


Instagram: roisin_seoighe Threads: roisin_seoighe Youtube: UC9N2FO6YunGNk_mcC1iwPUg Youtube: roisinseoighe7476 TikTok: roisinseoighe Soundcloud: roisin-seoighe Spotify: 662IxhOWd2JahsBYlcJ0ig Apple Music: 1468328970 Songkick: 10061903 Deezer: 9546754 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí agus scríbhneoir amhrán í Róisín Seoighe, cainteoir dúchais Gaeilge as Ros an Mhíl.[1] Tá gradaim bainte amach aici dá hobair phearsanta agus don cheol a chruthaíonn sí leis an mbanna ceoil IMLÉ.[2]

Mar príomhamhránaí IMLÉ, déanann sí cumasc de sheánraí éagsúla ina saothar, idir phopcheol, cheol damhsa leictreonach, cheol traidisiúnta, agus cheol rithim ⁊ gormacha. Thosaigh sí ag gabháil don sean-nós i dtús báire agus tá a rian sin le haireachtáil ina cuid ceol i gcónaí. Pléann a cuid liricí le réimse topaicí éagsúla m.sh. cearta teanga, ár gcaidreamh leis an domhan mórthimpeall, agus dóchas á aimsiú in umar an éadóchais.[3]

Chuaigh Seoighe san iomaíocht in Scléip 2018, mar a bronnadh Gradam NÓS uirthi as an amhrán nuachumtha is fearr sa chomórtas. Bhí sí "aitheanta cheana féin mar cheoltóir cumasach" faoin am sin agus ainmniúchán faighte aici ag Gradaim NÓS sa chatagóir Nuíosach na Bliana agus amhrán dá cuid "Sín Do Lámh" ar ghearrliosta don teideal Amhrán na Bliana.[1][4]

Ó shin i leith, is minic í ar liostaí na nGradam. Sa bhliain 2020 ainmníodh dhá amhrán dá cuid, "Geasa" agus "An Teanga Linn" araon sa chatagóir Amhrán na Bliana, agus fuair sí fhéin ainmniúchán le haghaidh Ceoltóir na Bliana.[5] Ansin sa bhliain 2025 bhí sí san iomaíocht arís do Cheoltóir Aonair na Bliana ag an tráth céanna go raibh dhá shingil dá cuid le hIMLÉ "Sláinte" agus "Peacach" ar an liosta d'Amhrán na Bliana.[6]

Ceapadh í ina hOifigeach Pleanála Teanga i nDúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh in 2025. Tá ceantar fairsing Gaeltachta faoina cúram, ceantar a shíneann ó Chonga i Maigh Eo siar beagnach chomh fada leis an gClochán i nGaillimh agus ó thuaidh chomh fada le Partraí taobh amuigh de Bhaile an Róba i Maigh Eo.[2]

Bhí Róisín Seoighe ina ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge 2026.[7]

Tá Róisín Seoighe le clos ag caointeoireacht sa tsraith Martin Scorsese Presents: The Saints.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 "Gradam NÓS buaite ag Róisín Seoighe". NÓS (02 Feabhra 2018). Dáta rochtana: 08 Aibreán 2024.
  2. 1 2 Maitiú Ó Coimín (17 Meitheamh 2025). "‘Is ealaíontóir agus ceoltóir mé, agus tá súil agam an dá rud a úsáid sa phleanáil teanga’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-03-09.
  3. "New Single From IMLÉ and Róisín Seoighe". IMRO (14 Meán Fómhair 2022). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 04 Meitheamh 2023. Dáta rochtana: 08 Aibreán 2024.
  4. "Gradaim NÓS 2018". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 Aibreán 2020. Dáta rochtana: 20 Aibreán 2024.
  5. "Gradaim NÓS 2020". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Aibreán 2024. Dáta rochtana: 20 Aibreán 2024.
  6. "Gradaim NÓS 2025". NÓS (23 Eanáir 2025). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24 Eanáir 2025. Dáta rochtana: 2025-01-24.
  7. Keith Kelly (3 Márta 2026). "‘Online influencers have made Irish a worldwide thing, which is great,’ says sean-nós singer Róisín Seoighe" (en). Irish Independent. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 4 Márta 2026. Dáta rochtana: 4 Márta 2026.