IMLÉ

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
IMLÉ
IMLÉ, Banna ceoil
Tír Flag of Ireland.svg Éire
Gníomhach 2015-
Seánra(í) ceoil deacair a rá
Lipéad/lipéid Gael Linn
Baill Cian Mac Cárthaigh
Fergal Moloney
MC Muipéad
Suíomh gréasáin http://imle.ie/

Banna ceoil is ea IMLÉ. Bunaíodh IMLÉ sa bhliain 2015. Sníomhtar filíocht, rapcheol, rac-cheol agus pop-cheol le chéile i bhfuaim an bhanna ar bhealach úr nach bhfuil a leithéid cloiste in aon áit eile[1], fiú i mBéarla, agus measctha le "hip hop, indie, honky-tonk Chonamara agus corr-dhlaíóg sean-nóis"[2].

Cíorann a gcéad albam ceoil cuid de cheisteanna móra an tsaoil: brí na beatha, ár gcaidreamh leis an bpláinéad agus aimsiú an dóchais san éadóchas. D’eisigh IMLÉ a n-albam début ar lipéad Gael Linn, albam a d’eisigh Gael Linn agus a raibh Karl Odlum mar léiritheoir air. Tá an albam le fáil ar www.gael-linn.ie, i siopaí ceoil, ar iTunes agus ar Spotify.

Baill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eachtraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sheinn IMLÉ ag an

srl.

Chonacthas IMLÉ ar an teilifís:

  • ar an gclár comórtha TG4 XX
  • ar I Lár an Aonaigh ar BBC2 NI

srl.

Gradaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh IMLÉ

  • ‘Amhrán na Bliana’, ‘Albam na Bliana’ agus ‘Banna na Bliana’ ag Gradaim Cheoil NÓS 2017.[3].

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Amhráin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 'Go Deo, Go Deo'. Cuireann na liricí (anseo) an taobh daonna den chogaíocht a chur in iúl. Scéal simplí atá ann: litir ó bhean atá ag scríobh chuig a fear céile atá ag troid sa Chéad Chogadh Domhanda. Tá an bhean ag rá nach bhfuil sí i bhfabhar cogaidh agus gur cheart dó (an fear céile) a bheith sa bhaile leo. Scannánaíodh an físeán i gContae an Dúin. Ba iad Angus Mitchell a stiúir agus an t-amhránaí Gráinne Holland a léirigh. Féach ar 'Go Deo, Go Deo' ar Youtube anseo.
  • IMLE - Críochfort - amhrán - song, Irish band Ireland.jpg
    'Críochfort': Déanann Críochfort plé ar an gcaidreamh casta atá againn mar dhaoine leis an domhan. Tá rudaí diúltacha agus dearfacha ag baint leis, ach sin cuid den tsaoil ina maireann muid. Tá neart faoin saol seo le bheith dóchasach faoi. Fergal Moloney a léirigh, le cóiréagrafaíocht ó Lauren Bamford agus an comharghrúpa 'Hot Zombie': Ann-Marie Brennan, Laurie Keegan, Emma Costello agus Lauren Bamford fhéin. Féach air ar Youtube anseo, agus Vimeo. Ailbhe Ní Riain (Raidió na Life) ag éist leis anseo. Liricí (ancroiait) anseo .

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]