Jump to content

Ríona Sally Hartman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRíona Sally Hartman
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, cumadóir amhrán, file Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraSnagcheol, popcheol agus ceol tíre
UirlisCeol gutha

Suíomh gréasáinrionasallyhartman.com Cuir in eagar ar Wikidata
Instagram: rionasally Youtube: UC758NYlHctqL-VmTCqccBGA Bandcamp: rionasallyhartman Souncloud: riona-sally-hartman Spotify: 2IC8uAPlTqw8A6DiaFTrVj iTunes: ríona-sally-hartman/380651599 Songkick: 10235856 Deezer: 7857964 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí agus cumadóir amhrán Éireannach í Ríona Sally Hartman. Luaitear í mar réalta snagcheoil.[1] Tá cáil ar an gcomhcheol bláfar a bhíonn ina cuid saothar snoite, as míne acústach a cuid amhrán, agus as na scéalta aduaine a bhíonn taobh thiar díobh.[2][3]

Scáileán ollmhór agus daoine seasta os a chomhair. Ar an scáileán tá pictiúr dubh agus bán de bhean, Frida Kahlo, taobh le rósanna agus le blaosc dhaonna, iad lándaite.
Tá amhrán d'ar teidil Frida Kahlo's Delight ar an albam Big Starving Thing.

Tá stíleanna éagsúla le braith ina cuid ceoil, snagcheoil, ceol tíre, agus popcheol ina measc. Is geall le gearrscéalta osréalacha iad a cuid amhrán. Déanann sí tagairt do Frida Kahlo. Cuireadh a cuid amhránaíochta féin i gcomparáid le leithéidí Theo Bleckmann agus Becca Stevens.[3] Ní thógann sí féin ceann de sheánraí mórán, ach ó thaobh an cheoil de deir sí go bhfuil sí faoi anáil chumadóirí a sníomhann nósanna nua na cumadóireachta isteach sa phopcheol, amhail Becca Stevens, Julie Feeney agus Bjork.[4]

I measc na dtograí ceoil atá Hartman i ndiaidh páirt a ghlacadh iontu tá an EP An Bóthar le Mark Ó Loinsigh (2016) mar atá ceol curtha le dánta de chuid Sheáin Uí Ríordáin,[1] IMLÉ (ó 2017 i leith, go háirithe ar an albam Fáilte Isteach),[5][6] agus chuaigh sí ar stáitse Whelan's in éineacht le hInni-K agus SELK mar BAN BAM.[7][2] Deir sí go bhfuil a croí istigh sa Ríona Sally Hartman Band, mar a bhíonn ceoltóirí den scoth ag obair as lámha a chéile léi. Is leothu a thaifid sí an t-albam Big Starving Thing agus an EP Sealegs.[8]

Fógraíodh in 2018 go mbeadh Hartman ar an gcéad Cheoltóir Chónaitheach riamh le Leabharlanna Poiblí Bhaile Átha Cliath, ról a bhí cumadóireacht, cur i láthair, agus ceardlanna i gceist leis.[9]

Ghlac Hartman páirt sa chlár raidió An Seisiún de chuid RnaG (2018), a "thugann dúshlán ceoltóirí amhráin i nGaeilge a chumadh agus a thaifeadadh taobh istigh d’am teoranta i stiúideo ceoil".[10] In 2020 d'eisigh sí Siúl Amach Léi in éineacht le hAindrias De Staic, Colm Ó Snodaigh agus Rónán Ó Snodaigh, chomh maith le Gach Rath, agus Abair Liom. D'eisigh sí an t-amhrán Fód in 2021.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "'An Bóthar' go Seán Ó Ríordáin". NÓS (17 Márta 2016). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Feabhra 2024. Dáta rochtana: 28 Bealtaine 2024.
  2. 2.0 2.1 darren (23 Nollaig 2016). "BAN BAM ft. Inni-K, Ríona Sally Hartman & SELK". Whelan's. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 28 Bealtaine 2024.
  3. 3.0 3.1 Cormac Larkin (29 Bealtaine 2015). "Ríona Sally Hartman: Big Starving Thing | Album Review". The Irish Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 28 Bealtaine 2024.
  4. Ríona Sally Hartman. "FAQ". Ríona Sally Hartman. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 29 Bealtaine 2024.
  5. Sinéad Ní Uallacháin (09 Samhain 2017). "6+ Imeacht Ghaelacha". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 09 Meitheamh 2023. Dáta rochtana: 28 Bealtaine 2024.
  6. Meadhbh Ní Eadhra (14 Meitheamh 2022). "‘Tá níos mó éagsúlachta i gceol shaol na Gaeilge ná mar a bhíodh’". Tuairisc.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 28 Bealtaine 2024.
  7. Sinéad Ní Uallacháin (09 Feabhra 2017). "6 Imeacht Ghaelacha". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 02 Nollaig 2023. Dáta rochtana: 28 Bealtaine 2024.
  8. "Projects". Ríona Sally Hartman. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 29 Bealtaine 2024.
  9. "Ríona Sally Hartman Confirmed As Dublin City Council Musician In Residence". Hotpress (11 Meitheamh 2018). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 29 Bealtaine 2024.
  10. Méabh Ní Thuathaláin (09 Márta 2018). "FUAIM: Thug RnaG 12 uair an chloig do scoth na gceoltóirí trí amhrán Gaeilge a chumadh…". Tuairisc.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 28 Bealtaine 2024.