Frida Kahlo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFrida Kahlo

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(es) Magdalena Carmen Frida Kahlo Calderón
6 Iúil 1907
Cathair Mheicsiceo (Meicsiceo)
Bás13 Iúil 1954
47 bliana d'aois
Cathair Mheicsiceo (Meicsiceo)
Siocair bháisBás nádúrtha (Broinciniúmóine, eambólacht scamhógach agus fleibíteas)
Áit adhlacthaCoyoacán Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Gníomhaíocht
Réimse oibrePéintéireacht agus dialann
Suíomh oibre Cathair Mheicsiceo
San Francisco
Detroit, Michigan
Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpéintéir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach Mheicsiceo (1927–1951) Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraPortráidiú, féinphortráid agus portráid
GluaiseachtOsréalachas agus magic realism (en) Aistrigh
TeangachaAn Spáinnis
GníomhaireArtists Rights Society
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileDiego Rivera (1929–1939), colscaradh
Diego Rivera (1940–1954), bás Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGuillermo Kahlo
SiblínCristina Kahlo
Síniú

IMDB: nm1085710 Twitter: FridaKahlo Musicbrainz: 15bd9f83-0073-432c-b1a4-0c3a6fa1e3b9 Discogs: 2466060 Find a Grave: 18873 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba ealaíontóir cáiliúil í Frida Kahlo (6 Iúil 190713 Iúil 1954). Féachtar uirthi mar cheannrodaí in ealaín nua-aoiseach Mheicsiceo, agus bhí gaol láidir aici lena tír dhúcháis.[1]

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Kahlo i gCathair Mheicsiceo ar an 6ú lá de mhí Iúil, 1907.

Thit polaimiailíteas uirthi agus í 6 bliana d’aois. Dá bhrí sin, bhí a lámh dheis i bhfad níos tanaí ná a lámh chlé.

I mí Meán Fómhar, 1925, tharla timpiste uafásach di agus í ar an mbus ag filleadh abhaile ón gcoláiste. Bhris beagnach chuile cnámh ina corp agus ní raibh sos ón bpian aici le linn a saoil. D’fhág an taisme í briste brúite agus buailte faoi arraing go minic don chuid eile dá saol.

Bhí an-suim aici sa pholaitíocht, go mór mhór sa Chumannachas. Agus í ag freastal ar chóisir de chuid na gCumannaithe sa bhliain 1927, bhuail sí le péintéir eile, Diego Rivera. Phós siad i mí Lúnasa, 1929.[2]

Bhí saol teasaí neamhghnách ag an bheirt. Cé go raibh siad i ngrá le chéile, chaith siad a lán ama ag troid lena chéile. Mhol Diego di éadaí traidisiúnta ó Mheicsiceo a chaitheamh, agus chaith sí a saol go léir sna héadaí seo.[1]

Ba láidir an caidreamh a bhi eatarthu ach bhí sé casta fosta agus suaite agus conspóideach go minic. Dúirt Kahlo go raibh dhá mórthaisme aici ina saol; an taisme bóthair a d’fhág a colainn briste agus Diego Rivera. D’admhaigh sise, áfach, gurbh é Rivera an taisme ba mheasa.[1]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh a sláinte in olcas i 1953 agus bhí uirthi tuilleadh ama a chaitheamh san ospidéal. Dá bhrí sin, d’éirigh sí an-fhéinmharfach. Fuair sí bás ar an 13ú lá de Iúil, 1954. Deirtear gur thóg sí a saol féin. Ina dialann, scríobh sí na focail seo ar an lá roimh a bás:

táim cinnte go mbeidh an deireadh go hálainn agus tá súil agam nach mbeidh gá filleadh ar an áit seo arís.

Ealaín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí a saol crua féin mar ábhar aici ina cuid pictiúir. Rinne sí úsáid as íomhánna urghránna go minic: mar shampla, í san ospidéal, í ina cathaoir rothaí, fuil ag teacht amach as a corp, agus í ag fáil báis fiú.

Dúirt sí nach ndearna sí péintéireacht riamh ar a cuid briongloidi nó ar a cuid tromluithe, ach ar fhírinne a saoil féin. Feictear seo ina cuid féinphortráidí ina bhfuil léiriú gonta gan trua déanta aici uirthi féin agus ar a saol suaite inmheánach.[1]

Thaitin sé léi a bheith ag déanamh cur síos uirthi féin agus mhínigh sí go raibh seo amhlaidh mar gur chaith sí an oiread sin ama ina haonar agus go raibh aithne níos fearr aici uirthi féin ná ar dhuine ar bith eile.

Dúirt Rivera faoi shaothar a mhná gur sampla gan comórtas é d’ealaíontóir a stróic oscailte a brollach agus a croí lena cuid fíormhothúcháin a nochtadh.

Rinne Kahlo liotagraif, píosaí líníochta, collages, grianghrafanna, priontaí le Guillermo Kahlo (athair Frida) agus scannán leis an ealaíontóir Seapánach, Yasumasa Morimura

Frida Kahlo lena fear céile Diego Rivera i 1932, agus éadaí traidisiúnta ón Mheicsiceo á caitheamh aici

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig clú agus cáil ar Kahlo i ndiaidh a báis. Bhí níos mó clú ar Frida Kahlo le linn a saoil mar bhean chéile andúchasach Diego Rivera ná mar ealaíontóir ina cáilíocht féin. Tosaíodh agus críochnaíodh a saol i gCathair Mheicsiceo agus fuair sí aitheantas, de réir a chéile, mar ealaíontóir a rinne ceiliúradh ar thraidisiúin agus ar nósanna dúcháis Mheicsiceo chomh maith leis an chur síos macánta a rinne sí ar an saol crua diachrach a bhí aici féin.[1]

Is féidir cuairt a thabhairt ar an teach ina raibh cónaí ar Kahlo i gCathair Mheicsiceo inniu.[3] Tá Casa Frida Kahlo lonnaithe in Coyoacán i ndeisceart na cathrach. Tá cuid dá pictiúir le feiceáil sa teach mar aon le nithe a bhain lena saol.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Ciara Nic Gabhann (Bealtaine 2011). "Frida Kahlo agus Diego Rivera in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-07-13.
  2. "Frida Kahlo: identity in art" (en-GB). www.europeana.eu. Dáta rochtana: 2022-07-13.
  3. Seanán Ó Coistín. "Meicsiceo Molfach Oscailt súl, down Mexico way..." (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-07-13.