Jump to content

Grianghraf

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An chéad ghrianghraf, 1827

Is éard is grianghraf ann ná íomhá a chruthaítear trí ghníomhaíocht an tsolais ar scannán, páipéar nó braiteoir leictreonach atá solas-íogair.[1]

Titeann solas ar dhromchla fóta-íogair, de ghnáth scannán grianghrafadóireachta nó braiteoir leictreonach íomhánna, mar shampla CCD nó slis CMOS.

Sa lá atá inniu ann, úsáidtear fóin póca chun formhór na ngrianghraf a chruthú. Úsáideann siad lionsa chun tonnfhaid solais infheicthe a dhíriú agus an méid a d’fheicfeadh an tsúil dhaonna a atáirgeadh. Tugtar “grianghrafadóireacht” ar an bpróiseas seo.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Brian Cregan / nationalgallery.ie (2023). "Meán, Ábharthacht & Draíocht Grianghrafadóireacht i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-09. Dáta rochtana: 2026.