Carte de visite

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Samplaí ón Ísiltír, 1865

Is cineál grianghraif bhig é an carte de visite (“cárta cuairte”, Fraincis: [kaʁt də vizit], giorrúchán: CdV). D'fhionn André Adolphe Eugène Disdéri an carte de visite i bPáras sa bhliain 1854. Is ag deireadh na 1860í ba mhó a bhí tóir ar na cártaí neamhchostasacha seo. Bhí 36 stiúideo grianghrafadóireachta i lár chathair Bhaile Átha Cliath faoin mbliain 1868.