Eambólacht scamhógach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gabháil eambólais (réad mínormálta ag imshruthú sa bhfuil) isteach in artairí na scamhóg. An t-eambólas is coitianta is ea téachtán (trombas) ag éirí as réigiún trombóise sa chos. Is féidir go lonnóidh sé sa phríomhartaire scamhógach chun bac iomlán a chur ar shreabhadh na fola do na scamhóga, rud a bheidh ina thrúig thobann báis. Cuireann téachtáin níos lú bac le sreabhadh fola i dteascáin is lú fíocháin sna scamhóga, agus tarlaíonn siomptóim cosúil le giorra anála, pian sa chliabhrach, is smuga fola.