Diego Rivera agus a bhean chéile Frida Kahlo i 1932
Bhí saol crua agus athair foréigneach aige agus é ní b'óige. Dá bhrí sin, d’fhás sé ina fhear foréigneach freisin. Bhí a lán páistí aige freisin ach níor fhán sé i dteagmháil leo. Chuaigh sé go dtí an Fhrainc i 1920 agus bhí an-suim aige sa pholaitíocht, go mór mhór sa Chumannachas. D’fhill sé ar Mheicsiceo agus bhí an-cháil ar a chuid pictiúir. Is féidir a phictiúir agus a mhúrmhaisithe a fheiscint i Meicsiceo, sa Fhrainc agus sna Stáit Aontaithe. Phós sé Frida Kahlo i 1929, agus bhí pósadh callóideach acu. Chruthaigh sé an múrmhaisiú in Ollscoil Mheicsiceo. Tá an múrmhaisiú seo fós ann. D’fhág bás a mhná, Frida, croíbhriste é agus fuair sé féin bás 3 bliana ina dhiaidh sin, i 1957.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.