Snagcheol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Snagbhanna Butch Morris and Conduction ag seinm.

Is cineál ceoil bunaithe i gcultúr Afrai-Mheiriceánach é an snagcheol. Bíonn rithimí láidre ag snagcheol, agus seinntear é le huirlisí faoi leith – an chláirnéid, an sacsafón, an trumpa, na drumaí, pianó go minic. Sa chanadh, is minic a bhíonn focail gan chiall ann, mar shampla “bipití baipití bú”.[1]

Bíonn tobchumadh le fáil go forleathan ann. Ciallaíonn sé seo nach mbíonn an ceol réamhullmhaithe ag na seinnteoirí ach cumann siad é de réir mar a théann siad ar aghaidh (ag leanúint nósanna áirithe).

Ceiliúrtar Lá Idirnáisiúnta an tSnagcheoil[2] ar an 30 Aibreán gach bliain.

Stáit Aontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

azz Five, Féile Ringkøbing Fjord 2014

Thosaigh an snagcheol i Nua-Orleans, Stáit Aontaithe Mheiriceá timpeall na 1920idí. Bhí an-tionchar ag an gcultúr Afrai-Mheiriceánach ar an snagcheol. Dheighil an snagcheol ina chineálacha difriúla ansin. Deirtear uaireanta gurb é an snagcheol "ceol clasaiceach na Stát Aontaithe" nó "an ealaín is dúchaisí de Meiriceá."

“music borrowed from the savages of Africa by the anti-God society, with the object of destroying morals and religion”.[3]
Brian Blade, ceoltóir ó New Orleans, ag seinm drumaí

An snagcheol in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dhein údaráis an raidió, agus fiú an tAire Poist & Teileagraf iarracht cinsireacht a dhéanamh ar na cineálacha ceoil a bhí á chraoladh ar an raidió ag tréimhsí éagsúla, faoi mar a deineadh nuair a reáchtáladh feachtas i gcoinne an tsnagcheoil i rith na 1930idí.[4] Léirítear sa chaint agus sa scríbhneoireacht ón am an bhéim a leagadh ar an gcoimhlint idir an chultúr ‘náisiúnta’ Éireannach agus an ‘eile’; i mórán de déantar ísliú céime den ‘eile’, sa chás seo cultúr an tsnagcheoil, rud a bhí primitíbheach, sean-fhaiseanta, mí-mhórálach, i gcomparáid le huaisleacht an chultúir náisiúnta.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foclóir a bhaineann leis an snagcheol[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. cogg.ie. "Fonn ceoil". Dáta rochtana: 2020.
  2. ""Lá Idirnáisiúnta an tSnagcheoil"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-04-30.
  3. "Down With Jazz (and that sort of thing) | On The Record". www.irishtimes.com. Dáta rochtana: 2020-04-30.
  4. ucc.ie. "de Mórdha, D. 2019. RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cultúr phobal na Gaeltachta". Dáta rochtana: 2020.
  5. "Down with jazz: Anti jazz campaign of the 1930's" (en). RTE.ie. Dáta rochtana: 2020-04-30.
  6. @labhair_liom. "@labhair_liom Instagram post (photo) [30/4 Bhí lá idirnáisiúnta an tsnagcheoil ar an 30ú d’Aibreán 🎷🎺🥁seo daoibh foclóir a bhaineann leis an snagcheol 🤗]" (ga). gramho.com. Dáta rochtana: 2020-04-30.[nasc briste go buan]