Sinéad Ní Uallacháin
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | Baile an Éanaigh |
| Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | iriseoir |
| Fostóir | RTÉ Raidió na Gaeltachta Nós |
| Teangacha | An Ghaeilge |
Is iriseoir, aisteoir, ealaíontóir, podchraoltóir agus láithreoir raidió Éireannach í Sinéad Ní Uallacháin.Tá podchraoladh aici darbh ainm Beo ar Éigean a chuireann sí í i láthair le hÁine Ní Bhreisleáin agus Siún Ní Dhuinn. [1]
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Sinéad Ní Uallacháin i mBaile an Éanaigh, Contae Chiarraí. Rinne sí staidéar ar ealaín agus ar ailtireacht in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath i Sráid Bolton. Tar éis sin, shocraigh sí dul chun bheith ina léiritheoir raidió agus ina craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.[2]
Cuireann Ní Uallacháin seó na seachtaine Sinéad ar Maidin i láthair, agus oibríonn sí ar Cormac ag a Cúig.[3]
Tá sí fós ag úsáid a cuid scileanna ealaíne agus rinne sí na léaráidí sa leabhar An Tíogar agus a Mhadra le Mícheál Ó hUanacháin i measc saothair eile.[4]
Bhí Ní Uallacháin ina breitheamh ar an tsraith Réalta agus Gaolta ar TG4.[5][6] Feidhmíonn Ní Uallacháin san amharclann chomh maith agus sheinn sí i roinnt seónna stáitse.[7][8] San amharclann bíonn sí ag obair go príomha le hAisteoirí Bulfin. Tá sí ar bhord stiúrthóirí Chomharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta (CRÁCT).[9]
Oibreacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leabhair maisithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Tíogar agus a Mhadra, 2014
- Fighting Words, 2014
- Sin Scéal Eile: Gearrscéalta Nuascríofa, 2010
- NÓS
- The Children of the Finca Florencia
Drámaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Campa
- Biffo Béar
- Gur Eile
- Le Luí na Gealaí
- Na Leabhra
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Beo Ar Éigean" (en). RTÉ Podcasts - Beo Ar Éigean. Dáta rochtana: 2026-03-07.
- ↑ Thursday, May 12, 2016 (2016-05-12). "A question of taste - Sinéad Ní Uallacháin" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-01-22.
- ↑ "Sinéad ar Maidin Dé hAoine 31 Bealtaine 2019" (ga). Sinéad ar Maidin. Dáta rochtana: 2020-01-22.
- ↑ "As An Nua á mhaisiú ag ealaíontóir, Sinéad Ní Uallacháin". www.asannua.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-11-02. Dáta rochtana: 2020-01-22.
- ↑ "Meath Chronicle - Meath sisters crowned Ireland's most talented family on TG4’s 'Réalta agus Gaolta" (en). Meath Chronicle. Dáta rochtana: 2020-01-22.
- ↑ "Cork Independent - Family fortunes" (en-gb). Cork Independent. Dáta rochtana: 2020-01-22.[nasc briste go buan]
- ↑ "Sinéad Ní Uallacháin ar 'Irish Playography'". www.irishplayography.com. Dáta rochtana: 2020-01-22.
- ↑ Aidan Dunne. "Five-star review: Domesticity rendered wonderfully weird" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-01-22.
- ↑ "Raidió na Life". www.raidionalife.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-27. Dáta rochtana: 2020-01-22.