Oisín Mac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaOisín Mac
Gníomhaíocht
Gairmrapálaí Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: TheReal_Big_Mac Instagram: oisinmacgiollabhride Souncloud: oisinmcbride Spotify: 6EdlGPBleMObOwvl2ehR9A Cuir in eagar ar Wikidata

Is rapálaí, ceoltóir rapcheol, nó geabaire Gaelach é Oisín Mac, nó Oisín Mac Giolla Bhríde, a dhéanann iarracht sean-chleachtas dúchasach na filíochta siollaí agus stíl ealaíne lucht oibreach chomhaimseartha an Hip Hap a cheangailt le chéile i snaidhm. Is minic é le feiceáil agus le cloisteáil ag reic a chuid rannaireachta radacaigh ar stáitsí timpeall na tíre ag féilte agus ceolchoirmeacha éagsúla. Seinntear a chuid ceoil ar leithéidí Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus an BBC. Anuas air sin, bíonn sé ag reáchtáil ceardlanna ar an bhfilíocht, ar an gceol agus ar an Hip Hap i ngrúpaí óga agus i scoileanna na tíre freisin. Ainmníodh é do ghradaim éagsúla ag Gradaim Ceoil Nós thar na blianta agus tá amhrán dá chuid, An Saol Rúnda ar shiollabas reatha an Teastais Shóiséaraigh. Is as Cill Mhantáin é Oisín ó dhúchas, ach tá sé ag cur faoi i lár Bhaile Átha Cliath le blianta anuas.

Tá Oisín ag cumadh leis le tamall de bhlianta agus is minic ar ardán é ag gigeanna Gaeilge fud fad na tíre, Féile na Gealaí, agus REIC ina measc.

Aithnítear é mar gheall ar a liricí láidre agus a bhlas sainiúil.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Saol Rúnda
  • Meon na hAoise