REIC
Cineál | imeacht féiltiúil ![]() |
---|---|
Bailíocht | 2015 - |
Bunaitheoir(í) | Ciara Ní É ![]() |
Tír | Éire ![]() |
![]() ![]() |
Oíche mhíosúil filíochta ó bhéal is ea REIC a chuir an file Ciara Ní Éanacháin ar bun sa bhliain 2015. Oíche ilteangach a bhíonn i gceist ach is iad an Ghaeilge agus an Béarla is mó a bhíonn le cloisteáil ag an ócáid.
I mBaile Átha Cliath den chuid is mó a chuirtear an ócáid ar siúl ach tá REIC tar éis oícheanta a chur ar siúl i mBéal Feirste, i nDoire agus i nGaillimh freisin.
Ba é GaelGÁIRÍ, oíche fhuirseoireachta Ghaeilge, a spreag Ní Éanacháin leis an ócáid a chur ar bun sa bhliain 2015.[1]
Léirmheasanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí an méid seo le rá ag an bhfile Doireann Ní Ghríofa i dtaobh REIC: "I leith litríocht ó bhéal, feictear dom go bhfuil éacht déanta ag Ciara Ní É le daoine óga a mhealladh chun na filíochta le Reic [...]"[2]
Is mar seo a chuir Aonghus Ó hAlmhain síos ar cheann de na hócáidí luatha in Áras na Scríbhneoirí[3]:
“ | Bhí Áras na Scríbhneoirí ar crith is ag borradh leis an bhfuinneamh a fáisceadh as an bhfocal beo i gcanúintí Gaeilge agus Béarla na tíre. Filíocht ag tarraingt as Grá agus Gruaim, stair agus dóchas an chine dhaonna, filíocht na freacnairce ach í fréamhaithe sa taithí uilíoch.
B’ardú croí dom an ócáid agus tuar dóchais. Tuar dóchais toisc gur léir go bhfuil daoine inár measc i gcónaí a bhfuil máistreacht acu ar ár dteangacha, agus iad ag fuineadh filíochta agus á reic i bhfoirmeacha na linne ach gan oiread is fridín den chúl le cine ná den sodar i ndiaidh na n-uasal eachtrannach ag baint leo. Le bheith ionraic, ardú meanman is údar dóchais a bhí ann cionn is gur slua óg a bhí i láthair – ní baol don éigse agus glúin úr ag déanamh a gcuid féin di. |
” |
Nuálaíochtaí i bhfilíocht na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]
I measc na nuálaíochtaí atá REIC tar éis a aistriú isteach i bhfilíocht na Gaeilge ó shaol an Bhéarla tá filíocht na ngearrthóg[4].
Ba iad Ní Éanacháin agus Eoin P. Ó Murchú a chuir tús leis an gcomhrá #mall8[5] ar Twitter ina ndearnadh mallachtaí nua Gaeilge a chumadh a raibh baint acu leis an teicneolaíocht agus an saol nua-aimseartha.
Rannpháirtithe aitheanta[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Liam Carson
- Alex Hijmans
- IMLÉ
- MC Muipéad
- Lauren Ní Chasaide
- Dairena Ní Chinnéide
- Ciara Ní Éanacháin
- Eva O'Connor
- Eoin P. Ó Murchú
- Rónán Ó Snodaigh
- Séamus Barra Ó Súilleabháin
- Oisín Mac
Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Dáta | Ócáid | Suíomh | Cathair/Contae |
---|---|---|---|
30-03-2017 | REIC - Doire | Sandinos Bar | Doire |
02-03-2017 | REIC | The Generator Hostel | Baile Átha Cliath |
02-02-2017 | REIC | The Generator Hostel | Baile Átha Cliath |
17-11-2016 | REIC | Club Chonradh na Gaeilge | Baile Átha Cliath |
12-10-2016 | Víreas is ea teanga: Language is a virus | Áras na Scríbhneoirí | Baile Átha Cliath |
29-09-2016 | REIC - Béal Feirste | The Crescent Arts Centre | Béal Feirste |
03-09-2016 | EREICtric Picnic | Electric Picnic | Laois |
15-07-2016 | REIC - Gaillimh | Club Áras na nGael | Gaillimh |
28-04-2016 | REIC SCÉAL! | The Generator Hostel | Baile Átha Cliath |
10-03-2016 | REIC - BYOB Bilingual Spoken Word Night | Áras na Scríbhneoirí | Baile Átha Cliath |
10-12-2015 | REIC na Nollag | The Generator Hostel | Baile Átha Cliath |
17-07-2015 | REIC le Séamus Barra Ó Súilleabháin agus John Cummins | The Generator Hostel | Baile Átha Cliath |
14-05-2015 | REIC le Rónán Ó Snodaigh | The Generator Hostel | Baile Átha Cliath |
19-03-2015 | REIC - BYOB Bilingual Spoken Word | Áras na Scríbhneoirí | Baile Átha Cliath |
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Twitter REIC: https://twitter.com/reic
- Facebook REIC: https://www.facebook.com/reic.eire/
- Mise Ciara, blag Chiara Ní Éanacháin, bunaitheoir REIC: https://miseciara.wordpress.com/
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Ní Éanacháin, C. (2017). Agallamh ar Random Acts as Gaeilge. RTÉ, 16 Márta 2017. Ar fáil ar YouTube ag https://www.youtube.com/watch?v=l5tZPIhtcOY
- ↑ Ní Ghríofa, D. in Ní Dhuinn, S. (2017). 'As an Nua Interviews: Doireann Ní Ghríofa'. As an Nua (blag), 23 Eanáir. Ar fáil ag http://www.asannua.com/as-an-nua-interviews-doireann-ni-ghriofa/ (Faighte 9 Aibreán 2017).
- ↑ Ó hAlmhain, A. (2015). 'Dea-scéala le REIC ó Áras na Scríbhneoirí'. Tuairisc.ie, 23 Márta. Ar fáil ag http://tuairisc.ie/dea-sceal-le-reic-o-aras-na-scribhneoiri/ (Faighte 6 Aibreán 2017).
- ↑ Ní Éanacháin, C. (2016). 'Gearrthóga Gaeilge á gCruthú Amárach san Ardchathair'. NÓSmag, 11 Deireadh Fómhair. Ar fáil ag: http://nos.ie/cultur/gearrthoga-gaeilge/ (Faighte 7 Aibreán 2017).
- ↑ Ní Éanacháin, C. (2017). 'Spraoi le Mallachtaí!' Mise Ciara. 11 Feabhra. Ar fáil ag: https://miseciara.wordpress.com/2017/02/11/spraoi-le-mallachtai/