Ciara Ní É
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | Cluain Tarbh, Éire |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Filíocht |
| Gairm | file, láithreoir teilifíse, gníomhaí, blagálaí |
| Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
| Teaghlach | |
| Siblín | Barra Ó hÉanacháin |
Gradam a fuarthas
| |
| Suíomh gréasáin | miseciara.wordpress.com |
Is file, drámadóir, scriptscríbhneoir, stiúrthóir, láithreoir teilifíse, gníomhaí agus blagálaí Éireannach í Ciara Ní É. Is minic a phléann a cuid saothar le taithí na mban, daoine aiteacha agus pobal na Gaeilge.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath í.[1] Bhain sí céim sa Ghaeilge amach sa bhliain 2013 ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.[2] Ina dhiaidh sin, chaith sí bliain i Londain ag obair mar chúntóir eagarthóireachta le Dorling Kindersley.[2] Sa bhliain 2015, bronnadh céim mháistreachta uirthi san ábhar 'Scríobh agus Cumarsáid' ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus bhunaigh sí oíche fhilíochta darb ainm REIC.[2] Thuill sí scoláireacht Fulbright, agus le linn 2017 agus 2018 d'oibrigh sí mar mhúinteoir Gaeilge in Villanova University, Philadelphia.
Ainm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní Éineacháin an sloinne atá uirthi ó cheart ach baineann sí úsáid as an leagan stílithe stáitse Ní É. Ba é an leagan galldaithe a bhíodh in úsáid "oifigiúil" aici roimh 2020, tráth a d'athraigh sí a hainm go Ní Éineacháin go hoifigiúil.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sí ar an liosta ‘100 Women Changing Ireland in 2022’ de chuid an Irish Examiner.[3] Bhí sí ina healaíontóir cónaithe leis an Dublin Fringe Festival in 2022,[4] bhí sí mar Scríbhneoir Cónaithe ag Ollscoil Chathair BÁC 2020[5] agus is ambasadóir í le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann.[6] Tá cainéal Youtube aici áit a roinneann sí a cuid dánta, físeáin faoin nGaeilge agus ábhar eile.[7]
Bhí sí mar láithreoir ar an gclár ‘Ciara Ní É: Saol trí Ghaeilge’ le Aniar TV, a ainmníodh ar ghearrliosta Fhéile na Meán Ceilteach[8] agus Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais.[9] Ise a bhunaigh an oíche filíochta REIC[10] agus tá a cuid filíochta léite aici i Nua-Eabhrac, i Londain, sa Bhruiséil, sa tSualainn, agus timpeall na tíre.[11]
Foilsíodh saothar dá cuid sa díolaim Marrow/Cnámh agus Smior, Washing Windows Too, Queering the Green, agus irisí fearacht Aneas, Icarus agus Comhar. Comhbhunaitheoir an chomharghrúpa AerachAiteachGaelach í,[12] lena comhbhádóir Eoin Mc Evoy. Roghnaíodh togra leo don Abbey 5×5 2020, agus chuir siad dráma chun stáitse mar chuid den Dublin Fringe Festival 2021.[13] Tá sí ag obair le foilsitheoir ar a céad chnuasach filíochta faoi láthair.
Bhuaigh Ní É duais ag Slam Filíochta Liú Lúnasa in 2020 lena dán Smaointe faoi Chíocha agus dá éis sin bhí sí ina moltóir ar an gcomórtas in 2021 agus in 2023.[14][15] Chuaigh sí san iomaíocht arís sa Slam in 2024 agus tháinig an chéad áit.[16] Pléitear a saothair in The Guardian, The Sunday Times agus The Sunday Business Post.
Léiríodh drámaí dá cuid ag an Dublin Fringe, GIAF, Outburst Arts agus eile.
Ealaíontóir Cónaithe UCD a bhí inti sa bhliain 2023, Dublin Fringe sa bhliain 2022, agus DCU sa bhliain 2020. Chaith sí mí san LCB Berlin sa bhliain 2024 le Litríocht Éireann is sa Centre Culturel Irlandais sa bhliain 2025.
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is duine déghnéasach í.[17]
Físdánta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Úsáideann Ciara físeáin chun a saothar a léiriú agus aon cheann déag déanta aici go dtí seo:
- Phenomenal Woman[18]
- My Docs[19]
- Dán Crá[20]
- Six Harcourt Street (An Conradh)[21]
- He’s Just Not That Into You[22]
- An Chéad Nóta[23]
- Ualach[24]
- Geallta[25]
- Taos Fiacla[26]
- Death and Taxes[27]
- Club an Chonartha[28]
Sampla dá saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dán Crá[20]
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Seo dán crá
- Seo dán do na mná a shuíonn ina n-aonar go poiblí
- Seo an dán a phreabann i mo chroí do gach fear gan
- iarraidh
- Fir a fheiceann bean is a fheiceann folús, poll le líonadh
- cuireadh oscailte, beag beann ar a mianta
- Fir nach dtuigeann an difríocht
- Idir cairdiúil agus leithleasach
- Idir ciapadh agus radaireacht
- Idir spraíúil agus bagarthach
- Seo dán crá
- Níl uaim hello a rá
- Níl uaim comhrá
- Níl uaim ligint orm go bhfuil mé ag gáire
- Níl uaim do bhod - Glac an nod - Uaitse níl uaim aon rud
- Níl uaim suí leat
- Níl uaim luí leat
- Níl uaim aon bhaint in aon slí leat
- Níl uaim do bhod - Glac an nod - Uaitse níl uaim aon rud
- Níl uaim deoch
- Níl uaim bheith buíoch
- Níl uaim go gceapfá go bhfuilimid le foc
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Blag: Mise Ciara
- Próifíl ar Eolaire ASG: Ciara Ní É
- Próifíl AAG: Ciara Ní É
- A bhfuil foilsithe aici in Comhar: Ciara Ní É
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cluain Tarbh/Clontarf" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2019-02-25.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Aine McMahon. "‘I was brought up speaking English and I never went to a Gaelscoil’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-02-25.
- ↑ "International Women's Day: 100 women changing Ireland in 2022" (en). Irish Examiner (2022-03-05). Dáta rochtana: 2022-08-30.
- ↑ "Resident Artists: New faces for 2022! | Fringe Festival". www.fringefest.com. Dáta rochtana: 2022-08-30.
- ↑ "Ciara Ní É ainmnithe mar Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge DCU" (en-US). Molscéal. Dáta rochtana: 2022-08-30.
- ↑ Maitiú Ó Coimín. "Ciara Ní É ceaptha ina hambasadóir le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2022-08-30.
- ↑ "Ciara Ní É - YouTube". www.youtube.com. Dáta rochtana: 2022-08-30.
- ↑ "Ciara Ní É - Saol trí Ghaeilge" (en-GB). Celtic Media Festival. Dáta rochtana: 2022-08-30.
- ↑ "2021" (ga). TG4. Dáta rochtana: 2022-08-30.
- ↑ "Reic le Ciara Ní É" (en-GB). Cúirt International Festival of Literature. Dáta rochtana: 2022-08-30.
- ↑ "Ciara Ní É: Gaeilge, Creativity and Self-Expression" (en-GB) (2021-05-17). Dáta rochtana: 2022-08-30.
- ↑ "Ciara Ní É" (en-IE). AerachAiteachGaelach. Dáta rochtana: 2022-08-30.
- ↑ "An Dán ar an Ardán: Ceardlann Filíochta le Ciara Ní É – Irish Language Poetry Workshop at the Fingal Poetry Festival 2022" (en-GB). Fingal Poetry Festival (2022-08-03). Dáta rochtana: 2022-08-30.
- ↑ "Slam Filíochta Liú Lúnasa buaite ag Sinéad Ní Thuamáin". NÓS (29 Lúnasa 2020). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 03 Márta 2024. Dáta rochtana: 01 Meán Fómhair 2024.
- ↑ "Slam Filíochta Liú Lúnasa buaite ag Sinéad Ní Thuamáin". NÓS (29 Lúnasa 2020). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 03 Márta 2024. Dáta rochtana: 01 Meán Fómhair 2024.
- ↑ Liú Lúnasa. "Slam Filíochta 2024". www.instagram.com. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2024.
- ↑ "Instagram". www.instagram.com. Dáta rochtana: 2025-04-04.
- ↑ LadiesFootballTV (2018-09-12). "'Phenomenal Woman' - 'Seó Beo Pheil na mBan le Lidl'".
- ↑ miseciara (2018-02-02). "My Docs – Spoken word video" (en). 's mise Ciara, seo mo bhlag!. Dáta rochtana: 2019-02-25.
- ↑ 20.0 20.1 Irish WritersCtr (2018-12-17). "FÍSDÁN: Dán Crá | Ciara Ní É | REIC".
- ↑ DublinCityLiterature (2017-03-28). "'Six Harcourt Street (An Conradh)' by Ciara Ní É".
- ↑ Ciara Ní É (2017-10-23). "He's Just Not That Into You | Ciara Ní É | Irish poetry".
- ↑ Ciara Ní É (2017-02-27). "An Chéad Nóta | Ciara Ní É | Dán as Gaeilge (Poem in Irish)".
- ↑ Ciara Ní É (2017-04-09). "Ualach | Ciara Ní É | Dán as Gaeilge (Poem in Irish with English translation)".
- ↑ Ciara Ní É (2015-05-18). "Geallta | Ciara Ní É | Dán i nGaeilge (Poem in Irish)".
- ↑ Ó Bhéal (2018-07-10). "Ciara Ní É - Taos Fiacla (Toothpaste) - with English Subtitles".
- ↑ Ciara Ní É (2016-12-04). "Death and Taxes | Ciara Ní É | Dán as Gaeilge (Poem in Irish)".
- ↑ TG4 (2017-01-19). "Dán 'Club an Chonartha' ar Róisín | TG4".