Jump to content

Doireann Ní Ghríofa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDoireann Ní Ghríofa

(2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith29 Aibreán 1981
45 bliana d'aois
Gaillimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreGníomhaíocht liteartha, litríocht, filíocht agus aiste
Suíomh oibre Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmfile, scríbhneoir, scríbhneoir aistí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáindoireannnighriofa.com Cuir in eagar ar Wikidata
Goodreads author: 7279117

File, úrscéalaí agus scríbhneoir aistí is ea Doireann Ní Ghríofa a scríobhann i nGaeilge agus i mBéarla. Rugadh í sa bhliain 1981 i gContae na Gaillimhe agus tógadh i gContae an Chláir í. Faoi láthair tá cónaí uirthi i gCorcaigh.[1]

Tá dánta foilsithe aici ar irisí in Éirinn agus thar lear.[2] Bhuaigh sí duais i gcatagóir na scríbhneoirí nua in Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 2010, agus bhí sí ar an ngearrliosta in dhá chomórtas eile: Siarscéal sna blianta 2011 agus 2012 agus Comórtas Uí Néill sna blianta 2011 agus 2012. Fuair sí sparánacht liteartha ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann.[3]

Bhain Ní Ghríofa cáil idirnáisiúnta amach sa bhliain 2020 nuair a d'fhoilsigh sí a céad úrscéal, A Ghost in the Throat, a fuair ardmholadh ó léirmheastóirí The New York Times agus The Guardian. Bhuaigh sí Leabhar Éireannach na Bliana an Post ina dhiaidh sin don leabhar.[4]

Is ball í den Aosdána.[5]

'To Star the Dark'

Mhínigh sí an áit ina d’fhoghlaim sí an teanga. "Ní raibh Gaelainn sa bhaile againn, is Béarla amháin a bhí againn. Tá beagán Gaeilge ag m’athair agus Gaeilge líofa go leor ag mo Mham ach Béarla amháin a bhí sa bhaile againn. Gan an cinneadh sin, gach seans nach mbeadh Gaeilge agam. Táim an-sásta gur cuirtear chuig an Ghaelscoil sin mé, Gaelscoil Mhichíl Ciosóg in Inis, Contae an Chláir."

... "bhí uaigneas i gceist [in Inis] agus nuair a bhí mé níos óige, shíl mé gur droch rud a bhí ann ach anois ag breathnú siar, déarfainn gur rud maith é agus nach mbéinn i mo scríbhneoir murach an t-éispéireas sin.”[6]

  • Dúlasair (Coiscéim 2012)[8]
  • Dordéan, do Chroí / A Hummingbird, your Heart (Smithereens Press, 2014)[9]
  • Clasp (Dedalus Press, 2015)[10]
  • Oighear (Coiscéim, 2017)[11]
  • Lies (Dedalus Press, 2018)[12]
  • Singing, Still - A Libretto for the 1847 Choctaw Gift to the Irish for Famine Relief (LeAnne Howe mar chomhúdar an leabhair; 2017)[13]
  • A Ghost in the Throat (Tramp Press, 2020)[1][14] in ómós don fhile Eibhlín Dubh Ní Chonaill agus an dán ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire'. 📖🖋
  1. 1 2 "I’m More Interested In The ‘Ish’ Bit Of True-Ish | Interview With Doireann Ní Ghríofa" (en-GB). HeadStuff (2018-11-14). Dáta rochtana: 2020-03-10.
  2. Ennis Bookclub Festival-Doireann Ní Ghríofa http://www.ennisbookclubfestival.com/index.php/doireann-ni-ghriofa Curtha i gcartlann 2014-01-02 ar an Wayback Machine
  3. Irish Writers Online-Ní Ghríofa, Doireann http://www.irishwriters-online.com/ni-ghriofa-doireann/ Curtha i gcartlann 2014-01-01 ar an Wayback Machine
  4. Nuacht RTÉ (2024-09-02). "Aisling Trí Néallaibh Dhoireann Ní Ghríofa" (as ga-IE).
  5. "eZine" (en). University College Cork. Dáta rochtana: 2020-03-10.
  6. eolas (2020-12-15). "Agallamh le Doireann Ní Ghríofa" (ga-IE). Eolas Magazine. Dáta rochtana: 2025-10-26.
  7. "Résheoid Doireann Ní Ghríofa". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2020-03-10.
  8. "Dúlasair Doireann Ní Ghríofa". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2020-03-10.
  9. "Smithereens Press - SP8 Dordéan, do Chroí -- A Hummingbird, your Heart by Doireann Ní Ghríofa". www.smithereenspress.com. Dáta rochtana: 2020-03-10.
  10. "Clasp" (en-GB). Dedalus Press. Dáta rochtana: 2020-03-10.
  11. TG4 (09/01/2017). "Doireann Ní Ghríofa - Imeall".
  12. "Lies, a bilingual selection of poems by Doireann Ní Ghríofa" (en-GB). Dedalus Press. Dáta rochtana: 2020-03-10.
  13. LeAnne Howe. "Famine bonds: Choctaw and Irish poets combine" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-03-10.
  14. admin. "Tramp Press announce their new books for 2020 | Books Ireland" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-03-10.