The Guardian

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de publicacions periòdiquesThe Guardian

Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálnuachtán laethúil
Cárta innéacs
TeangaBéarla
Am tosaigh5 Bealtaine 1821 Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)John Edward Taylor
ÚinéirGuardian Media Group
Áit a fhoilsithean Ríocht Aontaithe
Tréith
Formáid nuachtáintáblóideach
Eatramh foilsithe1 lá
PríomheagarthóirKatharine Viner (en) Aistrigh (2015–) Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirGuardian Media Group Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmniúcháin agus gradaim
Gradaim
Aitheantóirí
ISSN0261-3077 agus 1354-4322
OCLC476290235 agus 60623878

Suíomhtheguardian.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: co0064503 Rottentomatoes: critics/source/205
Facebook: theguardian Twitter: guardian Snapchat: guardian_us Youtube: UCHpw8xwDNhU9gdohEcJu4aA Vimeo: guardianvideo Cuir in eagar ar Wikidata
Ceannáras The Guardian i Londain, Sasana

Nuachtán laethúil náisiúnta sa Ríocht Aontaithe is ea The Guardian. Go dtí 1959, foilsíodh é faoin ainm Manchester Guardian. Nuachtán de chuid an Guardian Media Group atá ann in éineacht le The Observer agus The Guardian Weekly. Is iad The Scott Trust Limited úinéirí an Guardian Media Group; cuireadh ar bun é chun neamhspleáchas The Guardian a chosaint "go deo". Cuirtear na brabúis isteach san iriseoireacht seachas iad a roinnt ar na sealbhóirí.[1]

Is í Katharine Viner eagarthóir The Guardian; tháinig sí ar chomharbas ar Alan Rusbridger sa bhliain 2015.[2][3] Tá leaganacha Briotanacha, Astrálacha (Guardian Australia) agus Meiriceánacha (Guardian US) den nuachtán le fáil ar líne. I mí Lúnasa 2013, scaipeadh isteach is amach le 189,000 cóip den leagan cló den The Guardian ar an meán gach lá, níos lú ná an The Daily Telegraph agus The Times, ach níos mó ná The Independent.[4] I nDeireadh Fómhair na bliana 2014, b'é The Guardian an cúigiú nuachtán is mó léitheoirí ar domhan le 42.6 milliún léitheoirí.[5] Sa Ríocht Aontaithe, léann 9 milliún duine na leaganacha cló agus ar líne de The Guardian.[6]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir John Edward Taylor, ceannaí cadáis i Manchain, an nuachtán ar bun sa bhliain 1821 le tacaíocht ón gCiorcal Beag, grúpa lucht gnó liobrálach sa chathair chéanna.

Eagarthóirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • John Edward Taylor (1821–1844)
  • Jeremiah Garnett (1844–1861)
  • John Taylor (1861–1872)
  • Charles Prestwich Scott (1872–1929)
  • Ted Scott (1929–1932)
  • William Percival Crozier (1932–1944)
  • Alfred Powell Wadsworth (1944–1956)
  • Alastair Hetherington (1956–1975)
  • Peter Preston (1975–1995)
  • Alan Rusbridger (1995–2015)
  • Katharine Viner (2015–)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]