Rapcheol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Snoop Dogg, rapcheoltóir rathúil.

Is é atá i gceist le rapcheolceol hip-hap ná gné den phopcheol a tosaíodh i Stáit Aontaithe Mheiriceá i lár na 1970idí, agus a bhris isteach sa phríomhshruth i rith na 1980idí. Is téarma leathan é seo, ach bíonn dhá thréith bhunúsach le fáil sa stíl seo: an "MC" ag rapáil agus an "DJ" (an ceirneoir) ag casadh na ceirníní. Tréithe eile atá gaolta leis ná an brisdamhsa agus an graifítí. B'iad na daoine óga ón ionchathair a chuir tús leis, na hAfracaigh-Meiriceánaigh agus na Laidinigh-Meiriceánaigh ach go háirithe.

Seachtóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh rapcheol leis na cóisirí chomharsan i Nua-Eabhrac mar malartú traschultúrtha idir daoine óga Afracaigh-Meiriceánaigh, Laidinigh-Meiriceánaigh, agus Afra-Chairibeach. Sheinn ceirneoirí func agus soul agus dioscó. Chun fad a chur leis an ndamhsa, scoith na ceirneoirí na breaks cnagadh agus d'athchraol siad iad agus mheasc siad iad ar na gcaschláir. Thosaigh siad freisin toastáil le linn na breaks, cineál Iamácach na labhartha le linn ceol. Ceannródaí an rapcheoil sa seachtóidí ba ea DJ Kool Herc.

DJ Kool Herc

I 1979, d'éirigh rapcheol móréilimh idir go leor daoine. "Rapper's Delight" leis an Sugarhill Gang ba ea an chéad amhrán rapcheoil an-mhóréilimh.

Seánraí[cuir in eagar | athraigh foinse]