Jump to content

Mionn mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Eascaine[1] nó droch-chaint is ea mionn mór.[2] Tá dhá phríomhchatagóir ann i bhformhór na dteangacha – na mionnaí móra agus na focail ghraosta.

Samplaí de na mionnaí móra is ea iad ‘téigh i dtigh an diabhail’, 'Go dtuga an diabhal coirce dhuit!' ‘in ainm Dé!’ agus ‘ó, a Mhac Dé!’ Is ó chreideamh na ndaoine i nDia (agus sa diabhal) a d’eascair a gcumhacht ar dtús.[3]

Ba iad na mionnaí móra na mallachtaí ba thromchúisí sna Meánaoiseanna. An uair sin ghlactaí leis nár cheart ainm Dé a lua ach amháin i gcás gealltanais shollúnta, nuair a bhí mionna á thabhairt ag duine os comhair Dé go raibh an méid a bhí á rá aige cruinn nó go ndéanfadh sé an méid a bhí geallta aige; ba shárú air sin ainm Dé a thabhairt gan fáth, rud a raibh geis mhór ag baint leis.

Ceapadh gur bhaol beag is fiú a dhéanamh de Dhia nó a chorp a ghortú, fiú, trína ainm a lua gan fáth agus go bhféadfadh an tsochaí titim as a chéile trí mhí-úsáid a bhaint as na mionnaí: faoin gcóras feodach bhí dea-fheidhmiú na sochaí ag brath go mór ar iontaofacht na mionnaí toisc gurb iomaí duine a bhí faoi cheangal acu. Thairis sin, ceapadh go bhféadfaí drochrath a chur ar dhaoine agus ar a ngnóthaí trí ainm an diabhail a lua.[3]

Síceolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deir lucht taighde go bhfuil cneasú péine ann nuair a chuireann duine racht eascainí as. Faigheann an duine faoiseamh as racht eascainí a chur dó, ainneoin an ‘col geise’ atá ann. Áiríonn siad an gníomh san mar leigheas atá saor ó dhrugaí, saor ó chalraí, agus ‘féinchúnamh’ saor in aisce. Ach deirtear le paistí i gcónaí go bhfuil an chaint gharbh mímhúinte, gáirsiúil, tarcaisneach fiú.[4]

Siar sa mbliain 2009 foilsíodh taighde ar an gceangal idir a bheith ag eascainí agus hypoalgesia…leigheas a laghdaíonn íogaireacht an duine i leith na péine. Tástáladh daoine a chuir a lámha in uisce reoite, chomh fada is a d’fhéadfaidís é a sheasamh. Tugadh an rogha dóibh tosnú ag cur na seacht míle mallacht astu nó gan sin a dhéanamh. Thug lucht na droch-chainte an svae leo.[5]

Ní hamháin san, ach i dtaighde a deineadh in 2020, creidtear ní hamháin go laghdaíonn eascainí pian, treisíonn siad suáilceas idir daoine, cuireann feabhas ar chuimhne an duine, agus tugann faoiseamh i gcás an bhriseadh croí a bhaineann le bheith fágtha ar leataobh i gcaidreamh sóisialta.[4]

Anuas ar an méid sin, treisíonn a bheith ag eascainí neart an choirp. Ardaíonn ráta ‘buille an chroí’ agus imíonn sruth aidréanailín tríd an gcorp, beart a sheolann an fhuil i dtreo na matán, chun gnímh. Measann na húdair nuair a bhíonn an duine ag eascainí go dtéann siad isteach i zón éigin ina n-aigne ina mbíonn siad saor ó ‘theorainneacha’ agus dá réir sealbhaíonn siad ‘cumhacht’ nua ar fad.[4]

ag tabhairt an mhéar do dhuine /  an mhéar a shá suas chuig duine

Is minic a úsáidtear mionnaí móra sa Ghaeilge, áit a bhfuil focail ghraosta ann sa Bhéarla. Féach ar an iontráil le haghaidh for fuck’s sake, mar shampla: ‘in ainm Dé, ar son Dé, in ainm Chroim’.[6] Tá an chuma ar an scéal gurb iad na mionnaí móra na mallachtaí is coitianta sa Ghaeilge agus go n-úsáidtear iad de rogha ar na focail ghraosta, mar sin.

Sa 19ú haois, ós rud é gur cuireadh an teanga faoi chois agus gur díbríodh í ó na bailte móra, d’fhan an Ghaeilge ceangailte leis an saol tuaithe réamhthionsclaíoch ar feadh tréimhse níos faide ná go leor teangacha eile.[3]

Is mór idir é seo agus stair Shasana; tháinig náire faoi na feidhmeanna coirp chun cinn níos luaithe sna ceantair uirbeacha sa Bhreatain ar nós Londan ná mar a tháinig faoin tuath. Is cinnte nár éirigh na Gaeil chomh piuratánach leis na Sasanaigh sa tréimhse Victeoiriach. Is cosúil, dá bharr sin, nach raibh na Gaeil chomh tugtha céanna do na sofhriotail i gcúrsaí coirp agus a bhí na Béarlóirí.[3]

Tá maolaithe ar neart na mionnaí móra sa Ghaeilge sa lá atá inniu ann: sin toisc go bhfuil lagaithe ar chreideamh an phobail.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. nó eascainí
  2. i mBéarla, profanityswearing
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 Eoin Ó Cróinín (2023-05-16). "‘Níl aon bhriathar dúchais Gaeilge ann a d’fhreagródh do ‘fuck’ ó thaobh solúbthachta, graostachta, agus forleithne de’" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-06-05.
  4. 4.0 4.1 4.2 Seosaimhín Ní Bheaglaoich (13 Márta 2025). "Bíodh an diabhal acu, tá maitheas le fáil as a bheith ag eascainí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-13.
  5. "Hypoalgesic effect of swearing" (as en) (2024-09-06). Wikipedia. 
  6. focloir.ie. "For fuck's sake". Dáta rochtana: 2025.