Ilteangachas

Cumas dhá theanga nó cúpla teangacha a labhairt is ea an dátheangachas nó an t-Ilteangachas (nó breisteangachas). Má tá duine dátheangach, tá siad in ann dhá theanga a labhairt go líofa, go minic toisc gur fhoghlaim siad an dá theanga sin nuair a bhí siad an-óg.[1] Is ionann duine ilteangach agus duine a labhraíonn nó a thuigeann a lán teangacha.[2]

Buntáistí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léirigh torthaí taighde le fada go raibh buntáistí cognaíocha, teangeolaíocha, acadúla agus sóisialta ann a bheith dátheangach. Ní hamháin sin, ach léirigh taighde le blianta beaga anuas go maireann na buntáistí cognaíocha ar feadh shaol an duine agus gur féidir leis an néaltrú a chur siar.
Cultúr
Buntáiste a bhaineann le bheith dátheangach ná go mbíonn cur amach ag duine ar dhá chultúr ar leith agus ar na luachanna éagsúla a bhaineann leo. Thaispeáin taighdeoirí ar nós Cenoz & Genesee (1998) go mbíonn smaointeoireacht iltreóch níos fearr ag dátheangaigh i gcomparáid le haonteangaigh. Mar sin bíonn siad níos fearr ag réiteach fadhbanna.[3]
Páistí
Aithníonn teangeolaithe go bhfuil an dátheangachas nó an Ilteangachas ina bhuntáiste do pháistí.[4][5][6] Bíonn an tuiscint ar an saol ag gasúir dhátheangacha éagsúil ón tuiscint a bhíonn ag gasúir aonteangacha. Léiríonn taighde[7] gur fearr an tuiscint ag gasúir dhátheangacha ar thréithe an duine daonna ná gasúir aonteangacha.[8]
Bíonn dearcadh ar leith ag páiste dátheangach ar fhocail, dearcadh nach bhfuil ag páiste aonteangach. Tuigeann sí ag aois an-óg go bhfuil níos mó ná bealach amháin chun cur síos ar rud. Toisc go bhfuil dlúth-cheangal idir teanga agus smaoineamh tá tionchar aige seo ar chumas smaointeoireachta an pháiste. Maítear freisin go gcuireann an páiste dátheangach níos mó tábhachta le brí an fhocail agus leis an smaoineamh taobh thiar de ná mar a chuireann sí leis an bhfuaim agus go bhféadfadh sé sin cur lena cumas chun plé le smaointe teibí. Deir na saineolaithe freisin go mbíonn aigne níos solúbtha ag an bpáiste dátheangach agus cumas cruthaíochta níos fearr aici. Toisc go mbíonn ar an pháiste dátheangach cinneadh a dhéanamh go minic cé acu teanga is fearr chun labhairt le daoine áirithe meastar go mbíonn sí níos tuisceanaí agus í ag plé le daoine ná mar a bhíonn an páiste aon- -teangach, agus scileanna sóisialta níos fearr aici dá bharr.[9]
Néaltrú
Cuireann an dátheangachas moill ar an meathlú cognaíoch. Léiríonn taighde gur cosaint ar an néaltrú i seandaoine é an dátheangachas nó ilteangachas.[10] Deir na taighdeoirí go bhfuil an chosúlacht ar na torthaí gur fearr an cumas inchinne atá ag dátheangaigh dul i ngleic leis an meathlú.[11]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Taighde
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cenoz, J. & Genesee, F. (Eds) (1998). Beyond Bilingualism: Multilingualism and Multilingual Education. Clevedon, UK: Multilingual Matters.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "dátheangach - Definition in Irish Gaelic with audio pronunciation for dátheangach by Foras na Gaeilge". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2026-07-15.
- ↑ "ilteangach - Definition in Irish Gaelic with audio pronunciation for ilteangach by Foras na Gaeilge". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2026-07-15.
- ↑ forasnagaeilge.ie (Samhain 2017). "Anailís ar Mhúnlaí Soláthair Gaelscolaíochta: Tuairisc Thaighde" (ga-IE). Dáta rochtana: 2026.
- ↑ Comhluadar agus Máiréad Ní Chinnéide. "Ag tógaíl clainne le Gaeilge: Treoirleabhar do thuismitheoirí". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Cad é an Dátheangachas? (Comhairle do Thuismitheoirí) - béarla" (ga). vTomb. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-19. Dáta rochtana: 2021-01-16.
- ↑ cogg.ie. "Tumoideachas - bua nó dua ?". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-09. Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Maitiú Ó Coimín. ""Leanaí dátheangacha níos tuisceanaí faoi éagsúlacht daoine eile" ...staidéar a rinne lucht taighde ón Ollscoil Concordia (a foilsíodh ar 15 Eanáir 2015)" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-16.
- ↑ "How speaking multiple languages changes your brain – DW – 05/05/2025" (en). dw.com. Dáta rochtana: 2025-05-05.
- ↑ Máiréad Ní Chinnéide. "Ag tógaíl clainne le Gaeilge : Treoirleabhar do thuismitheoirí" (ga-IE). Dáta rochtana: 2026.
- ↑ "Bilingual brain: Why learning another language could slow brain ageing" (en). RTE Radio (2026-07-15). Dáta rochtana: 2026-07-15.
- ↑ Tuairisc.ie (2020-03-30). "‘Is cosaint ar an néaltrú an dátheangachas’ – staidéar nua" (ga-IE). Scéal.ie. Dáta rochtana: 2026-07-15.