Jump to content

Féile na Gealaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFéile na Gealaí
Cineálféile cheoil Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2016 - 
SuíomhRáth Chairn, Éire Cuir in eagar ar Wikidata, An Ghaeltacht, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainman Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Seánrarac-cheol, ceol hip hap agus ceol tíre traidisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinfeilenagealai.com Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: FeilenaGealai Instagram: feilenagealai Youtube: feilenagealai87 TikTok: feilenagealai Bandcamp: feilenagealai Cuir in eagar ar Wikidata


Is féile cheoil agus ealaíne í Féile na Gealaí a dhéanann ceiliúradh ar chultúr comhaimseartha na Gaeilge. Bíonn an uile chineál ceoil le cloisteáil ag an bhféile champála seo, ina measc pop, rac, reigé, punc, traidisiúnta agus rap. Is i Ráth Chairn i gcroílár Ghaeltacht Laighean a bhíonn sí ar siúl gach bliain, thar trí lá i Mí an Mheithimh.[1]

I measc na n-imeachtaí eile a bhíonn ar siúl seachas ceol bíonn filíocht le REICIMRAM, ióga, damhsa, ceardlanna amhránaíochta, agus ceardlanna teanga i nGaeilge na hÉireann agus i nGaeilge na hAlban.[2] Eagraíonn baill d'AerachAiteachGaelach imeachtaí Bród. Chuir GaelGÁIRÍ gig grinn ar siúl in 2022 agus 2023 le leithéidí Julie Jay.[1] An fuirseoir Tadhg Hickey a bhí ag déanamh seó grinn in 2024.[3]

Ón tús, tá "an nasc le hAlbain i gcónaí iontach tábhachtach" do lucht eagraithe na féile idirnáisiúnta seo.[1] Na céadta duine a bhíonn ag triail uirthi ó gach cearn d'Éirinn, thar Shruth na Maoile ó Albain, ó Mhanainn, ón mBreatain Bheag, ó Shasana, agus ó áiteanna nach iad. Bíonn "fuinneamh, cairdeas agus suáilceas le mothú as an slua" ag an bhféile.[4]

Chuir Edel Ní Churraoin agus Hannah Ní Bhaoill tús léi in 2016 agus tá sí ann mar thoradh ar an obair chrua a dhéanann an coiste deonach a eagraíonn í bliain i ndiaidh bliana.[4]

Tháinig na ceannródaithe rac Gaeilge Na Fíréin "ar ais le chéile arís do cheolchoirm eisíoch" ag an bhféile in 2024.[3]

Gradaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Féile na Gealaí a chrú an duais i gcomhair Fhéile na Bliana ag Gradaim NÓS beagnach gach bliain go dtí gur cuireadh deireadh leis, an bhliain inar bunaíodh an fhéile san áireamh. An t-aon bhliain amháin nár bhuaigh sí, fuair sí ainmniúchán. Vóta poiblí a bhíodh i gceist leis an ngradam sin.[2][5]

Taisteal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eagraítear bus díreach go dtí na Féile ó Chlub an Chonartha i mBÁC ar an Aoine.[6] Déantar amhlaidh ó Bhéal Feirste uaireanta.[7]

Téann bus 188 go dtí Ráth Chairn ó Dhroichead Átha tríd an Uaimh, bailte a bhfuil nascanna acu le Béal Feirste agus le BÁC.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Caoimhe Ní Chathail (15 Meitheamh 2022). "Féile na Gealaí: Scoth an cheoil agus na sluaite Gael ag damhsa". Irish Independent (Seachtain). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 03 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 03 Meitheamh 2024.
  2. 2.0 2.1 Aodh Mac Ruairí (15 Bealtaine 2020). "Féile na Gealaí". colmcille.net. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 06 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 06 Meitheamh 2024.
  3. 3.0 3.1 "Féile na Gealaí i Ráth Chairn Glas Gréine na Mí". RTÉ (16 Bealtaine 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 03 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 04 Meitheamh 2024.
  4. 4.0 4.1 "‘An slua is mó go dtí seo’ ag Féile na Gealaí agus na Gaeil ag tarraingt ar Ráth Chairn glas na Mí". Irish Independent (2023-06-14). Dáta rochtana: 2024-06-03.
  5. "Gradaim NÓS 2020". NÓS. Dáta rochtana: 06 Meitheamh 2024.
  6. "Bus chuig Féile na Gealaí ó Chlub Chonradh na Gaeilge". Eventbrite. Dáta rochtana: 05 Meitheamh 2024.
  7. Foireann NÓS (05 Meitheamh 2018). "Bus BÁC go Féile na Gealaí lán go béal!". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Nollaig 2018. Dáta rochtana: 05 Meitheamh 2024.