Jump to content

Dorn san Aer

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDorn san Aer
Map
 55° 03′ 03″ N, 8° 14′ 08″ O / 55.050941°N,8.235626°W / 55.050941; -8.235626
Cineálféile cheoil Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2024 - 
SuíomhGaoth Dobhair, Éire Cuir in eagar ar Wikidata, an Ghaeltacht, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainman Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Seánrarac-cheol, ceol hip hap, reigé, ceol na hÉireann, func, snagcheol agus popcheol Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáindornsanaer.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: Dorn-San-Aer-61560842832925 X: DornSanAer Bluesky: dornsanaer.bsky.social Instagram: dorn_san_aer Cuir in eagar ar Wikidata
Stionsal dubh de dhorn
Rosc gnímh le Rónán Mac Aodha Bhuí ab ea "dorn san aer" chun misneach a mhúscailt sna Gaeil

Féile cheoil é Dorn san Aer i nGaoth Dobhair. Cuirtear ar siúl é thar trí lá i Mí Mheán Fómhair, le ceiliúradh a dhéanamh ar shaol agus ar oidhreacht Rónáin Mhic Aodha Bhuí. Tá ainm na Féile bunaithe ar mhana spreagúil Mhic Aodha Bhuí.[1] Beidh sé ar siúl don dara bhliain as a chéile idir 26-28 Meán Fómhair 2025.[2]

Cuireann Dorn san Aer ardán agus fáilte roimh mheascán craiceáilte de ghrúpaí agus d’imeachtaí i rith an deireadh seachtaine: rac, hip-hop, traid-leictreach, ceol Gaelach, ska, reggae, miotal, chomh maith le cainteanna spreagúla, imeachtaí teaghlaigh, comórtas ‘Cath na mBannaí’, Racadamh agus go leor eile.

Tar éis gur cuireadh an fhéile ar siúl den chéad uair go rathúil, bhí Áine Ní Bhreisleáin ag dréim nach mbeadh ann sin ach tús.[3] I Mí Lúnasa 2025 fógraíodh go raibh an dara bhliain de Dhorn san Aer ar na bacáin. Beidh ar a laghad 20 banna ceoil ag glacadh páirt i mbliana, ina measc an banna miotail as Albain Gun Ghaol,[4] Bréag, Grooveline, Huartan, Macdara Ó Faoláin, Ceann Gólaim, Dysania, Ramper, Piaras Ó Lorcáin agus An Crann Óg.[2]

Oscailt oifigiúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an gníomhaí cearta sibhialta Bernadette McAliskey a d'oscail an fhéile go hoifigiúil in Amharclann Ghaoth Dobhair den chéad uair riamh sa bhliain 2024, á rá gur sheas Rónán Mac Aodha Bhuí "leis an duine a raibh leatrom déanta orthu agus rinne sé obair deich nduine leis an teanga a chothú agus a neartú".[5][3]

Is í Ambasadóir na Palaistíne go hÉirinn, an Dr. Jilan Wahba Abdalmajid a osclós an fhéile i mbliana, rud a dhéanfaidh sí in Araibis le hateangaireacht chomhuaineach go Gaeilge.[2][6]

Radharc ar aghaidh na hamharclainne
Bhí Amharclann Ghaoth Dobhair ina príomhionad amháin de chuid na féile

Bíonn imeachtaí ar siúl i dtrí ionad: Amharclann Ghaoth Dobhair i lár na paróiste, Teach Hiúdaí Beag "croílár spioradálta an Chabaret Craiceáilte", agus Ionad Cois Locha atá faoi bhun na hEaragaile. San ionad mór sin bíonn ceol á chasadh ar cheithre stáitse: An Príomhstáitse, Stáitse Chúl an Tí, Stáitse Chath na mBannaí, agus Stáitse Ghéill Slí.[6]

I measc na daoine a bhí ag ceol ag an bhféile tá:[7]

Cath na mBannaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh ardán do bhannaí agus ceoltóirí nuálacha dul san iomaíocht le chéile agus a gcuid ceoil a chur os comhair an tslua, agus airgead mór le buachan.[8]

An bhfuil tú i do réabhlóidí ceoil? An bhfuil tú i mbanna ceoil nó an ceoltóir thú? Cuir isteach ar chomórtas Chath na mBannaí mar chuid d'Fhéile Dhorn San Aer.

Ba iad a bhain an chéad duais sa bhliain 2024 ná Earthmover as an gCabrach.[3][9]

Imeachtaí eile

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh dráma grinn cliste faoi "Na Glúine Briste", grúpa geabairí, ar an ardán i 2024. Ógánaigh as An Chrannóg a bhí i mbun an dráma, iníon Rónáin féin ina measc.[3]

Is "acadamh don cheol nua-aimseartha" atá sa Racadamh ina mbíonn aíonna speisialta i mbun "ceardlanna do cheoltóirí agus meantóireacht do dhaoine atá ag dul i mbun na ceirde."[2] Ar na daoine atá tar éis máistir-ranganna a chur ar fáil ann faoi cheird na scríbhneoireachta ceoil agus faoi thaifead agus léiriú ceoilMarcus Mac Conghail, Cian Mac Carthaigh ó IMLÉ, agus Robert Mulhern ó Tuath agus ó Súil Amháin a bhí i mbun na máistir-ranganna.[10]

Ceol ar an Loch

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceolchoirmeacha dlútha le haoicheoltóirí speisialta i mbád ar thuras i gciúnas Loch Dhún Lúiche faoi scáth na hEaragaile.[6]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léitheoireacht bhreise

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Scoth na gceoltóirí ag féile nua in ómós don chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí". Seachtain (2024-06-26). Dáta rochtana: 2024-07-02.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 "Féile cheoil in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí le reáchtáil i nGaeltacht Dhún na nGall arís i mbliana". Tuairisc.ie (2025-08-06). Dáta rochtana: 2025-09-07.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Áine Ní Bhreisleáin (02 Deireadh Fómhair 2024). "Bhí Rónán linn ag Dorn san Aer, ina choimeádaí craice agus comhluadair". Seachtain: lch 5. 
  4. Olaf Furniss and Derick Mackinnon (17 Lúnasa 2025). "Under the Radar: Gun Ghaol" (as Béarla). The Scotsman. 
  5. "Féile Dorn San Aer in ómós do Rónán le titim amach faoi scáth na hEaragaile". NÓS (2024-06-26). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 2024-07-02.
  6. 6.0 6.1 6.2 Storm Eaton-Kilgallen (13 Lúnasa 2025). "Beidh an Dorn san Aer ag na Gaeil arís eile le scoth na siamsaíochta". Seachtain: lch 4. 
  7. "Féile Dorn San Aer". Dorn San Aer. Dáta rochtana: 2024-07-02.
  8. "Cath na mBannaí". Dorn San Aer. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 08 Meán Fómhair 2024. Dáta rochtana: 19 Meán Fómhair 2024.
  9. "Cath na mBannaí, Feile Dorn San Aer.". RTÉ Raidió na Gaeltachta (2024-10-01). Dáta rochtana: 2025-09-06.
  10. "Dorn San Aer - Gaoth Dobhair - 2024". Dorn San Aer. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24 Meán Fómhair 2024. Dáta rochtana: 24 Meán Fómhair 2024.