Bernadette Devlin (McAliskey)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
"Fidel Castro i mini-skirt", mar a dúirt polaiteoir UUP W. Stratton Mills

Rugadh Josephine Bernadette Devlin McAliskey (Gaeilge: Seosaimhín Bearnairdín Ní Dhoibhilin Nic Conuisce, Bernadette Devlin McAliskeyBernadette McAliskey mar a ghlaotar uirthi uaireanta) ar 23 Aibreán 1947 sa Chorr Chríochach, Contae Thír Eoghain. Tá cáil uirthi mar an bhean is óige le bheith tofa i bParlaimint na Breataine. [1]

Faoi láthair, tá sí ag obair le Clár Cumasaithe Thír Eoghan Theas a oibríonn ar son cearta oibrithe imircigh i dTuaisceart Éireann. [2]

Tús a saoil[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh Bernadette ar 23 Aibreán 1947 sa Chorr Chríochach, Contae Thír Eoghain. Ba í an tríú páiste a rugadh do John James Devlin agus Elizabeth Bernadette Devlin (seisear paistí acu san iomlán). Fuair athair Bernadette bás nuair a bhí sí naoi mbliana d’aois agus chaill sí a máthair chomh maith naoi mbliana i ndiaidh sin agus í ocht mbliana déag d’aois. D’fhreastail sí ar Acadamh Naomh Phádraig i nDún Geanainn, Co. Thír Eoghain agus lean sí ar aghaidh lena saol acadúil in Ollscoil na Banríona, áit a ndearna sí staidéar ar an tsíceolaíocht. Caitheadh amach ón ollscoil í ina bliain dheireanach mar gheall ar a rannpháirtíocht le People’s Democracy[3].

Bernadette Devlin agus Rita Hynes, Omagh Courthouse

Tús a saoil polaitíochta[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ar 5 Deireadh Fómhair 1968 d’eagraigh an Cumann Cearta Sibhialta Thuaisceart Éireann máirseáil ag agóid i gcoinne leithcheal ar Chaitlicigh. Dar le Bernadette, d’aithrigh an máirseáil sin agus an méid a tharla ann a tuairimí faoi chúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éireann, "Until then I thought of policemen as the ones who kept the rowdy drinkers in line at my grandmother's pub." Mhaígh daoine áirithe go raibh siad ag iarraidh trioblóid a chruthú leis na póilíní ach deir Bernadette go raibh sí ann ar bonn síochána amháin. Thuairisc sna nuachtáin gur rinne Constáblacht Ríoga na hÉireann ruadhar le bataí ar na daoine a raibh ag máirseáil ach dar léi, "this wasn't a baton charge...This was a pent-up hatred. This was naked violence. This was three or four men with long cudgels standing over someone on the ground and hitting and hitting them. [4]

Bernadette Devlin ag Cath Thaobh an Bhogaigh

I ndiaidh a bhfaca sí ar an lá sin, ghlac sí páirt i mbunadh fheachtas radacach na mac léinn agus eagraíocht cearta sibhialta People’s Democracy. Mar a deir sí féin "the beginning of it all. I can still see, in my mind, the absolute hatred on the faces of police officers. My understanding of the society I was in was irrevocably changed." Tharraing an feachtas seo go leor aird orthu féin ó na meáin sa Tuaisceart ach go háirithe. Glaodh ‘Castro in a mini-skirt’ uirthi sna meáin agus péinteáladh múrmhaisiú di ar thaobh tí in ‘Doire Saor’. Ag an am sin, bhí sí sa bhliain deirí dá céim sa tsíceolaíocht ach caitheadh amach ón ollscoil í de bharr a róil leis an bhfeachtas.[5]

Teachta Parlaminte[athraigh | athraigh vicithéacs]

Níor chuir sé seo stop léi agus lean Bernadette ar aghaidh le ról níos gníomhaí a ghlacadh sa troid ar son cearta na gCaithliceach sa Tuisceart. Tar éis gur theip uirthi ina céad iarracht a bheith tofa in Olltoghchán Thuaisceart Éireann i gcoinne James Chichestre-Clark, d’éirigh léi áit a fháil i bparlaimint na Breataine in 1969 ag seasamh do na Sóisialaigh.

Nuair a fuair George Forrest, ionadaí an Meán-Uladh, bás ag deireadh 1968 phioc an Pháirtí Aontachtach a bhaintreach, Anna Forrest, le seasamh ina áit san fhothoghchán a tharlódh mar thoradh ar a bhás. Faoin am sin, bhí páirt lárnach ag Bernadette in People’s Democracy agus roghnaíodh í mar ionadaí Unity don taobh náisiúnach. D’éirigh léi tromlach sásúil a fháil leis an bhfothoghchán a bhuachan ar an 17 Aibreán 1969.[6].

Múrmhaisiú in "Doire Saor"

Agus í ag glacadh lena suíochán don chéad uair ar a dara breithlá is fiche, ba í an duine is óige le beith tofa don Pharlaimint go dtí sin. Is í fós an bhean is óige le bheith ina Teachta Parlaiminte. [7] Ar a céad lá thug sí faoi a céad óráid chomh maith nach uair ón am a thosaigh sí. Rinne an Teachta Parlaiminte Coimeádach Sir Norman St John Stevas cur síos ar an óráid mar ‘electrifying’.[8]. Deirtear gur thuig air-Uachtarán na Stáit Aontaithe Bill Clinton go raibh sé ag iarraidh a bheith ina pholaiteoir tar éis a céad óráid a chloisteáil [9].

Na Trioblóidí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cath Thaobh an Bhogaigh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ghlac Bernadette páirt i gCath Thaobh an Bhogaigh i mí Lúnasa 1969 a rinne iarracht na póilíní a choinneáil amach ó thaobh Caitliceach an Bhogaigh. Go luath i ndiaidh, thaisteal sí go dtí na Stáit Aontaithe, áit ar chas sí le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus ar thugadh eochracha chathair Nua Eabhrac di. [10] Thug sí na heochracha sin do Pháirtí an Phanthair Dhuibh. Nuair a tháinig sí ar ais go Tuaisceart Éireann, gabhadh í agus cuireadh pionós sé mhí i bpríosún uirthi mar gheall ar an ról ar ghlac sí i gCath Thaobh an Bhogaigh. [11]

Ceithre mhí dhéag ina dhiaidh di an fothoghchán a bhuacán, tharla toghchán eile i Meán-Uladh. Faoin am seo, buíochas le Cath Thaobh an Bhogaigh agus an seal ar chaith sí i bpríosún bhí prófíl níos airde ag Bernadette sa cheantar agus bhí an tromlach de 6,000 vóta aici. Cé gur sheas sí le Unity le linn an toghcháin, bheartaigh sí go suífidh sí sa Pharlaimint mar Shóisialach Neamhspleách. Sa bhliain chéanna, scríobh sí a dírbheatháisnéis The Price of My Soul faoi fhréamhaí a gníomhaíochais agus staid na sochaí i dTuaisceart Éireann agus í ag fás aníos [12].

Domhnach na Fola[athraigh | athraigh vicithéacs]

I mí Eanáir 1972, bhí Bernadette ar tí óráid a thabhairt do dhaoine ag máirseáil i nDoire nuair a thosaigh an Reisimint Parasiútach ag scaoileadh urchar ar an slua a bhí i láthair ag marú ceithre duine dhéag. Tháinig aithne ar an lá seo mar Domhnach na Fola.[13] An lá dar gcionn agus í ag éisteacht leis an Rúnaí Baile, Reginald Maudling, ag rá go raibh an reisimint ag gníomhú ar bonn féinchoisint, bhuail sí é ag screadáíl ‘Murderous Hypocrite’[14].

An Páirtí Sóisialach Poblachtach[athraigh | athraigh vicithéacs]

Níor éirigh le Bernadette an toghchán in 1974 a bhuachan. Faoin am seo bhí roinnt mhaith tacaíochta Caitlicigh caillte ag Bernadette mar gur rugadh iníon neamhdhlisteanach di (agus don fhear a phósfaidh sí i gceann cúpla bliana) in 1971.[14] Ach bhí Bernadette agus a fear chéile Michael McAliskey (in éineacht le Seamus Costello) ina mbunaitheoirí den Pháirtí Sóisialach Poblachtach. Scair siad ón gcuid oifigiúil de Sinn Féin leis an bpáirtí sóisialach seo a thosú.

Bhí Bernadette ar Fheidhmeannas Náisiúnta an pháirtí in 1975. Ach d’éirigh sí as nuair a chaill togra a mhol go mbeadh an INLA faoi réir an pháirtí. Ghabh sí páirt le Páirtí Neamhspleách Sóisialach in 1977 ach scoir siad an bhliain dár gcionn. [15]

Toghchán Pharlaimint na hEorpa[athraigh | athraigh vicithéacs]

I 1979, sheas Bernadette McAliskey sa toghchán do Pharlaimint na hEorpa de bhun tacaíocht a thabhairt do na príosúnaigh a bhí i mbun agóide agus bhain sí amach 5.9% den vóta i dTuaisceart Éireann, cé gur iarr Sinn Féin go ndéanfaí baghcat ar an toghchán seo.

Cath Thaobh an Bhogaigh

Stailc Ocrais[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí ról ag Bernadette san fheachtas H-bhloc a thosaigh sna seachtóidí nuair a cuireadh deireadh le stádas phríosúnaigh polaitíochta a thabhairt do Náisiúnaithe i bpríosún.

Sheas sí mar iarrthóir neamhspleách ar son príosúnaigh ar agóid shalach agus ar agóid blaincéid i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa in 1979. Bhuaigh sí 5.9% den vóta.

Ba í an príomh-urlabhraí ar an bhfeachtas Smash H-Block a thug tacaíocht don stailc ocrais in 1980 agus 1981. [16] I 1980/1981, bhí díospóireacht i measc náisiúnaithe agus poblachtaigh faoi cén duine ba chóir a chur san iomaíocht sa toghchán Westminister 1981. Dúirt Austin Currie ó Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP) go mbeadh suim aige féin dul san iomaíocht agus dúirt Bernadette McAliskey agus deartháir Frank Maguire, Noel, go mbeadh suim acusan freisin dul ar aghaidh. I ndiaidh idirbheartaíochta agus bagairtí intuigthe a bheith déanta ar Noel Maguire, socraíodh gan an vóta náisiúnach a scoilt trí dhul san iomaíocht sa toghchán. Sheas Sands mar iarrthóir Frith H Bhloc i gcoinne Harry West, an t-iarrthóir a chuir Páirtí Aontachtach Uladh chun cinn.

Lámhach Dílseora[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ba bheag nár maraíodh í in 1981 nuair a rinne an Cumann Cosanta Uladh iarracht í a fheallmharú. Briseadh isteach sa teach teaghlaigh acu amach faoin tuaithe. Scaoileadh dhá urchair ar a fear chéile Micheál. Bhí Bernadette gortaithe sa leis, lámh agus sa chliabhrach nuair a chuaigh sí leis na páistí a dhúiseacht. Gabhadh triúir i ndiaidh.[17]

Stailc Ocrais

Toghcháin Dháil Éireann[athraigh | athraigh vicithéacs]

Níos déanaí ina saol, shead Devlin i dtoghchán Dháil Éireann. In 1982, theip uirthi faoi dhó a bheith tofa sa thoghcheantar Bhaile Átha Cliath Thuaidh-Lár.[18]

Na Stáit Aontaithe[athraigh | athraigh vicithéacs]

In 2003, diúltaíodh cead di taisteal go dtí na Stáit Aontaithe agus seoladh abhaile í cé gur thaisteal sí chuig an tír go minic roimhe seo. Dúradh léi gur bagairt tromchúiseach a bhí inti do chúrsaí slándála sna Stáit Aontaithe. Tugadh an sé mhí ar chaith sí i bpríosún tar éis Cath Thaobh an Bhogaigh mar chúis leis. [19]

Saol Pearsanta[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bernadette Devlin, Amstardam, 1986

Phós Bernadette le Michael McAliskey (múinteoir) in 1973. Tá triúr páistí acu: Róisín Elizabeth McAliskey, Deirdre McAliskey agus páiste eile.[12] Rugadh Róisín dóibh sular phós siad, rud a chaill go leor tacaíochta do Bhernadette ó Chaitlicigh sa Tuaisceart.[14]

Gabhadh a hiníon Róisín McAliskey (a bhí ar thoircheas ag an am) sa Ghearmáin in 1996 ar chúis ceangal amhrasta leis an IRA agus go háirithe le buamáil ar Dhún Arm na Breataine. Labhair Bernadette go láidir ar son a hiníne leis na meáin. [14]

Faoi láthair, tá McAliskey ag obair leis an gClár Cumasaithe Thír Eoghan Theas (STEP), bunaithe in 1997 atá lonnaithe in Geanainn agus a oibríonn ar son cearta oibrithe imircigh i dTuaisceart Éireann.

Ag an bhFéile Scannánaíochta Cannes in 2008, fógraíodh go ndéanfar scannán faoi a saol darb ainm ‘The Roaring Girl’. Cuireadh deireadh leis an smaoineamh tar éis gearán ón mbean í féin. [14]

References[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Johnson Lewis, Jone. "Bernadette Devlin", About.com. Retrieved on 28 August 2013
  2. . Bernadette McAliskey: Return of the Roaring Girl [1], The Independent. Retrieved on 13 August 2013
  3. "Bernadette Devlin" (Johnson)
  4. Bernadette McAliskey: Return of the Roaring Girl, independent.co.uk
  5. Bernadette McAliskey: Return of the Roaring Girl, independent.co.uk
  6. BBC: On this Day. "1969: Devlin is youngest ever woman MP", news.bbc.co.uk. Retrieved on 16 August 2013
  7. Northern Ireland Elections. "A Brief History of Northern Ireland Westminister Elections", ark.ac.uk. Retrieved on 13 August 2013
  8. "1969: Devlin is youngest ever woman MP"
  9. Bernadette McAliskey: Return of the Roaring Girl, independent.co.uk
  10. "Bernadette Devlin Denied Entry into the US"
  11. Bernadette McAliskey: Return of the Roaring Girl, independent.co.uk
  12. 12.0 12.1 "Bernadette Devlin"
  13. "Bernadette Devlin Denied Entry into the US" Counterpunch
  14. 14.0 14.1 14.2 14.3 14.4 Bernadette McAliskey: Return of the Roaring Girl
  15. CAIN: A Chronology of the Conflict. "A Chronology of the Conflict", CAIN Web Service. Retrieved on 13 August 2013
  16. Progressive. "Bernadette Devlin", Academic Search Complete. Retrieved on 13 August 2013
  17. Beresford, David. "Devlin is 'very ill' after shooting", www.theguardian.com. Retrieved on 28 August 2013
  18. Elections Ireland. "Bernadette McAliskey", www.electionsireland.org. Retrieved on 18 August 2013
  19. Flanders, Laura. "Bernadette Devlin Denied Entry into the US", www.counterpunch.org. Retrieved on 18 August 2013