Imirce (daonra)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Póstaer rialtais na Seapáine ag cur Meiriceá Theas chun cinn mar sprioc imirice am éigin go luath san fhichiú haois

San antraipeolaíocht agus sa tsocheolaíocht, gluaiseacht daonra taobh istigh de thír nó idir tíortha is ea imirce. Gluaiseacht isteach i gcathracha is mó a bhíonn san imirce intíre, de thoradh fordhaonra is bochtanais faoin tuath agus deiseanna níos fearr a bheith ar fáil sna cathracha. Tarlaíonn imirce idirnáisiúnta de bharr na gcúiseanna céanna, bagairtí polaitiúla ar mhionlaigh, agus/nó cogaíochta. Bíonn deacrachtaí ar leith nuair nach bhfaigheann inimircigh cead cur fúthu sa tír eile. I dtíortha forbartha, tarlaíonn iompú daonra, oiread inmheasta imirce daoine amach as cathracha isteach sa tuath máguaird.