Jump to content

Cumann Cosanta Uladh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCumann Cosanta Uladh
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrUDA Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálparaimíleatach Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaDílseachas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodhMeán Fómhair 1971

Is grúpa paraimíleata[1] dílseach i dTuaisceart Éireann é Cumann Cosanta UladhCCU (Béarla: Ulster Defence Association, nó UDA). Bunaíodh é i Meán Fómhair 1971 mar scáthghrúpa do ghrúpaí dílseoirí éagsúla[2] agus thug sé faoi fheachtas armtha ar feadh beagnach 24 bliain mar rannpháirtí sna Trioblóidí. An sprioc a bhí aige, mar dhea, ná ceantair dhílseachta Phrotastúnacha a chosaint,[2] agus dul i ngleic leis an bpoblachtánachas, go háirithe an tIRA Sealadach. Sna 1970idí, chuaigh baill den CCU ar patról go hoscailte sna ceantair seo agus smachtíní ar iompar acu, agus d'eagraigh siad mórshiúlta agus slógaí móra. Bhí grúpa ann laistigh de CCU a raibh sé de chúram orthu ionsaithe paraimíleata a dhéanamh a d’úsáid an t-ainm Ulster Freedom Fighters (UFF) ionas nach gcuirfí cosc ar CCU. Chuir rialtas na Breataine cosc ar an UFF mar ghrúpa sceimhlitheoireachta i mí na Samhna 1973, ach níor cuireadh cosc ar CCU féin go dtí Lúnasa 1992.[3][4]

Bhí CCU freagrach as níos mó ná 400 bás. Ba shibhialtaigh Chaitliceacha Éireannacha formhór na n-íospartach,[5][6][5] a maraíodh go randamach, mar dhíoltas as ionsaithe de chuid an IRA ar Phrotastúnaigh.[7][8] I measc na n-ionsaithe a rinne an grúpa tá Sléacht Annie's Bar, an t-ionsaí ar Reilig Bhaile an Mhuilinn, lámhach na ngeallghlacadóirí Sean Graham agus James Murray, dúnmharuithe Charraig Ceasail, dúnmharuithe Paddy Wilson agus Irene Andrews, agus sléacht Rising Sun. I dTuaisceart Éireann a tharla formhór na n-ionsaithe, ach ó 1972 ar aghaidh, rinne CCU buamálacha i bPoblacht na hÉireann freisin. D’fhógair siad sos comhraic i 1994 agus chuir siad deireadh lena bhfeachtas in 2007, ach lean cuid dá mballraíocht ar aghaidh le foréigean.[9]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mulholland, Marc.
  2. 2.0 2.1 "A history of the UDA". BBC News. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Iúil 2017.
  3. Proscribed terrorist groups or organisations”. Home Office. Dáta rochtana: 24 December 2021.
  4. 'A History of the UDA' BBC News.
  5. 5.0 5.1 Sutton Index of Deaths: Crosstabulations”. Conflict Archive on the Internet (CAIN). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24 Márta 2016. Dáta rochtana: 15 Márta 2011.
  6. Wright-Neville (2010). "Dictionary of Terrorism". Polity. “Between the late 1960s and 2007, the UDA carried out more than 250 killings, the victims of which were mainly Catholic civilians.” 
  7. Nelson (1984). "Ulster's Uncertain Defenders: Loyalists and the Northern Ireland Conflict": 117–127. Belfast: Appletree Press. 
  8. "Ireland: 'Many of Belfast's most deadly acronyms are now back in action'". The Independent. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 20 Deireadh Fómhair 2017.
  9. "UFF given the order to stand down". BBC News. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Lúnasa 2017.