Austin Currie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Austin Currie
Austin Currie 2014 (cropped).jpg
ball de Thionól Thuaisceart Éireann 1973–74


Toghchán: toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 1973
ball de Thionól Thuaisceart Éireann 1982–89


Toghchán: 1982 Northern Ireland Assembly election (en) Aistrigh
Ball de Pharlaimint Thuaisceart Éireann

Bealtaine 30, 1964 - Márta 30, 1972
Joe Stewart (en) Aistrigh
Dúiche: East Tyrone (en) Aistrigh
Teachta Dála

Meitheamh 29, 1989 - Samhain 5, 1992
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1992
Teachta Dála

Nollaig 14, 1992 - Bealtaine 15, 1997
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1992
Teachta Dála

Meitheamh 26, 1997 - Aibreán 25, 2002
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1997
Saol
Ainm iomlán Joseph Austin Currie
Eolas breithe Dún Geanainn, 11 Deireadh Fómhair 1939
Náisiúntacht Éire
Teanga dhúchais An Ghaeilge
Bás Derrymullen (en) Aistrigh, 9 Samhain 2021
Oideachas
Alma mater Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
Acadamh Naomh Pádraig, Dún Geanainn
Teangacha An Béarla
An Ghaeilge
Gairm
Gairm polaiteoir
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochta Fine Gael

Iarpholaiteoir agus iarghníomhaí cearta sibhialta sa Tuaisceart ab ea Austin CurrieAibhistín Ó Comhraí (11 Deireadh Fómhair 1939 - 9 Samhain 2021),[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Austin Currie a chuid oideachais i nDún Geanainn i gContae Thír Eoghain agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Ó 1964 go dtí 1972, bhí sé ina Fheisire Parlaiminte i Stormont.

Bhain Austin Currie cáil amach i 1968 nuair a chuir sé in aghaidh chinneadh na n-údarás áitiúil i gCo Thír Eoghain teach cónaithe a chur ar fáil do bhean shingil. Bhí an bhean, 19 mbliain d'aois, ag obair do pholaiteoir aontachtach, cé gur mhó an riachtanas a bhí ar theaghlaigh Chaitliceacha sa cheantar.[2]

SDLP logo.svg

Ina dhiaidh sin, i 1970, bhí Austin Currie ar dhuine de bhunaitheoirí an SDLP in éindí le John Hume, Ivan Cooper, Gerry Fitt, Paddy Devlin agus Paddy O'Hanlon. Bhí sé ina bhall den Tionól, Tuaisceart na hÉireann, idir 1973 - 1975.

Fine Gael logo 1970s.jpg

Chuaigh sé chun cónaithe i gCo Chill Dara sna hochtóidí agus bhí sé ina iarrthóir ag Fine Gael i dtoghchán na hUachtaránachta i 1990.

Toghadh ina Theachta Dála i mBaile Átha Cliath é agus bhí sé ina Aire Stáit i ranna éagsúla idir 1994 agus 1997.

Chaill sé a shuíochán san olltoghchán in 2002 agus d'éirigh sé as an bpolaitíocht.

Bhí cúigear clainne air, a n-iníon an Seanadóir Emer Currie ina measc.[2]

Omós[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Austin Currie bás ina chodladh ag a theach cónaithe i nDoire an Mhuillinn i gCo. Chill Dara ar 9 Samhain 2021, agus é ina 82 bhliain.[3] Tá sé curtha in Éadan na dTorc[4] i dTír Eoghain.

Dúirt an tUachtarán, Micheál D. Ó hUigínn, ar bhás Austin Currie, "Tá polaiteoir tiomanta, macánta, an-dúthrachtach caillte ag Éirinn, fear a raibh ionchur suntasach aige i saol an iliomad daoine ar fud na hÉireann le linn gairmréim éagsúil agus dhúshlánach."[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Civil rights activist Austin Currie dies aged 82" (as en) (2021-11-09). 
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2021-11-10). "Ómós tugtha don iarpholaiteoir Austin Currie a bhásaigh inné" (as ga). 
  3. Nuacht RTÉ (2021-11-12). "Sochraid 'fathach na gcearta sibhialta' Austin Currie" (as ga). 
  4. "Éadan na dTorc/Edendork" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-11-15.
  5. Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2021-11-10.