Gerry Fitt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGerry Fitt
Beathaisnéis
Breith9 Aibreán 1926
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Lúnasa 2005
79 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Theach na dTiarnaí
14 Deireadh Fómhair 1983 – 26 Lúnasa 2005 (bás in oifig)
Ball den 48ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
22 Samhain 1979 – 13 Bealtaine 1983 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Béal Feirste Thiar
Ball den 48ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
3 Bealtaine 1979 – 22 Samhain 1979 (an páirtí a fhágáil)

Toghcheantar: Béal Feirste Thiar

Ball den 47ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
10 Deireadh Fómhair 1974 – 7 Aibreán 1979 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Béal Feirste Thiar

Ball den 46ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
28 Feabhra 1974 – 20 Meán Fómhair 1974 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Béal Feirste Thiar

Ball den 45ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
24 Lúnasa 1970 – 8 Feabhra 1974 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Béal Feirste Thiar
Ball den 45ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
18 Meitheamh 1970 – 24 Lúnasa 1970 (joining party (en) Aistrigh)

Toghcheantar: Béal Feirste Thiar

Ball de 44ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe
31 Márta 1966 – 29 Bealtaine 1970 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Béal Feirste Thiar

Ball de Thionól Thuaisceart Éireann 1973–74


Ceannaire den Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre
Ball de Pharlaimint Thuaisceart Éireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileSusan Gertrude Anne Doherty (1947–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJoan Fitt, Betty Fitt, Patsy Fitt, Eileen Fitt, Geraldine Fitt Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 11715721 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba pholaiteoir as Tuaisceart Éireann é Gerard "Gerry" Fitt, nó Barún Fitt of Bell's Hill, (9 Aibreán 192626 Lúnasa 2005). Bhí sé i measc na ndaoine a bhunaigh an SDLP (Páirtí Sóisialach Daonlathach an Lucht Oibre) sa bhliain 1970.[1][2]

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Fitt i mBéal Feirste. Fuair sé a chuid oideachais ó na mBráithre Críostaí. Chaith sé na blianta idir 1941 agus 1953 i sheirbhís an chabhlaigh. Bhíodh cónaí ar Fitt i mBóthar na bhFál, agus sheas sé mar ionadaí don bhóthar ar son pháirtí lucht oibre sa bhliain 1956. Fuair Paddy Devlin, ó Pháirtí Lucht Oibre na hÉireann an ceann is fearr air, áfach.

Sa bhliain 1958, toghadh Fitt do Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste mar bhall de Pháirtí Lucht Oibre na hÉireann. Sa bhliain 1962, bhuaigh sé suíochán i Stormont.

San olltoghchán Westminster sa bhliain 1966, bhuaigh Fitt an suíochán in iarthar Bhéal Feirste.

SDLP[cuir in eagar | athraigh foinse]

Westminster

D'úsáid Fitt a shuíochán i Westminster chun fadhbanna i dTuaisceart Éireann a chuir os chomhair na Breataine. Ba MP comhbhraiteach é a bhí i láthair ag an agóid cearta daonna i nDoire ar an 5 Deireadh Fómhair 1968. Chloígh Constáblacht Ríoga Uladh Fitt an lá sin, i measc daoine eile.

Thug Fitt tacaíocht do Bernadette Devlin sa bhliain 1969.

I mí Lúnasa 1970 bhí Fitt mar an chéad cheannaire ar pháirtí nua, Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP). Bunaíodh an SDLP tar éis comhráite sa nGaeltacht i dTír Chonaill idir John Hume, Austin Currie, Paddy O’Hanlon, Paddy Devlin agus Gerry Fitt. Ba é Gerry Fitt an ceannaire mar gurbh é an polaiteoir ba shinsearaí díobh, an t-aon Fheisire Parlaiminte in Westminster ina measc.[3]

Ghlac an SDLP páirt i Westminster (rud nach ndearna Sinn Féin).

Titim amach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tiarnaí, Westminster

Bhí síorcháineadh ar a ceannaireachtaagus b'fhéidir nach raibh bua na ceannaireachta ag Fitt, san áit chontráilte ag an am contráilte.[1] De réir a chéile, thit Fitt amach lena pháirtí, le náisiúnaigh, agus le rialtas na Breataine. Sa bhliain 1979 staon Fitt ó vóta tábhachtach i Westminster; thit an rialtas Lucht Oibre as chumhacht agus tháinig Margaret Thatcher agus na Toraithe isteach.

Sa bhliain 1980 cuireadh John Hume ina áit mar cheannaire, agus d'fhág Fitt an páirtí.

Sa bhliain 1981 bhí Fitt in aghaidh na Stailceanna ocrais sa phríosún Maze i mBéal Feirste.

I mí na Bealtaine na bliana 1983, chaill Fitt a shuíochán do Gerry Adams.

Fuair Fitt bás ar an 26 Lúnasa 2005, 79 bliain d'aois, de bharr galair croí. Bhí ceathrar iníon aige.

Féach freisin  [cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Michael A. Murphy (2007). "Gerry Fitt: A Political Chameleon" (as en). Dufour Editions. 
  2. "Fighting Fitt: The Gerry Fitt Story" (en). Goodreads. Dáta rochtana: 2022-08-26.
  3. Póilín Ní Chiaráin (2020). "Cúis cheiliúrtha ag an SDLP agus iad 50 bliain ar an bhfód" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-26.