Gerry Adams
Is polaiteoir Éireannach é Gerry Adams (Gaeilge: Gearóid Mac Ádhaimh). Saolaíodh é ar an séú lá de Mhí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1946 i mBaile Uí Mhurchú, Béal Feirste. Tá sé ina Theachta Dála don dáilcheantar An Lú (agus Oirthear na Mí.) Ba Uachtarán Shinn Féin é go dtí Feabhra 2018 nuair a d'éirigh sé as an ról agus toghadh Mary Lou McDonald ina hUachtarán ar an pháirtí.[1]



Saol polaitiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’éirigh sé gníomhach i ngluaiseacht na gceart sibhialta sna 1960idí, agus bhí sé gníomhach i bhfeachtais in aghaidh an idirdhealaithe maidir le cúrsaí tithíochta.
Rinneadh é a imtheorannú in 1972. I Mí Iúil sa bhliain 1972 scaoileadh saor é chun bheith páirteach i gcainteanna rúnda i Londain. Tar éis a athghabhadh, rinne sé iarracht éalú ach cuireadh i bpríosún é.
Ar an 21 Deireadh Fómhair 1982, toghadh Adams (agus Martin McGuinness) ar Chomhthionól Uladh. Baineadh geit as muintir na Bunaíochta[2].
Sa bhliain 1984 scaoileadh agus gortaíodh go dona é in ionsaí a rinne grúpa dílseacht a bhí ag obair i gclaonpháirteachas le forásaí faisnéise na Breataine.
Bhí Adams ina uachtarán ar Shinn Féin idir 1983-2018. Chomh maith leis sin, b'fheisire é i bParlaimint na Ríochta Aontaithe idir 1983-1992 agus arís idir 1997-2011. Ba chomhalta den Tionól Reachtach é i dtuaisceart na hÉireann idir 1998-2010. Ba Theachta Dála é thar ceann Chontae an Lú idir 2011-2020. D'éirigh sé as a ról mar ionadaí tofa in 2020.
Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 2025 san ArdChúirt i mBÁC, bhí sé curtha i leith an BBC ag Adams go ndearnadh clúmhilleadh air nuair a tugadh le fios gurbh é Adams a d'ordaigh marú iaroifigeach sinsearach de chuid Shinn Féin, Denis Donaldson.[3][4]
Shéan Adams freisin gurbh eisean an t-oifigeach sinsearach de chuid an IRA a scaoileadh saor ón géibheann le páirt a ghlacadh i gcainteanna chun sos cogaidh a phlé.
Shéan Adams chomh maith gurbh eisean an t-oifigeach sinsearach de chuid Bhriogáid Iarthar Bhéal Feirste an IRA a ndearnadh tagairtí dó i miontuairiscí cruinnithe le hoifigigh de chuid rialtas na Breataine sa bhliain 1972. Shéan sé go ndearna sé ionadaíocht ar an IRA le linn na gcruinnithe sin agus dúirt sé nach mbeadh sé sásta plé a dhéanamh ar "thuairimí" faoi cén daoine a bhí san IRA - nó cé a bhí i gceannas ar an IRA – in iarthar Bhéal Feirste i 1972, nó ag aon am eile.[3]
Leabhair le Gerry Adams
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Falls Memories, (1982)
- The Politics of Irish Freedom, (1986)
- A Pathway to Peace, (1988)
- An Irish Voice
- Cage Eleven, (1990)
- The Street and Other Stories, (1992)
- Free Ireland: Towards a Lasting Peace, (1995)
- Before the Dawn, 1996, Brandon Books, ISBN 0-434-00341-7
- Selected Writings
- Who Fears to Speak...?, 2001(Original Edition 1991), Beyond the Pale Publications, ISBN 1-900960-13-3
- An Irish Journal, (2001), Brandon Books, ISBN 0-86322-282-X
- Hope and History, (2003), Brandon Books, ISBN 0-86322-330-3
- A Farther Shore, (2005), Random House
- An Irish Eye, (2007), Brandon Books
- An tSráid agus Scéalta Eile Tiontú Gaeilge ar Street and Other Stories, (1992)
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Gerry Adams ar shuíomh gréasáin Shinn Féin Curtha i gcartlann 2015-05-23 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Eoin Ó Murchú (2018). "Laoch mór ár linne é Gerry Adams" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-28.
- ↑ Féach ar nuacht BBC ar Youtube
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2025-05-06). ""Níl mé sásta tuairimí a phlé maidir le cé a bhí san IRA" - Adams" (as ga-IE).
- ↑ Lámhachadh agus maraíodh Denis Donaldson sa bhliain 2006, roinnt míonna i ndiaidh dó a admháil gur ghníomhaigh sé mar bhradadóir leis na poilíní agus le M15 ar feadh breis agus scór bliain.